MIONLÉIRMHEASANNA: Taibhsí, turasóireacht gan teorainn agus ealaín láibe…

Léirmheasanna beaga ar roinnt leabhar nach ‘tuilleadh den saghas céanna arís is arís eile’ iad

MIONLÉIRMHEASANNA: Taibhsí, turasóireacht gan teorainn agus ealaín láibe…

An ngéilleann tú do thaibhsí?

Is le linn di a bheith ag taisteal tríd an Rómáin (a tír dhúchais) chomh maith leis an nGearmáin, an Pholainn agus an Phortaingéil a ghlac Patricia Morosan na grianghraif atá sa tsraith Sun Stands Still, foilsithe ag dienacht.

Ní aithneofá na háiteanna seo mar, ar shlí, tá siad tar éis gabháil trí phróiseas éigin nach próiseas grianghrafadóireachta amháin é. Claochlaithe atá siad. Is de stuif brionglóidí agus cuimhní anois iad na daoine, na hainmhithe agus na tírdhreacha sa leabhar seo. Draíocht!

Spreag grianghraf amháin ann an haiku seo:

cumhracht an mhóinéir . . .

                cuimhní nach bhfuil cruth orthu

                go fóill

 

Turasóireacht gan teorainn

Cad a cheapann an Mona Lisa bhocht agus an miongháire céanna uirthi ó lá go lá do na turasóirí?

Tá eagrán nua ar fáil den leabhar Small World le Martin Parr. Leabhar is ea é a fhéachann ar an turasóireacht dhomhanda: agus sinn sa tóir ar chultúir nua, tá na cultúir chéanna sin á scriosadh againn (Dewi Lewis Publishing a d’fhoilsigh). Is ball den áisíneacht chlúiteach MAGNUM é Parr.

A thigh, ná tit orm! An aon ionadh go bhfuil frith-thurasóireacht tosaithe in áiteanna ar nós Barcelona. Ní chuirfí suas leis an bhfrith-thurasóireacht in Éirinn. Thógfaí príosúin speisialta dóibh siúd a déarfadh nach bhfuil céad míle fáilte feasta roimh chách.

Nazarat. Bhíos ann. Ní raghainn arís ann. Dá dtabharfadh an Nazórach athchuairt ar a fhóidín dúchais cad a dhéanfadh Sé? Buille karate a tharraingt ar an truflais go léir mar a dhein sa teampall fadó?

 

Grianghrafadóir fódúil

Dá mbeadh orm aidiacht a roghnú chun cur síos ar an ngrianghrafadóir Ioruach Morten Torgersrud is dócha go ndéanfadh ‘fódúil’ cúis:

Lumps an teideal ar leabhar neamhchoitianta dá chuid a d’fhoilsigh Cornerkiosk Press, leabhar 60 leathanach agus 24 íomhá ann. Agus cad atá sna híomhánna ann? Cnapáin láibe! Sea, a dhuine, cnapáin láibe a baineadh as an gcré Artach i dtuaisceart na hIorua ar theorainn na Rúise.

Déarfá leat féin – cé a smaoineodh ar a leithéid? An freagra – ealaíontóir. Féachann na meallta láibe seo ar nós píosaí dealbhóireachta. Go deimhin, d’fhéadfá miondealbha a thabhairt orthu.

I ndeireadh na dála, is íomhánna teibí iad go léir. D’fhéadfá tamall a chaitheamh ag breathnú orthu agus rudaí eile a fheiceáil iontu – íomhánna a bhaineann le do stair phearsanta féin nó íocóin bheannaithe fiú amháin. Ach cuimhnigh, níl iontu ach láib.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEASANNA: Taibhsí, turasóireacht gan teorainn agus ealaín láibe…'

  • Seán

    Ana-shásta go bhfuil Gabriel ag scríobh léirmheasanna/alt go rialta arís. Mhisseálfá go mór é.