Maoiniú breise €630,000 ceadaithe d’Fhoras na Gaeilge le bille pinsin a íoc

Deir Aire Gaeltachta Dara Calleary go bhfágann an maoiniú breise don Fhoras go mbeidh siad in ann na ciorruithe a bhí beartaithe acu a chur ar ceal

Maoiniú breise €630,000 ceadaithe d’Fhoras na Gaeilge le bille pinsin a íoc

Tá íocaíocht bhreise aon uaire €630,000 ceadaithe d’Fhoras na Gaeilge ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas. Bhí cruinniú ag an CATT inniu in Ard Mhacha faoi chathaoirleacht an Aire Gaeltachta Dara Calleary.

Baineann an íocaíocht aon uaire leis na costais stairiúla pinsin atá ar an bhForas agus dúirt an tAire Gaeltachta go gcuirfeadh an maoiniú ar chumas Fhoras na Gaeilge na ciorruithe a d’fhógair siad níos luaithe i mbliana a chur ar ceal.

Baineadh siar as eagraíochtaí agus grúpaí pobail ag deireadh mhí Eanáir seo caite nuair a d’fhógair Foras na Gaeilge go raibh ciorruithe breis is €800,000 le déanamh ar an maoiniú a chuirfidh an eagraíocht ar fáil i mbliana.

“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire [Gordon] Lyons agus lena Roinn [Pobal] as a gcomhoibriú san ábhar seo, faoina mbeidh muid ag cur airgead breise aonuaire ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise chomh maith do 2025,” a dúirt Aire na Gaeltachta, Dara Calleary.

“Cuirim fáilte freisin roimh an rún go ndéanfar plé idir na Ranna agus na gníomhaireachtaí ar raon ábhar, lena n-áirítear rialachas agus déileáil le costais phinsin don chéad tréimhse maoinithe eile,” a dúirt an tAire Calleary inniu.

D’fhreastail an tAire Calleary, an tAire Lyons agus an tAire Sóisearach in Oifig Feidhmiúcháin an Tuaiscirt Aisling Reilly ar an gcruinniú in Ard Mhacha ar maidin, mar aon le hionadaithe ón dá ghníomhaireacht de chuid an Fhorais Teanga Thuaidh Theas – Foras na Gaeilge agus Tha Boord O Ulstèr-Scotch.

D’fhógair Foras na Gaeilge i mí Eanáir go raibh “bearna mhór i mbuiséad 2025” acu agus go raibh ciorruithe le déanamh dá réir.

Tá arduithe leanúnacha ar rátaí pá agus bille mór pinsean, a chuimsíonn pinsin fhostaithe Bhord na Gaeilge, an eagraíocht a bhí ann sular bunaíodh an Foras, ag cruthú deacrachtaí d’Fhoras na Gaeilge le roinnt blianta anuas.

Léirigh miontuairiscí ó chruinnithe de chuid bhord an Fhorais anuraidh go mbíonn ar an eagraíocht pinsean a íoc do 30 duine a bhíodh ag obair do Bhord na Gaeilge roimhe sin. As an mbuiséad reatha a thagann na híocaíochtaí pinsin seo gach bliain, rud nach mbíonn i gceist le go leor leor eagraíochtaí eile.

Dúradh gur “costas dosheachanta” a bhí sna pinsin agus cé go raibh “treoir shoiléir” tugtha ag an dá rialtas gur chóir maoiniú breise a chur ar fáil le bille na bpinsean a íoc, ní raibh “an treoir sin á cur i bhfeidhm”.

De réir mar a mhéadódh ar an gcostas a bhaineann leis na híocaíochtaí sin, is amhlaidh gur “lú a bheadh ar fáil le haghaidh scéimeanna Fhoras na Gaeilge,” a dúradh.

D’fhógair an tAire Calleary freisin inniu gur ceapadh nó athcheapadh seisear comhaltaí boird de chuid Fhoras na Gaeilge. Athcheapadh cathaoirleach an bhoird Regina Uí Chollatáin agus na comhaltaí Liam Rushe, Freda Nic Giolla Chatháin, agus Old Majekodunmi. Ceapadh Dáithí Mac Cárthaigh agus Neasa Ní Chiaráin freisin.

Fág freagra ar 'Maoiniú breise €630,000 ceadaithe d’Fhoras na Gaeilge le bille pinsin a íoc'

  • Seán Mac Bhriain

    Bhí mé ag déanamh amach riamh gur mhasla don Ultais a bhí ann nuair a baistíodh “Foras na Gaeilge” ar “An Comhlacht Teanga”. Rud a déarfainn nach bhfuil de réir mheon an Chomhaontaithe.