Mná tí ag súil le lán tí scoláirí arís agus na coláistí samhraidh le hathoscailt in 2022

Tuairiscítear go bhfuil éileamh maith ar go leor de chúrsaí Gaeltachta 2022 agus cúrsaí áirithe lán cheana féin i gcás roinnt coláistí

Mná tí ag súil le lán tí scoláirí arís agus na coláistí samhraidh le hathoscailt in 2022

Tá coláistí samhraidh agus Roinn na Gaeltachta ag pleanáil don samhradh seo chugainn ar an dtuiscint go mbeidh na coláistí Gaeltachta ar ais mar a bhí agus lán tí arís ag lucht lóistín.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers gur “ar an mbunús agus an tnúthán” go mbeidh na coláistí samhraidh á n-athoscailt in 2022 atá a Roinn “ag feidhmiú” faoi láthair.

Tá coláistí samhraidh ag pleanáil ar an mbonn céanna agus é ráite ag cuid acu le mná tí agus fir tí cheana gur féidir leo a bheith ag súil le lán tí scoláirí ar chúrsaí an tsamhraidh seo chugainn.

Tuairiscítear chomh maith go bhfuil éileamh mór ar chuid mhaith de na cúrsaí agus cuid de na cúrsaí lán cheana féin i gcás coláistí áirithe.

I gcásanna coláistí áirithe bhí deacrachtaí teicneolaíochta acu lena gcórais ar líne toisc an brú a cuireadh orthu nuair a tosaíodh ag glacadh le háirithintí.

Meastar go bhfuil fonn ar leith ar thuismitheoirí i mbliana a gcuid páistí a sheoladh chun na Gaeltachta agus dhá bhliain caite ag baile acu.

Tá dóchas na Roinne agus na gcoláistí bunaithe ar an scéal go mbeidh an tsnáthaid faighte ag na déagóirí a bheidh ag freastal ar chúrsaí na bliana seo chugainn agus ar an dtuiscint go mbeidh cúrsaí níos fearr ó thaobh an ghalair ach a mbeidh geimhreadh eile curtha dínn againn.

Cuireadh na cúrsaí Gaeilge ar ceal i mbliana don dara bliain as a chéile de dheasca na paindéime.

Timpeall 26,000 scoláire a fhreastalaíonn ar na coláistí samhraidh gach bliain agus timpeall 700 teaghlach Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil dóibh.

Fógraíodh pacáistí faoisimh anuraidh agus i mbliana do mhná tí na Gaeltachta agus do na coláistí samhraidh féin mar chúiteamh ar na cúrsaí a bheith ar ceal.

In 2020 íocadh €3.1 milliún le húdaráis an 42 coláiste samhraidh agus cuireadh €1.6 milliún ar fáil do na mná tí.

I mbliana cuireadh ciste €2.2 milliún ar fáil do na mná agus fir tí a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí a thagann go dtí an Ghaeltacht sa samhradh ag foghlaim na Gaeilge agus ciste €1.7 milliún a cuireadh ar fáil mar airgead cúitimh do na coláistí féin.

Ciste €240,000 a fógraíodh do na hallaí pobail i mbliana.

Fág freagra ar 'Mná tí ag súil le lán tí scoláirí arís agus na coláistí samhraidh le hathoscailt in 2022'