Míorúiltí á ndéanamh ag Sleacht Néill ach cuma na maitheasa ar na Piarsaigh

Tá Piarsaigh Luimnigh i gcoinne Shleacht Néill as Doire i bPáirc Parnell tráthnóna agus tabharfaidh Cuala as Baile Átha Cliath aghaidh ar chumann Liam Uí Mhaoilíosa na Gaillimhe i Staid Semple

Míorúiltí á ndéanamh ag Sleacht Néill ach cuma na maitheasa ar na Piarsaigh

Imreoir na bPiarsach, David Brian. INPHO/James Crombie

Tá sos an deireadh seachtaine seo ag na hiománaithe idirchontae . Dar ndóigh, tá séasúr na gclubanna sinsearacha agus na gcoláistí faoi lán seoil agus an ceann scríbe beagnach sroichte.

Tá na ceithre fhoireann shinsir is fearr sa tír ag imirt um thráthnóna. Tá Piarsaigh Luimnigh i gcoinne Shleacht Néill as Doire i bPáirc Parnell agus tabharfaidh Cuala as Baile Átha Cliath aghaidh ar fhoireann Liam Uí Mhaoilíosa na Gaillimhe i Staid Semple.

Cad is féidir a rá faoi club Eiméid Shleacht Néill nach bhfuil ráite cheana? Club beag as ceantar ina bhfuil tuairim is 300 teaghlach, suite ag bun Sliabh Speirín idir Machaire Rátha agus an Suaitreach, agus a leithéid de ghaisce déanta acu i gcluichí CLG.

Féach seo. San iomáint bhuaigh siad craobh an chontae in 2013 agus gach bliain ó shin rinne siad amhlaidh. Chuireadar craobh Uladh leis sin in 2016 agus in 2017.

Sa pheil tá na ceithre chraobh chontae dheireanacha buaite acu agus trí chraobh chúige tugtha leo acu ó 2014. 

Ach ba iad na cailíní a bhain barr an tsléibhe amach nuair a thug siad leo craobh shinsir camógaíochta na hÉireann anuraidh den chéad uair riamh. Mar a deirtear anseo i gCorcaigh agus sinn ag caint faoi na bollaí bóthair ‘Sáraigh é sin agus dhá chaitheamh agat!’.

Bhuel, tá Sleacht Néill ar an mbóthar arís sna trí chód agus an bhliain nua caite go dtí seo acu ag ullmhú don chéad chéim eile. Déarfainn go bhfuil na soilse ar lasadh sa chlub agus ar an bpáirc gach oíche den tseachtain, an choinneal airneáin á caitheamh acu agus na pleananna á n-ullmhú ó Lá Nollag.

N’fheadar aon duine an tine a bheidh ar a gcraiceann má éiríonn leo na babhtaí ceannais a bhaint amach sa pheil agus san iomáint. Sin ceist do lá eile, is dócha.

Dar ndóigh níl sé dodhéanta an dá chraobh a bhuachan an bhliain chéanna, ach is cinnte go mbeidh sé an-deacair. 

Is mór an chabhair sa chúram an rud teibí seo ar a dtugtar móiminteam agus nuair a bhíonn a leithéid ag club,  agus an t-ardú meanman a théann leis, spreagtar an uile dhuine sa cheantar, idir óg agus aosta – imreoirí, teaghlaigh agus gnóthaí.

Tá dúshlán ollmhór roimh na hiománaithe inniu, áfach.

Luadh ainm Thomas Cassidy, atá imithe ar shlí na fírinne, go minic agus daoine ag trácht ar an dul chun a rinne Sleacht Néill san iomáint ó bunaíodh an club i 1953. San flaithis atá an ceannródaí sin anois agus más ea tabharfaidh sé spreagadh dóibh. 

Iarsheaimpíní iad na Piarsaigh ar ndóigh agus bonn uileÉireann ó 2016 ag formhór na n-imreoirí a bheidh ag imirt dóibh inniu. Bhí siad thar a bheith go maith i bhfeachtas na Mumhan. Bhíodh ealaín riamh ag baint lena gcuid imeartha ach tá cruas sna himreoirí ábalta seo anois leis.

Bheadh sé go hiontach don chlub Ultach dá bhféadfaidís an dá chraobh a bhaint amach sa bhliain chéanna ach ní dóigh liom go dtarlóidh sé i mbliana.

Tá sé i bhfad níos deacra tuar a dhéanamh i gcás an chluiche leathcheannais eile. Tá trí chraobh déag ar fad buaite ag seacht gclub éagsúla ón nGaillimh ó thosaigh an comórtas seo i 1970-1971, níos mó ná aon chontae eile. Tráthúil go leor is é club Liam Uí Mhaolíosa a bhí ag imirt ar son an chontae an bhliain sin ach theip orthu dul chomh fada leis an gcraobhchomórtas. Seans go mbainfear tuisle eile astu inniu. 

Fág freagra ar 'Míorúiltí á ndéanamh ag Sleacht Néill ach cuma na maitheasa ar na Piarsaigh'

  • leitheoir

    Ta suil agam nach ndeanfar manglam den logainm alainn sin ‘Sleacht/Sliocht Neill’ sa trachtaireacht mar a dheantar de ghnath. N’fheadAIR aon duine ach na logainmneacha iontacha ata folaithe orainn i nDoire Cholmcille, mar ata, ‘an Suaitreach’, ceann suathinseach go maith ata luaite agat fein. Feach ‘Baile an Aonfhir’ chomh maith. N’fheadar an dtugadh Meidbh turas ar an aonfhear sin o am go ham agus arbh e a chum an logainm aisteach shamhailteach seo ‘Samhail Phit Mhéabha! Nach meanar dar gcluasa nach gcaithfidh na trachtairi dul i ngleic leis an gceann sin. B’fhearr leo gan amhras an manglam uafasach seo, ‘Pit Meade’.