Margadh an AE le tíortha Mercosur – ceisteanna go leor le réiteach

Ní oireann margadh an AE le Meiriceá Theas dár bhfeirmeoirí mairteola, ach rachaidh sé chun tairbhe do mhórán eile

Margadh an AE le tíortha Mercosur – ceisteanna go leor le réiteach

D’iarr Micheál Martin agus Mary Lou McDonald freagra ar cheist shimplí amháin sa Dáil Dé Máirt. Freagra ní bhfuair siad.

Tá margadh nua an Aontais Eorpaigh le tíortha Mercosur (an Bhrasaíl, an Airgintín, Paragua agus Urugua) cáinte go géar ag eagraíochtaí na bhfeirmeoirí. Dar leo go ndéanfadh forálacha an chonartha dochar nach beag do thionscal na mairteola, dá gcuirfí i bhfeidhm iad.

An cheist a chuir Micheál agus Mary Lou araon: an bhfuil an rialtas in aghaidh an mhargaidh seo nó ina fhabhar? 

Ní raibh aon amhras ar cheannaire Fhianna Fáil (drochmhargadh a d’fhéadfadh buille an bháis a thabhairt do mhairteoil na hÉireann) ná ar cheannaire Shinn Féin (drochmhargadh inar tréigeadh feirmeoirí na hÉireann agus muintir na tuaithe i gcoitinne). Chuir an bheirt béim freisin ar an dochar don chomhshaol i bhforaois na hAmasóine a dhéanfadh an comhaontú seo, dar leo.

Ní raibh Leo Varadkar sa Dáil. Bhí sé sa Bhruiséil agus margadh de shaghas eile á dhéanamh de réir a chéile ag ceannairí an AE, agus d’fhreagair an tAire Cumarsáide Richard Bruton ceisteanna an fhreasúra ar a shon. 

Fiú dá mbeadh an Taoiseach i láthair, is ar éigean a shásódh a bhriathra Micheál Martin ná Mary Lou McDonald. Ní freagra amháin ach sé cinn atá á thabhairt ag an rialtas ar cheisteanna a bhaineann leis an gconradh nua ó fógraíodh Dé hAoine go raibh toradh faoi dheireadh ar an idirbheartaíocht le Mercosur a bhí ar siúl le fiche bliain. Seo a leanas freagraí éagsúla an rialtais go dtí seo: 

  1. Ní foláir impleachtaí an chomhaontaithe nua d’Éirinn a mheá ina n-iomláine – an Taoiseach, Leo Varadkar.
  2. Tá idir chontúirt agus deiseanna d’Éirinn sa chomhaontú, agus ba chóir an dá thaobh de a scrúdú lena bhreithniú i gceart – an tAire Cumarsáide Richard Bruton.
  3. 3Níl an margadh a rinneadh sásúil ó thaobh thionscal na mairteola, agus is cúis aiféala gur socraíodh go gceadófaí dá réir iompórtáil 99,000 tonna mairteola, 180,000 tonna éineola agus 25,000 tonna muiceola – an tAire Talmhaíochta Michael Creed 
  4. Ní margadh é in aon chor ach margadh atá molta, nach ndaingneofar go dtí go n-aontóidh rialtais agus parlaimintí an AE leis – an tAire Talmhaíochta Michael Creed.
  5. Ní léir fós, ó thaobh dlí de, go bhfuil tacaíocht pharlaimintí an AE riachtanach leis an gconradh a dhaingniú – an tAire Cumarsáide Richard Bruton.
  6. Cuirfidh an comhaontú iachall ar rialtais thíortha Mercosur mairteoil a easpórtáil chun na hEorpa gan forálacha comhshaoil an chomhaontaithe nua agus caighdeáin comhshaoil an AE a shárú – an tAire Cumarsáide Richard Bruton.

Ní féidir impleachtaí an chomhaontaithe a mheá go hiomlán ná go cothrom fós, cé gur deacair a thionchar ar an gcomhshaol a chosaint. Cén chiall ó thaobh na haeráide de atá le conradh a éascaíonn easpórtáil feola trasna an Atlantaigh chun na hEorpa, agus easpórtáil cáise trasna an Atlantaigh go Meiriceá Theas? 

Beidh ceisteanna polaitíochta níos achrannaí mar gheall ar an gconradh nua seo le meá agus le plé sula fada. Dá dhonacht forálacha an chonartha ó thaobh thionscal na mairteola de, rachaidh go leor forálacha eile chun tairbhe d’earnálacha gnó eile abhus – drugaí, mar shampla, ceimiceáin, seirbhísí, uisce beatha agus deochanna eile.

Dheimhneodh an conradh nua mar shampla go bhféadfaí cosc a chur ar dhíol earraí i mballstáit Mercosur a dhéanann aithris ar tháirgí Éireannacha, Baileys Irish Cream, mar shampla amháin. Díoltar breis agus céad milliún buidéal den deoch sin ar fud an domhain gach bliain.

Dúirt coimisinéir talmhaíochta an AE Phil Hogan agus an comhaontú nua á chosaint aige go gcaithfear gach comhaontú a mheá ina iomláine. Ní féidir margadh trádála a dhéanamh, dar leis, gan géilleadh maidir le hearraí áirithe d’fhonn dul chun cinn a dhéanamh maidir le hearraí eile.

An féidir a chur ina luí ar bhallstáit eile an AE agus ar an gCoimisiún forálacha an chomhaontaithe a athrú? Sin í an chéad cheist mhór atá le réiteach.  

Ina dhiaidh sin, luath nó mall, beidh ceist chrua eile le réiteach. Mura n-athraítear an comhaontú (a) in aon chor nó (b) mura n-athraítear é ar dhóigh a shásóidh feirmeoirí na hÉireann, an mbeidh an rialtas agus an Dáil toilteanach bac a chur ar dhaingniú an chomhaontaithe ar feadh i bhfad?

Buille faoi thuairim: ní bheidh, ar chúiseanna éagsúla, Breatimeacht go háirithe.

Fág freagra ar 'Margadh an AE le tíortha Mercosur – ceisteanna go leor le réiteach'