Más ag cruinniú cinn bhliana duit an deireadh seachtaine seo, cuir in airde do láimh

Tá fuadar bainte as cruinnithe cinn bhliana chlubanna CLG de bharr patuaire. Conas is féidir amhailt chraosach an airgid a choimeád ó dhoras?

Más ag cruinniú cinn bhliana duit an deireadh seachtaine seo, cuir in airde do láimh

Tá biaiste na gcruinnithe cinn bhliana buailte linn arís. Roinnt seachtainí ó shin, d’iarr Bord CLG an Chontae anseo i gCiarraí ar gach cumann a gcruinnithe cinn bhliana a thionól roimis na Nollag agus gan a bheith á gcur siar go dtí tús na bliana seo chughainn. Bhí tamall ann go bhféadfá do chruinniú cinn bhliana a bheith agat siar amach i mí Feabhra ach tá an lá san imithe, is cosúil.

Tá cuid mhaith cumann i gCiarraí tar éis a gcruinniú cinn bhliana a bheith acu cheana féin ach toisc sinne a bheith sáite i gcluichí lasmuigh den gcontae, ní bheidh aga againn ár gcruinniú a bheith againn go dtí an Domhnach beag seo ag meán lae.

Ní hamhlaidh go mbeidh aon ní míorúilteach ag titim amach Dé Domhnaigh ainneoin a bhfuil bainte amach ar pháirc na himeartha i rith na bliana. Don gcéad uair le cuimhne na ndaoine, tá craobh Chiarraí Thiar buaite ag imreoirí an chumainn i ngach grád ó fé 14 aníos chomh maith le craobhacha idirmheánach an chontae agus na Mumhan.

Ach is é an rud is suntasaí a bheidh fé chruinniú an Domhnaigh ná cé chomh tapaidh a rithfear trí chlár an chruinnithe agus cé chomh domhain is a bheidh an tost a leanfaidh uathu siúd a chuirfidh de dhua orthu féin freastal ar an gcruinniú in aon chor.

Rith sé liom agus mé ag freastal ar chruinniú cinn bhliana Bhord CLG Chiarraí i dtús na míosa nach binne béal ina thost uaireanta agus go mbíonn gá le háiteamh is le hallagar más slat tomhais cruinn é sin ar chumann nó ar bhord contae atá folláin agus ar fónamh.

Ní raibh áiteamh, allagar ná aighneas ag an gcruinniú toisc go raibh cuid mhaith des na baill a bhí i láthair sásta tar éis obair na bliana. Róshásta, b’fhéidir. Bhí Corn Sam Mhig Uidhir ar an mbord, ní raibh oifigigh le toghadh agus ní raibh aon rúin le plé. Tugadh cuntas ar chúrsaí airgeadais agus b’in a raibh air. Bhailigh na baill is na toscairí leo abhaile chomh ciúin, támáilte is a thángadar isteach.

Ag cruinnithe cinn bhliana fuaid faid na tíre le seachtainí beaga anuas, bhí daoine ag fanacht i bpostanna agus i rólanna toisc go mbraitheadar go raibh dualgas orthu a leithéid a dhéanamh nó toisc ná féadfaí daoine eile a aimsiú chun an ról a chomhlíonadh.

Ní chun a dteanntaithe a thug na daoine seo faoin ról an chéad lá agus níor cheart go dtiocfaidh sé go dtí an pointe go mbraitear dualgas in earnáil dheonach, ach sin é mar atá anois agus níl na figiúirí ag teacht le chéile chomh socair réidh is a bhíodh tráth.

Riamh is choíche bhí an obair dheonach seo ina cúis mhaíte agus bóisceála ag Cumann Lúthchleas Gael agus thar aon spórt nó caitheamh aimsire eile, b’fhoinse agus ba thobar ana-dhomhain spride is fuinnimh é. Is é dísciú an tobair anois, áfach, an dúshlán is mó atá ag an eagraíocht. Táim ag freastal ar chruinnithe cinn bhliana ag mo chumann féin ón mbliain 1989 agus tá an t-ídiú agus an meath atá tagtha ar thinreamh feicthe agam bliain i ndiaidh bliana. Tá an t-ídiú seo ag tarlúint comhthreomhar leis an dtitim atá tagtha, mar shampla, ar líon na ndaoine a bheadh ag freastal ar Aifreann sa tréimhse chéanna.

Ní dóigh liom gurb ionann an dá rud agus níor cheart, b’fhéidir, comhréir a dhéanamh eatarthu, ach dála na searmanais Domhnaigh tamall den saol, bhíodh cruinnithe cinn bhliana ina dtionóil ghlóracha, ghuagacha, lán de ghreann is de theaspach agus breac le coimhlintí beaga agus iomaíocht mhór do gach ról a bhí le líonadh.

I mbeagán focal, ba gheall le pobalbhreith an cruinniú cinn bhliana i measc na ndaoine gur cás leo rath a gcumann beag féin, nó a mhalairt.

Tá an fuadar san bainte as na cruinnithe cinn bhliana anois de bharr patuaire agus de bharr neamhláithreachas agus de bharr meon ar nós cuma liom. Fíor-annamh go mbíonn aon vótáil d’fhonn ról a líonadh agus caithfidh aoinne ag an mbord go bhfuil fonn air nó uirthi seasamh ar leataobh nó go bhfuil a dtéarma istigh, comharba a fháil sara scaoilfear leo chun siúil ag an gcruinniú cinn bhliana.

Tá, ag croílár na ceiste seo, an tseanchothromóid sin ná freagraíonn í féin ón dá thaobh – an caidreamh sin idir seirbhís agus buíochas. Dá fhaid a fhanann tú in aon ról, sea is lú buíochais a bheidh ort. Deintear talamh slán de go mbeidh tú i láthair i gcónaí. Ná bí ag rith i ndiaidh an chapaill ná fanfaidh leat.

Tá sé le tabhairt fé ndeara i scata cumann le tamall de bhlianta anuas go bhfuiltear ag dul sa tóir ar dhaoine atá ar tí éirí amach as a ngairmeacha beatha nó ar dhaoine atá díreach dulta ar scor ó phost múinteoireachta nó a leithéid agus a thuigfeadh an focal seirbhís agus a ngabhann leis.

Bhí an comhrá seo agam le gairid le ball de chumann eile agus sinn ag plé na ndaoine seo atá díreach dulta ar scor. Le linn an chomhrá, tháinig an tuiscint chugham go nglactar leis go mbeidh breis ama feasta ag na daoine seo atá ar scor agus glactar leis, mar aguisín leis sin, gur luachmhaire ar chuma éigin, na huaireanta ‘chloig breise atá ag an té atá broidiúil agus atá fós ag obair go lánaimsearach ná an té atá ar scor agus díomhaoin, mar dhea.

An rud ná déarfaí go deo, áfach, ná go bhfuil an luach céanna ag baint le gach uair a’ chloig ag an uile dhuine beag beann ar a chúinsí oibre agus an rud is min do dhuine amháin is nimh do dhuine eile.

B’fhéidir gurb é an rud ba spéisiúla a dúradh ag cruinniú cinn bhliana Bhord an Chontae anseo i gCiarraí ná go bhféadfadh na clubanna seo atá ag tréigint na hoibre deonaí agus iad dulta i muinín na ndaoine seo atá ag glacadh le rólanna ar chúiteamh airgid a bheith ag tarraingt airde na gCoimisinéirí Cánach feasta.

Gura fada uainn an lá go mbeadh a leithéid i gceist d’aon chumann atá ag iarraidh iad féin a riaradh go macánta agus go hidéalach i ndomhan atá ag athrú níos tapúla ná mar a bhí ag aon phointe ó bhunú CLG.

Ach cén fhaid eile gur féidir linn brath ar an ngníomh deonach? Conas is féidir amhailt chraosach an airgid is an chúitimh airgid a choimeád ó dhoras?

Más ag cruinniú cinn bhliana duit an deireadh seachtaine seo, cuir in airde do láimh, cur ceisteanna agus glac le ról éigin má táthar á thathant ort. Is rómhinic a bhíonn ciúin ciontach.

Fág freagra ar 'Más ag cruinniú cinn bhliana duit an deireadh seachtaine seo, cuir in airde do láimh'