Maoiniú €200,000 fógartha chun an Ghaeilge a spreagadh i measc lucht gnó Mhaigh Eo

Tá airgead ceadaithe ag an Aire Dara Calleary do Ghnó Mhaigh Eo chun clár oibre na heagraíochta a chur i bhfeidhm go dtí deireadh 2026

Maoiniú €200,000 fógartha chun an Ghaeilge a spreagadh i measc lucht gnó Mhaigh Eo

Tá maoiniú os cionn €200,000 fógartha ag Aire na Gaeltachta  chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc lucht gnó i Maigh Eo.

Tá an t-airgead ceadaithe ag an Aire Dara Calleary do Ghnó Mhaigh Eo chun clár oibre na heagraíochta a chur i bhfeidhm go dtí deireadh 2026.

Cuireann Gnó Mhaigh Eo tacaíocht ar fáil do lucht gnó an chontae chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus iad ag cur táirgí agus seirbhísí ar fáil don phobal. Cuirtear seirbhís aistriúcháin ar fáil chomh maith le seirbhís tacaíochta.

Leis an maoiniú €217,500 a d’fhógair an tAire Calleary, deirtear go mbeidh an eagraíocht in ann leanúint leis an obair sin, chomh maith le ranganna Gaeilge a chur ar fáil, na gradaim ghnó a reáchtáil agus páirt a ghlacadh in ócáidí gnó agus cultúrtha sa chontae.

Dúirt an tAire Calleary go bhfuil “obair luachmhar” ar siúl ag Gnó Mhaigh Eo agus go bhfuil an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil i ngnólachtaí ar fud a chontae dúchais mar thoradh ar an obair sin.

“Tá gnólachtaí áitiúla ag baint tairbhe as an tacaíocht a fhaigheann siad ó Ghnó Mhaigh Eo agus tá siad féin ag cur seirbhís luachmhar ar fáil do phobal na Gaeilge sa chontae,” ar sé.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo, Niamh de Búrca, go gcabhródh an maoiniú leis an obair a dhéanann an eagraíocht le gnólachtaí agus leis an obair atá ar bun aici mar cheanneagraíocht ar dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta – Caisleán an Bharraigh agus Baile an Róba.

Fág freagra ar 'Maoiniú €200,000 fógartha chun an Ghaeilge a spreagadh i measc lucht gnó Mhaigh Eo'