MIONLÉIRMHEAS: Grianghrafadóir as an gCróit agus scéilíní eile

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, meinninítigh Ontario agus Mheicsiceo agus grianghrafadóir as an gCróit

MIONLÉIRMHEAS: Grianghrafadóir as an gCróit agus scéilíní eile

The Mennonites
Grianghraif le Larry Towel
GOST Books, Londain, a d’fhoilsigh, 2022
Teanga: Béarla
288 lch
131 íomhá
Toisí: x9¾”

An raibh a fhios agat go raibh Meinninítigh (nó Anabaistigh) againn in Éirinn? Tá ambaiste, agus is i nDún Mór Thoir, Co. Phort Láirge, atá siad; cuid acu is de bhunadh na hÚcráine iad.

Meinninítigh Ontario agus Mheicsiceo atá faoi scrúdú ag an ngrianghrafadóir Larry Towel. D’imir Caitlicigh agus Protastúnaigh cos ar bolg ar na Meinninítigh bhochta, dream a bhfuil cáil orthu mar shíochánaithe. Tagann an focal Meinniníteach ó Menno Simons (1496-1561), dála an scéil, Freaslannach agus sagart Caitliceach a d’iompaigh go tréan in aghaidh an Chaitliceachais. Is féidir roinnt mhaith dá chuid tuairimí a léamh ar an idirlíon.

Tá gearrscannán poiblíochta anseo a thugann atmaisféar an leabhair dúinn go seoigh.


Grianghrafadóir as an gCróit agus scéilíní eile

Sa scannán seo ar Stanko Abadžic luaitear an ghné spioradálta dá shaothar, an ghné sin a tharraingíonn ar ais go dtí an saothar sinn chun machnamh a dhéanamh athuair ar a chuid grianghraf.

Ar chúis éigin nach dtuigim, meabhraíodh cúpla soicind as m’óige féin dom nuair a d’fhéachas ar an ngrianghraf seo agus scríobhas tanka (dán 31 siolla: 5-7-5-7-7) chun freagairt don mhistéir sin:

buachaill óg leis féin

bláthaíonn smaoineamh ‘measc fiailí

is feonn sé láithreach

                 smaoineamh nach bhfillfidh b’fhéidir

                 go mbeidh ribí liatha aige

Cad atá ar siúl in Éirinn ó thaobh na grianghrafadóireachta de? A lán.

Tá eolas faoin taispeántas reatha i nGailearaí na Grianghrafadóireachta, BÁC, anseo.

Agus mar fhocal scoir, prionta daigéarach (daguerrotype) a thugtar ar an gcéad phróiseas grianghrafadóireachta ó lár an 19ú haois. Cé atá sa phrionta daigéarach seo sa Ghailearaí Náisiúnta?

An Fuascailteoir, Dónall Ó Conaill
An Fuascailteoir, Dónall Ó Conaill

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Grianghrafadóir as an gCróit agus scéilíní eile'