Meitheal chun ceist an ghinmhillte a scrúdú bunaithe i Stormont

Cinneadh á sheachaint dar leis an Aire Cirt ach más leide iad na litreacha sna nuachtáin ní sheachnófar an cheist sa bhfeachtas do thoghchán an Tionóil

David Ford

Cinneadh de chuid an DUP ab ea é meitheal oibre faoi choimirce an Aire Sláinte a bhunadh chun ceist an ghinmhillte a iniúchadh. Baineadh siar as an Aire Cirt, David Ford ceannaire Alliance a mhaígh gurb eisean atá freagrach as reachtaíocht i dtaca le ginmhilleadh agus gurb é ról na Roinne Sláinte an dlí a mhíniú i dtreoirlínte do chnáimhseoirí agus lucht leighis.

Rialaigh an Ardchúirt le gairid gur sárú ar chearta daonna é dlí Thuaisceart Éireann i leith an ghinmhillte. Éistfear dhá achomharc in aghaidh an rialaithe sa Mheitheamh. Ina theannta sin tá lucht leighis ag éileamh soiléire le blianta i leith na reachtaíochta mar atá ach theip ar an Roinn Sláinte treoirlínte a sholáthar. Rith David Ford próiseas comhairliúcháin phoiblí faoi leasuithe ar an dlí chun ginmhilleadh a cheadú nuair nach mbeadh an féatas inmharthanach tar éis breithe; d’iarr sé tuairimí faoi ghinmhilleadh i gcás éignithe nó ciorrú coil. Chuir sé moltaí faoi bhráid an Fheidhmeannais anuraidh le ginmhilleadh d’fhéatas neamh-inmharthanach a chur ar bhonn reachtúil ach maíonn sé gur choisc an DUP iad.

Frustrachas leis an gcosc sin, gan dabht agus le barúil Peter Robinson mar Chéad Aire nach raibh seans dá laghad go nglacfaí le reachtaíocht Ford faoi ndear díospóireacht na seachtaine seo caite.

Comhghleacaithe le Ford as páirtí an Alliance a mhol leasú ar acht cirt a cheadódh ginmhilleadh i gcás féatais nach mbeadh inmharthanach. Theip ar an rún le 59 vóta ina aghaidh 40.

Vótáil an DUP agus an SDLP ina choinne mar a rinne bunáite an UUP a bhí saor ón fuip; bhí Alliance agus Sinn Féin i bhfabhar. Bhí móramh níos mó i gcoinne moladh eile a cheadódh ginmhilleadh do mhná a éigníodh.

Níorbh í an ghnáthdheighilt –oráiste v uaithne/ nó aontachtach v náisiúnach – a fheictear i Stormont a tharla faoin ábhar seo. Níorbh í an deighilt idir reiligiúin í ach an oiread ó bhí Protastúnaigh agus Caitlicigh ar chaon taobh. Cé go raibh daoine ar an dá thaobh an-chorraithe faoin gceist bhí an díospóireacht dea-mhúinte. Dá ainneoin sin bhí daoine i measc an phobail ag faire go géar féachaint cén seasamh a ghlac ionadaithe áitiúla. D’fhógair grúpa frith-ghinmhillte amháin go scaipfidís ar na vótóirí ainmneacha na ndaoine a vótáil ar son athruithe.

N’fheadar an ag leanúint sampla an Taoisigh a bhí Arlene Foster nuair a d’éirigh léi an cheist chonspóideach a chur ar an méar fhada? Chinn Enda Kenny go scrúdófaí leasú 8 ar an mBunreacht amach anseo agus i bhfianaise na díospóireachta an tseachtain seo caite thriail ceannaire an DUP cleas den tsóirt céanna. Thug sí treoir don Aire Sláinte, Simon Hamilton DUP, grúpa a chur le chéile chun an cheist a scrúdú i gcás féatais nach mbeadh inmharthanach agus tuairisc, maille le moltaí le haghaidh dréacht reachtaíochta a sholáthar faoi cheann leathbhliana.

Ba dheacair gan iontas David Ford a thuiscint, go háirithe i leith dréacht reachtaíochta a eascródh ón Roinn Sláinte. Aire Sláinte ón DUP a dúirt le Ford cheana gur ghá reachtaíocht uaidhsean chun a dhul i ngleic le cásanna ar nós Sarah Ewart a mb’éigean di a dhul go Sasana le haghaidh ginmhillte mar nach raibh inchinn ag an leanbh a raibh sí ag súil leis. Anois nuair a fheileann sé don DUP bíonn siad ag iarraidh an cúram a bhaint den Roinn Cirt. Ní léir fiú amháin an dtacóidh na páirtithe ar fad leis an meitheal atá le bunadh faoi dheireadh na míosa seo.

Cibé ní faoi easaontas i dtaca le cearta agus cúramaí ranna cuireann bunadh na meithle seo díospóireacht Tionóil ó dhoras go dtí go mbeidh an toghchán thart. Ní hionann sin is a rá gur féidir an chonspóid a sheachaint mar cheist toghcháin. Díol suntais iad na litreacha chuig nuachtáin ó dhaoine a deir gur Caitlicigh iad agus atá ag moladh dá mbráithre vótáil don DUP mar gur thacaigh Sinn Féin agus an SDLP le pósadh comhghnéis agus mar go bhfuil SF i bhfabhar an ghinmhillte i gcásanna áirithe. Ar an taobh eile tá daoine a éilíonn rogha do mhná ag moladh do vótóirí iarrthóirí a cheistiú faoin a seasamh i leith an ghinmhillte.

Bídís ag rith nó ag seasamh ní bheidh polaiteoirí in ann an dúshlán seo a sheachaint.

Fág freagra ar 'Meitheal chun ceist an ghinmhillte a scrúdú bunaithe i Stormont'