- Pé ar bith scéal é, tá cúrsaí mar atá anois. (4)
- Luaitear go bhféadfadh drochthionchar a bheith ag gnéithe eile den fhorbairt ar nádúr an chriathraigh i gceantar Loch Scainimh – an tseandálaíocht san áireamh. (10)
- An chéad cheist: an bhfuil tionscnaimh Pháirc na Mara marbh? (5)
- Seo achoimre ar an tuarascáil chríochnúil ón mBord Pleanála a eisíodh ar an 13 Márta: (8)
- Tá daoine ann a déarfadh gur síníodh fógra báis cheantar Gaeltachta iarthar Chonamara nuair a dhiúltaigh an Bord Pleanála cead forbartha do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin an lá cheana. (1)
- “Ó tharla easpa eolas cuimsitheach, críochnúil a bheith ar fáil ón iarrthóir ar an gcaoi a rachadh an fhorbairt i bhfeidhm ar an athrú aeráide i dtaobh uisce agus triomaigh i gceantar sléibhe Loch Scainimh, agus gan dintiúir a bheith ar fáil faoin gcaoi a ndéanfaí láimhsiú ar athruithe a tharlódh sa réimse sin criathraigh dá bharr sin, ní féidir leis an mBord an fhorbairt a cheadú.” (9)
- Luaitear freisin go bhféadfaí dochar a dhéanamh do scéim phoiblí uisce Charna agus Chill Chiaráin amach anseo. (11)
- Páirc do thionscail mhara a bhí ceaptha a bheith ann a thabharfadh na céadta post, de réir a chéile, chuig ceann de na ceantair is measa sa tír atá buailte ag cúlú eacnamaíochta agus sóisialta. (3)
- Tá sé ráite ag Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, nach gá gur mar sin atá. (6)
- Déanfaidh an tÚdarás staidéar ar na cúiseanna go raibh an dearcadh diúltach céanna ag an mBord Pleanála ar Pháirc na Mara agus a bhí ag Comhairle Chontae na Gaillimhe nuair a thugadar siúd droim láimhe leis dhá bhliain ó shin. (7)
- B’fhéidir nach bhfuil an scéal chomh drámatúil sin, go fóilleach ar chuma ar bith, ach d’fhéadfadh lorg na firinne a bheith ar an tairngreacht sin freisin. (2)
Fág freagra ar 'MEASCÁN MEARAÍ: Cuir in Ord'