Tá Príomh-Eagarthóir Nuacht TG4, Michael Lally, ag éirí as go luath.
Tá Michael Lally, arb as an mBóthar Mór i gcathair na Gaillimhe dó, i gceannas ar Nuacht TG4 ó tháinig ann don stáisiún Gaeilge i 1996, nuair a cuireadh meitheal óg nuachta ar bun chun an tseirbhís nua a sholáthar. Bhí baint aige le roinnt mhaith athruithe ar an tseirbhís ó shin, aistriú feasachán nuachta Gaeilge RTÉ ó Dhomhnach Broc go dtí Baile na hAbhann, mar shampla.
Thug Lally le fios d’fhoireann Nuacht TG4/RTÉ aréir go raibh faoi éirí as sa dara ráithe den bhliain agus tuigtear do Tuairisc.ie gur i mí Aibreáin a bheidh sé ag fágáil slán ag an seomra nuachta.
I dteachtaireacht a sheol sé chuig an bhfoireann ghabh sé buíochas leo as a saothar agus dúirt sé go mbeadh sé ag díriú sa tréimhse atá fágtha aige mar Phríomh-Eagarthór ar an gcaidreamh idir RTÉ agus TG4 a fheabhsú agus a láidriú.
Tá an caidreamh sin míshocair go maith faoi láthair agus cainteanna leochaileacha ar bun idir lucht bainistíochta an dá stáisiún faoin gcur chuige a bheidh ag a seirbhísí nuachta Gaeilge amach anseo.
Dúirt Lally sa teachtaireacht a sheol sé aréir go raibh an caidreamh idir RTÉ agus TG4 ríthábhachtach don chraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn. Dúirt sé gur phribhléid ab ea é a bheith ag obair le Nuacht TG4 le breis is fiche bliain anuas agus gur údar bróid dó feabhas na hoibre a rinne an fhoireann le linn na tréimhse sin.
Bridog ni bhuachalla
Tuigeann sibh gur Nuacht RTÈ an dà nuacht
oibrímid do RTÈ ie fostuithe de chuid RTÈ muid ,faoi rialacha eagarthoireachta RTÈ.Is RTE a dhíol nn as an t-seirbhís Nuachta .