Misneach ag na Connachtaigh ag dul go Béal Feirste…

Sárchluiche atá i ndán dúinn ach sa mbaile a bheidh na hUltaigh

Misneach ag na Connachtaigh ag dul go Béal Feirste…

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Níl amhras ach go bhfuil foirne bainistíochta rugbaí na gceithre chúige an-sásta go bhfuil áit i gCorn na gCuradh an séasúr seo chugainn cinntithe acu agus deireadh tagtha le réamhbhabhtaí chomórtas Pro 14 na bliana seo. D’éirigh sin leo mar gur chríochnaigh siad ar fad sa tríú háit nó níos airde i nGrúpaí A agus B.

De bhrí go raibh na Laighnigh ar bharr Ghrúpa B tá siadsan cinnte go mbeidh siad sna cluichí leathcheannais a bheas á n-imirt faoi cheann coicíse. Ach tá ar na trí chúige eile a chríochnaigh, Cúige Mumhan agus Cúige Uladh, a bhí sa dara háit ina ngrúpaí, agus Cúige Chonnacht, a bhí sa tríú háit, imirt sna babhtaí ceathrú ceannais an Satharn seo.

Beidh buntáiste an bhaile ag na foirne a bhí sa dara háit, Mumhain agus Ulaidh agus beidh siad i gcoinne na bhfoirne a chríochnaigh sa tríú háit, Connachta ó Ghrúpa A agus Treviso na hIodáile ó Ghrúpa B.

Is é an cluiche i bPáirc Thuamhan is túisce a bheas á imirt an Satharn seo agus is deacair teacht ar aon duine atá ag tabhairt seans na ngrást do na cuairteoirí, Treviso. Cinnte, tá éacht damanta déanta ag Treviso i dtéarmaí stádas an chluiche san Iodáil. Níor éirigh le haon fhoireann ón Iodáil cluichí ceathrú ceannais an chomórtais seo, ná aon chomórtas eile go deimhin, a bhaint amach go dtí seo, agus tá ardmholadh tuillte acu dá bharr sin. Mar sin féin níl sé ach cúpla seachtain ó chas na foirne seo ar a chéile i mBabhta 20 den chomórtas agus bhí an lá leis na Muimhnigh (37- 28) i gcluiche a imríodh san Iodáil. Cuir san áireamh freisin an cháil iontach atá ar na Muimhnigh agus iad ag imirt sa mbaile agus beidh léargas agat ar an dúshlán ollmhór atá roimh Treviso. Is iad na Muimhnigh a bheas in uachtar ag deireadh an chluiche seo agus is iad a bheas san iomaíocht i gcoinne na gcuradh, Cúige Laighean, sna babhtaí leathcheannais faoi cheann coicíse.

Níl sé chomh héasca toradh an chluiche idir na hUltaigh agus na Connachtaigh a thuar. Is cinnte go mbeidh na Connachtaigh ag taisteal go Béal Feirste agus a ndrible in airde acu. Chas na foirne seo ar a chéile faoi dhó an séasúr seo agus bhí an lámh in uachtar ag foireann na Gaillimhe ar an dá ócáid fiú sa gcluiche a imríodh i mBéal Feirste (22-15).

Mar sin féin tháinig feabhas mór ar na hUltaigh ón lá sin agus bhí an bua acu ar Chúige Laighean. Ar an taobh eile den scéal, chaill na Connachtagh i gcoinne na Muimhneach an deireadh seachtaine seo caite, cé gur fiú a mheabhrú gur thug Andy Friend scíth dá chéad rogha imreoirí cé is moite d’Aki, O’Halloran agus Marmion don chluiche sin i gcoinne na Mumhan.
Is cinnte go mbeidh sárchluiche againn agus go mbeidh dian-iomaíocht ann. Cluiche é a bheas thar a bheith fisiciúil leis. Táim ag ceapadh gur le foireann an bhaile a bheas an lá. Ach ní bheidh tada eatarthu agus ní féidir an tríú bua do na Connachtaí ar na hUltaigh a chur as an áireamh ach oiread.

Fág freagra ar 'Misneach ag na Connachtaigh ag dul go Béal Feirste…'