Míreanna aitheantais nua ag TG4 bunaithe ar ‘Spite Feamainne’ agus go leor eile

Deir TG4 go gcuireann na míreanna nua a thaispeánfar roimh thús cláir le ‘féiniúlacht’ an stáisiúin 

Míreanna aitheantais nua ag TG4 bunaithe ar ‘Spite Feamainne’ agus go leor eile

Tá míreanna aitheantas nua atá bunaithe ar sheanfhocail agus nathanna cainte Gaeilge á seoladh inniu ag TG4.

Deir TG4 go gcuireann na míreanna nua a thaispeánfar roimh thús cláir le “féiniúlacht” an stáisiúin Ghaeilge agus gur léiriú físe iad ar mhana an stáisiúin ‘Súil Eile’. 

Sé mhír nua, nó stoing, atá i gceist agus iad bunaithe ar nathanna cainte sa Ghaeilge. Spite Feamainne, Lá na Scolb, Ní hé lá na báistí, Gloine, Cúinne an Ghiorria, agus Léim Sráide téamaí na míreanna.

Deir TG4 gur léiriú comhaimseartha iad na míreanna aitheantais ar thírdhreach na hÉireann agus bua scéalaíochta mhuintir na hÉireann. 

Is é an comhlacht Red Bee, a bhfuil obair déanta acu do Disney, DreamWorks agus Netflix, a rinne an tsraith míreanna a chruthú i gcomhar le foireann TG4. D’fhostaigh RTÉ Red Bee chun athbhrandáil a dhéanamh ar RTÉ 2.

Dúirt Stiúrthóir Cruthaitheach TG4, Seán Cathal Ó Coileáin gur branda ilmheán atá anois ag TG4. Dúirt sé go n-oibreodh na míreanna nua ar gach ardán ach go gcuirfidís i láthair freisin “an fhéiniúlacht” a bhí riamh ag an stáisiún.

Dúirt Jane Fielder, Stiúrthóir Cruthaitheach Red Bee Creative gur thaitin sé go mór leo a bheith ag obair le TG4 agus mhaígh sí gur éirigh leis an dá dhream “coincheap cruthaitheach nuálach a sholáthar”.

Tá na míreanna aitheantais do bhranda nua TG4 le feiceáil ar TG4 ón lá inné amach. Is féidir iad a fheiceáil anseo ar chainéal YouTube TG4.

Fág freagra ar 'Míreanna aitheantais nua ag TG4 bunaithe ar ‘Spite Feamainne’ agus go leor eile'