Bhí ábhar ceiliúrtha ag roinnt de na meáin Ghaeilge an tseachtain seo agus gradaim buaite acu ag Féile na Meán Ceilteach 2022.
Reáchtáladh an Fhéile i Quimper na Briotáine i mbliana tar éis don ócáid bhronnta a bheith curtha ar ceal le dhá bhliain anuas de dheasca na paindéime. Ceithre ghradam a thug na meáin Ghaeilge leo ó fhéile na bliana seo.
Bhuaigh Michelle Nic Grianna an gradam do ‘Láithreoir Raidió na Bliana’ as an obair a dhéanann sí ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, an clár irise a chraoltar ón stiúideo sna Doirí Beaga i nDún na nGall cúig lá na seachtaine.
Raidió na Life a bhuaigh an gradam do ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ ag Féile na Meán Ceilteach 2022. Bhí Raidió na Gaeltachta agus BBC Raidió Uladh i measc na stáisiún eile a bhí san iomaíocht don ghradam sin.
Dúirt Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Raidió na Life, gur “onóir mhóir” dóibh an gradam idirnáisiúnta a bhuachan.
“Agus muid san iomaíocht le stáisiúin mhóra ghairmiúla amhail stáisiúin BBC agus RTÉ, a bhfuil acmhainní móra acu, táimid an-bhródúil gur aithin na moltóirí cé chomh speisialta is atá Raidió na Life – an fuinneamh, éagsúlacht, beocht, nuálaíocht, spraoi agus spiorad a bhaineann leis an stáisiún agus leis na cláir iontacha a chraolaimid.”
Bhuaigh dhá shaothar de chuid TG4 duaiseanna ag féile na bliana seo chomh maith. Ghnóthaigh an scannán Sol, a léirigh Paper Owl Films, an gradam don ‘Clár do Pháistí’ is fearr. Bhí TG4 buacach freisin sa rannóg ‘Ealaín’ agus an gradam tugtha leis ag Samhlú, léiriú de chuid Fíbín, a rinne ceiliúradh ar an obair mhór a rinne ealaíontóirí le linn aimsir Covid-19 in 2020. Rinne Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont comhghairdeas leis na buaiteoirí.
Bronnadh gradam freisin ar an tsraith cheoil dhátheangach de chuid RTÉ, My Tribe – Mo Threibh. Bhuaigh an tsraith, a bhíonn á cur i láthair ag Peter Coonan agus á léiriú ag Mind the Gap Films, gradam sa rannóg ‘Siamsaíocht Fhíorasach’.
JP
Tá Michelle ar fheabhas. Is breá liom an racht ceolmhar gáire a dhéanann s gach Aoine nuair a bhíonn aoi speisialta tréithiúil ardmheanmnach ardmheabhrach aici.