Micheál Ó Conghaile ag éirí as mar Stiúrthóir ar Chló Iar-Chonnacht tar éis 35 bliain

Bhí baint ag Micheál Ó Conghaile le thart ar 1,000 foilseachán le 35 bliain anuas, idir leabhair, dhlúthdhioscaí agus chaiséid. Ba mhaith leis a cheapadh, a deir sé, gur shaibhrigh an obair sin saol mhuintir na Gaeltachta

Micheál Ó Conghaile ag éirí as mar Stiúrthóir ar Chló Iar-Chonnacht tar éis 35 bliain

Tá an t-údar agus foilsitheoir aitheanta Micheál Ó Conghaile ag éirí as mar Stiúrthóir ar Chló Iar-Chonnacht, an teach foilsitheoireachta mór le rá a bhunaigh sé i 1985.

Is í Deirdre Ní Thuathail, arb as Árainn ó dhúchas di ach atá ina cónaí in Indreabhán, úinéir nua an chomhlachta atá lonnaithe ar an Spidéal. Tá Deirdre Ní Thuathail ina Bainisteoir Ginearálta ar an gcomhlacht faoi láthair.

Tá sé i gceist ag Micheál Ó Conghaile, duine de mhórscríbhneoirí Gaeilge a linne, díriú níos mó ar a chuid scríbhneoireachta féin feasta. Leanfaidh sé air ag obair mar ghníomhaire liteartha Chló Iar-Chonnacht.

Dúirt an Conghaileach “gur fada an t-achar é 35 bliain ag déanamh na hoibre céanna” agus gur beag tuiscint a bhí aige ar an obair a bhí roimhe nuair a bhunaigh sé Cló Iar-Chonnacht.

“Is dúshlán a bhí, atá agus a bheas i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge i gcónaí, creidim. Ach ba phléisiúr ollmhór a bhí ann freisin a bheith ag plé leis an oiread sin ealaíontóirí: scríbhneoirí, filí, cumadóirí amhrán, amhránaithe, ceoltóirí, cumadórí ceoil, grianghrafadóirí, dearcealaíontóirí agus dearthóirí.

“Agus ba mhinic a thug an obair le chéile na healaíontóirí éagsúla seo, go leor acu nach mbeadh aithne ná b’fhéidir eolas acu ar a chéile go dtí sin. D’oscail doirse nua. Chaith solas ar an saol. Thug sásamh agus sólás.”

Bhí baint ag Micheál Ó Conghaile le thart ar 1,000 foilseachán le 35 bliain anuas, idir leabhair, dhlúthdhioscaí agus chaiséid.

“Sin saibhreas. Saibhreas cultúrtha atá i gceist agam, dar ndóigh, an saibhreas is tábhachtaí faoi dheireadh. Ba mhaith liom a cheapadh gur shaibhrigh an obair seo saol mhuintir na Gaeltachta lenár linn, saol na Gaeilge agus saol na hÉireann trí chéile.

“Agus taobh amuigh d’Éirinn, dar ndóigh, áit ina bhfuil méadú ar an meas atá ar an sean-nós anois, ar an gceol traidisiúnta agus ar litríocht na Gaeilge ó tháinig méadú ar na haistriúcháin chuig teangacha éagsúla. Tá saothair le filí agus scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge le fáil i mbreis agus fiche teanga éagsúil anois.”

Dúirt sé gur saibhre a shaol féin de bharr a chuid oibre le Cló Iar-Chonnacht.

“Dar ndóigh ba shaibhriú agus saibhriú mór ar mo shaolsa go pearsanta a bhí san obair seo ar fad freisin agus táim an-bhuíoch do na healaíontóirí eagsúla ar fad a raibh sé d’ádh orm a bheith ag obair leo agus táim an-bhuíoch go háirithe d’fhoireann oibre CIC a bhí liom go dílis díograiseach i rith na mblianta.

Dúirt sé go raibh faoi “filleadh” ar an áit ar thosaigh sé agus díriú níos mó ar a chuid scríbhneoireachta féin.

Foireann Chló Iar-Chonnacht taobh amuigh de shiopa an chomhlachta in aice le Ceardlann an Spidéil in 2017. Ó chlé: Micheál Ó Conghaile, Bridget Bhreathnach, Lisa McDonagh, Julieanne Ní Chonchobhair, Lochlainn Ó Tuairisg agus Deirdre Ní Thuathail

Ghabh Deirdre Ní Thuathail, úinéir nua Chló Iar-Chonnacht, buíochas le Micheál Ó Conghaile as an saothar go léir a rinne sé “ag cur litríocht na Gaeilge chun cinn in Éirinn agus thar lear”.

“Ní bhrisfear an nasc mar beidh Cló Iar-Chonnacht fós ag obair go dlúth leis ina ról mar ghníomhaire liteartha agus ar thograí eile,” a dúirt sí.

Ghabh sí buíochas freisin le foireann an chomhlachta.

“Oibríonn an fhoireann go dian dícheallach i gcónaí agus chuidigh siad chun an comhlacht a fhás agus a fhorbairt agus borradh a chur faoin díolachán le roinnt blianta anuas, go háirithe ó d’oscail an siopa leabhar sa Spidéal.”

Bhí sí ag súil, a dúirt sí, a bheith ag obair leis na scríbhneoirí, ceoltóirí agus amhránaithe a chuireann a gcuid saothar ar fáil do Chló Iar-Chonnacht le foilsiú.

“Murach iad, ní bheadh muid ann.  Tá muid ag súil le leanacht leis an dea-obair agus fás agus forbairt a dhéanamh air sin sna blianta atá amach romhainn agus scríbhneoirí nua a thabhairt ar bord.”

Fág freagra ar 'Micheál Ó Conghaile ag éirí as mar Stiúrthóir ar Chló Iar-Chonnacht tar éis 35 bliain'

  • Tiarnan de Fréine

    Fear uasal. Áthas orm go bhfuil sé ag fanacht gníomhach ann. Go n-éirí leo go léir leis an tsárobair atá idir lámha acu!

  • Pilib Ó Duinn

    Ard-fhear. Éacht thar cuimse déanta aige leis na blianta fada. Ná cailligí a chuid scríbhneoireachta. Tá sí den chéad scoth.

  • Lillis Ó Laoire

    Comhghairdeas le Mícheál as an éacht a rinne sé agus go n-éirí go geal le Deirdre agus le foireann chumasach CIC i gcónaí.

  • Mícheál Mac Craith

    míle buíochas asa bhfuil déanta agat ar son na litríochta le cúig bliana is tríocha anuas. Go raibh toradh éachtach ar do scríbhneoireacht féin as seo amach.

  • An Teanga Bheo

    Laoch ar leith a bhí ann agus sár-obair ar bun aige agus ádh mór ort Micheál amach anseo
    Go raibh míle maith agat slán thú

  • Seosamh Ó Cuaig

    Go n-éirí an saol agus an aimsir leat, a Mhichíl. Mar a dúirt mo bhean chéile fút uair amháin “fear iontach agus gan dor as.”

  • Fachtna Ó Drisceoil

    Comhgairdeachas leat. Éacht do-chreidte bainte amach agat. Táimid ar fad faoi chomaoin agat.

  • Úna Ní C

    Bain sásamh as an tsaoirse, a Mhichíl, agus go n-éirí leat, a Dheirdre!!

  • Séamas Mac Coitir

    Tréaslaím ó chroí leat, a Mhichíl. Ábhar mórtais duit an comhlacht rathúl a bhunaigh tú, agus, buíochas le Dia, tá sé ag dul ar aghaidh bonn ar aon. Go gcuire Dia an t-ádh agus an t-amhantar ar Dheirdre sna blianta atá roimpi amach!

    Bua agus treise libh uilig agus gura fada buan sibh in aice na sláinte!

  • Bríd

    Ádh mór ort. Tá do lorg fágtha agat ar shaol na Gaeilge. Dhéanfadh go leor eile dèanamh go maith foghlaim uait.

  • Brian Ó Conchubhair

    Laoch foilsitheoireachta a bhfuil gaisce déanta aige ar son litríocht, scríbhneoirí, cheol agus cheoltóirí Chonamara.

  • Seán Ó hAodha

    Guím rath oraibh ar fad i CIC agus go mbeidh 35 bhliain eile agaibh chun de leabhair agus ceol den scoth a roinnt linn .
    Is cuimhin liom thart ar 1990 ó shin go raibh fear ar clár cheoil in RTE ag déanamh íontas de go raibh dáilitheoir dlútdhiocsaí den cheol domanda (Worldmusic ) lonnaithe i gConamara; CIC dar ndóigh. Ba rud neamhghnách ceol mar sin ar stáisiuin raidió Bhéarla na tíre ag an am. Bhí cluas eile ag na Gaeil. Cló IarChonnacht lena ceirníní ceol domhanda ó Shanachie Records, Rónán Mac Aodha ar RnaG lena Negresses Vertes ón Fhrainc agus Ciarán Lenoach ar Raidió na LIFE le hAli Farka Touré as Mali.

  • Brenda Ni Shúilleabháin

    Gura fada buan thú, a Mhichíl, táimid faoi mhórchomaoin agat.