MIONLÉIRMHEAS: Misteach Ceilteach agus scríbhneoir speisialta leathdhearmadta

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar saothair neamhghnácha. An babhta seo, misteach Ceilteach agus priontaí áille

MIONLÉIRMHEAS: Misteach Ceilteach agus scríbhneoir speisialta leathdhearmadta

Tá trí imleabhar thoirtiúla ann de litreacha William Sharp (nó “Fiona Macleod”) agus iad ar fáil saor in aisce ó Open Book Publishers a bhfuil a gcuid leabhar ar fad saor in aisce. Molaim go mór iad!

Bíonn an-chaint na laethanta seo ar an gcostas maireachtála. Cé atá chun céad euro in aghaidh na míosa a chaitheamh ar leabhair má tá deacrachtaí aige arán a chur ar an mbord? Creidim féin gur cheart gach leabhar Gaeilge atá as cló a chur ar fáil saor in aisce ar líne.

Duine ríspéisiúil ab ea Sharp. Misteach Ceilteach. D’aistríos go leor dánta leis fadó. É seo, mar shampla:

Urnaí an Mhistigh

I lasracha cosanta cuir im’ luí mé

A Mháistir na Tine Rúin,

Nigh úr mo chroí is sciúr

M’anamsa is a dhúil.

I laom na maidine folc m’intinn

A Mháistir na Tine Rúin

Gléshúileach lem’ dhúiseacht iad

M’anamsa is a dhúil.

D’úsáid sé ainm mná mar ainm cleite chun scóip a thabhairt don chuid bhanúil dá nádúr. Ba mhinic babhtaí fiabhrais daitheacha air (a chuir ag taisteal é i réimsí rúnda den chomhfhios). Thosaigh William Butler Yeats ag cur spéise sa neach diamhair sin Sharp/Macleod.

Faoi mar a tharla anseo in Éirinn rómhinic, bhíothas ag fáil locht ar a chuid Gaeilge (Gaeilge na hAlban). Deir sé faoi léirmheastóir áirithe, ‘… He ought to know that the signs of the genitive and aspirations vary considerably and that the Gaelic of the Isles, for example, differs much in these and kindred minor matters from that (say) of Inverness . . .’

Is trua go bhfuil sé leathdhearmadta anois mar scríbhneoir agus go leor leabhar leis as cló. Tá scata bunleabhar leis, agus saothar a chuir sé in eagar, ar fáil ar Gutenberg, áfach.

Priontaí áille

https://www.instagram.com/keithcarter.art/

Tá rud amháin comónta idir haiku agus grianghrafadóireacht: is minic nach mbíonn ach soicind agat chun breith ar an nóiméad ceart, agus ní thiocfaidh an nóiméad sin arís.

Is seat iontach é seo, dar liom, de chuid Keith Carter:

Atmaisféar eile ar fad atá sa ghrianghraf seo, grianghraf a spreag haiku uaim:

tháinig duine anseo

chun a scáil féin a lorg . . .

chaill sé é féin

https://www.openbookpublishers.com/books/10.11647/obp.0142

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Misteach Ceilteach agus scríbhneoir speisialta leathdhearmadta'