MIONLÉIRMHEAS: Marú na muc agus an bhrí atá le Florida

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, grianghraif ó Florida agus leabhar ar ráiteas ar chruáil an tsaoil é

MIONLÉIRMHEAS: Marú na muc agus an bhrí atá le Florida

Marú na muc agus cruinniú na bhfiach

Grianghraif le Masahisa Fukase
Téacs le Tomo Kosuga
the(M) Editions / Ibasho Gallery, a d’fhoilsigh
Teangacha: Seapáinis & Béarla
84 lch
Toisí: 9¾x12¾”

Is cuimhin liom alt le Cathal Ó Sándair a léamh inar tugadh breis is 200 seanainm ar Éirinn. Bhí Muc-Inis ar cheann de na hainmneacha sin. Léirítí an-ómós don mhuc fadó mar go n-itheadh sí dearcáin agus, ar ndóigh, bhain dearcáin leis an dair – bile beannaithe na ndraoithe.

Siar sa bhliain 1961 a bhí a chéad taispeántas aonair ag Masahisa Fukase agus téama an taispeántais sin ná marú na muc i seamlas Shibaura i dTóiceo. Bíonn fiacha dubha go leor sa cheantar sin agus iad meallta ann ag an bhfuil.

Taispeántas conspóideach a bhí ann mar i measc na ngrianghraf bhí leanbh marbh, leanbh marbh-bheirthe an ghrianghrafadóra féin. Ráiteas ar chruáil an tsaoil seo is ea an leabhar seo:

Nuair a thréig a bhean é – ba í a Bhé í – thosaigh Fukase ag ól go trom agus thit sé síos an staighre i dtábhairne lá, rud a d’fhág i gcóma ar feadh 20 bliain é go dtí gur cailleadh é in 2012. Tá cáil dhomhanda ar na grianghraif a ghlac sé d’fhiacha dubha. Is maith liom freagairt dá shaothar éachtach le haiku:

fiacha dubha. . .

á, Fukase,

cé acu thusa?


Cad is brí le Florida?

As an leabhar Floridas
Grianghraif le Anastasia Samoylova agus Walker Evans.
Foilsithe ag Steidl, sa Ghearmáin, 2022.
Teanga: Béarla
200 lch.
144 léaráid.
Toisí:10¼x11½”

Ní go dtí go bhfaca mé teideal an leabhair seo, Floridas (Florida san iolra) a thosnaíos ag smaoineamh ar ainm an stáit agus an bhrí atá leis. Cé d’ainmnigh é? Mheasas go mbeadh gach eolas ag Vicipéid.

Ag bun an leathanaigh, na naisc sheachtracha, bhí suíomh idirlín oifigiúil an stáit (mheasas). Chliceálas air agus cad a fuaireas ach leathanach an ghobharnóra, DeSantis, fear a bhí ar dualgas in Guantanamo agus a throid i gCogadh na hIaráice.

Bhuel, go n-ithe ailigéadar é agus go n-ithe an diabhal an t-ailigéadar!

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Marú na muc agus an bhrí atá le Florida'