Maoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta luaite i bplécháipéis rialtais Fhine Gael

Deirtear sa dréachtcháipéis nua go bhfuil an Ghaeilge ‘ríthábhachtach’ d’oidhreacht agus do chultúr na hÉireann agus gur gá don chéad rialtas eile feidhm a thabhairt ‘céim ar chéim’ don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

05/04/2016 General Election 2016. Pictured is Minister Simon Harris speaking to the media today at the Government Buildings as the talks for forming a government continue. Photo: RollingNews.ie
An tAire Simon Harris i mbun agallaimh faoi chainteanna a pháirtí le Teachtaí Dála neamhspleácha. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá maoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta agus tábhacht na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge luaite sa phlécháipéis atá curtha i dtoll a chéile ag Fine Gael mar thoradh ar na cainteanna atá ar siúl ag an bpáirtí sin maidir le rialtas a chur ar bun.

Deirtear sa cháipéis A New Partnership Government: A Foundation Document go gcuirfí €300 milliún breise ar fáil do Enterprise Ireland agus Údarás na Gaeltachta sa chás go n-éireodh le Fine Gael agus Teachtaí Dála eile rialtas a chur ar bun.

Ní luaitear go sonrach, áfach, cén sciar den €300 milliún sin a bhronnfaí ar Údarás na Gaeltachta.

Ní raibh aon tagairt do mhaoiniú breise a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta i bhforógra toghchánaíochta Fhine Gael, rud a chuir díomá ar Chonradh na Gaeilge a d’iarr ar gach páirtí geallúint réamhthoghcháin a thabhairt go gcuirfí airgead breise ar fáil don Údarás agus d’Fhoras na Gaeilge.

Deirtear sa dréachtcháipéis nua go bhfuil an Ghaeilge ‘ríthábhachtach’ d’oidhreacht agus do chultúr na hÉireann agus gur gá don chéad rialtas eile feidhm a thabhairt ‘céim ar chéim’ don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Is gá leis a deirtear cur le lion na gcainteoirí laethúla Gaeilge agus a chinntiú go mbíonn an Ghaeilge ‘níos feiceálaí’.

Maítear chomh maith go ndíreodh aon rialtas nua a chuirfeadh Fine Gael ar bun ar chruthú fostaíochta sa Ghaeltacht tríd Údarás na Gaeltachta. Dhéanfaí iarracht cur le líon na bpáistí Gaeltachta a bhaineann leas as an réamhscolaíocht trí mheán na Gaeilge agus chuirfí deireadh le maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach ‘as circumstances allow’.

In a bhforógra toghchánaíochta, thug Fine Gael droim láimhe le h-éilimh réamhthoghcháin Chonradh na Gaeilge – go mbunófaí coiste Oireachtais do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, go gceapfaí Aire Sinsearach a mbeadh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta mar phríomhchúram air agus go gcuirfí €18 milliún breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

 

Fág freagra ar 'Maoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta luaite i bplécháipéis rialtais Fhine Gael'