CULTÚR: Mamaí Gé i nGaoth Dobhair, Ceolchoirm do Focus Ireland, Cóisir na Nollag don Óige i Ráth Chairn

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

CULTÚR: Mamaí Gé i nGaoth Dobhair, Ceolchoirm do Focus Ireland, Cóisir na Nollag don Óige i Ráth Chairn

LEABHAIR

Seoladh Mamaí Gé in Amharclann Ghaoth Dobhair

Beidh an seoidleabhar Mamaí Gé á sheoladh ar an Satharn 14 Nollaig ag 2 i.n. in Amharclann Ghaoth Dobhair. Foilsithe ag Éabhlóid, is seoidleabhar dátheangach do pháistí é ina bhfuil aistriúcháin le Gabriel Rosenstock ar rannta traidisiúnta Mother Goose agus iad maisithe go galánta ag an ealaíontóir Kim Sharkey.

Tá fáilte roimh chách go dtí an seoladh ag a mbeidh ealaín le Kim Sharkey ar taispeáint, neart rannta agus scéalta le cloisteáil ó scoth na léitheoirí óga in éineacht le Suzanne Ní Ghallchóir. Beidh Kim Sharkey ansin ag síniú cóipeanna den leabhar. Ceannaigh cóip anseo.

CEOL

Oíche Cheoil ar mhaithe le Focus Ireland

Tá Iarnród Éireann agus buíon ceoltóirí ag cur oíche den cheol tíre agus ceol traidisiúnta ar bun in Ardeaglais Theampall Chríost ar mhaithe le Focus Ireland. An Turas Abhaile atá ar an ócáid fíorspeisialta seo ag a mbeidh aird á tarraingt ar chás na ndaoine gan dídean an Nollaig seo agus ceiliúradh á dhéanamh ar an gceol traidisiúnta agus tíre.

Ócáid dhátheangach í agus is iad na haíonna speisialta a bheidh ag glacadh páirt ann ná, The Bonnymen, Aoife Ní Bhriain, Mick O’Brien, Liam O’Connor, Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta, agus Ciara Ní É.

Tá an ócáid seo ar cheann de roinnt tionscnamh bailithe airgid a bhíonn ar bun i rith mhí na Nollag i stáisiúin traenach mar chuid den chomhpháirtíocht idir Iarnród Éireann agus Focus Ireland.

Beidh an cheolchoirm ar bun ar an Mháirt, 17 Nollaig ag 7:30 i.n. go 11 i.n., €30 atá ar na ticéid agus tá siad ar fáil anseo.

GRADAM

Glaoch ar ainmniúcháin ó TG4 don Ghradam Comaoine 2025

Tá fáilte curtha ag TG4 roimh ainmniúcháin ón bpobal don Ghradam Comaoine TG4 do Ghradam Ceoil 2025. Seo í an tríú bliain a mbeidh idir ainmniúcháin ón bpobal agus ó phainéal roghnúcháin i gceist chun an rogha a dhéanamh.

Bronnadh an Gradam Comaoine den chéad uair sa mbliain 2006 chun aitheantas a thabhairt don obair éachtach atá á déanamh ag daoine chun ceol traidisiúnta na hÉireann a chaomhnú agus a scaipeadh.

D’fhéadfaí an Gradam Comaoine seo a bhronnadh ar dhuine mar gheall ar a gcuid oibre mar mhúinteoir, taighdeoir, scríbhneoir, eagraí imeachtaí, meantóir, léiritheoir, gníomhaí pobail nó ar dhuine de lucht tacaíochta na n-ealaíon traidisiúnta.

Glacfar le hiarratais go dtí an 4 Feabhra, 2025. Tá gach eolas, liosta na ndaoine ar bronnadh an gradam orthu blianta eile agus foirm ainmniúcháin ar fáil anseo.

IMEACHTAÍ

Céilí na Nollag i gClub na Múinteoirí

Beidh sé ina cheol is ina chraic ag Céilí na Nollag atá á eagrú ag Baile Átha Cliath le Gaeilge d’fhoghlaimeoirí Gaeilge. Cuirfear an céilí ar bun i gClub na Múinteoirí ar an Luan, 16 Nollaig ag tosú ag a 7:00 i.n. Cuirfear ceol beo agus damhsa ar bun ag an ócáid atá á reáchtáil i gcomhar le Conradh na Gaeilge agus Gael Linn. Níl aon táille ar an doras ach is gá ticéad a chur in áirithe roimh ré.

Oíche Shóisialta na Nollag in Áras Inis Gluaire

Tá oíche shóisialta na Nollag ar siúl in Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, tráthnóna inniu agus í á heagrú ag Gaeilge Iorrais. Tosóidh na himeachtaí ag a 6 i.n. agus cuirfear tae agus sólaistí ar fáil, chomh maith le cluichí agus caint agus comhrá trí Ghaeilge.

Beidh Seisiún na nÓg ar siúl díreach ina dhiaidh sin, ag tosú ag a 7 i.n. Ócáid Ghaelach í seo atá dírithe ar theaghlaigh agus beidh ceol, amhránaíocht agus oíche chomhluadair trí Ghaeilge ann. Ní bheidh aon ticéad ag an doras, níl ann ach bualadh isteach is beidh fáilte roimh chách.

Cóisir na Nollag don Óige i Ráth Chairn

Tá Cóisir na Nollag don Óige á reáchtáil i Ráth Chairn ag Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí. Beidh an chóisir ar bun ar an Aoine, an 20ú Nollaig óna 3i.n. go dtí a 5 i.n. in Áras Pobail Ráth Chairn. Tá cuireadh á thabhairt do na daoine óga ar fad a bhí páirteach in imeachtaí Gaeilge an choiste i rith na bliana. Níl aon táille ar an doras ach ní mór clárú roimh ré trí r-phost a sheoladh chuig: ursula@gaeltachtnami.ie

BÉALOIDEAS

Cúrsa i mBéaloideas na hÉireann le Gaelchultúr

Tá an clárúchán oscailte anois do chúrsa i mBéaloideas na hÉireann a bheidh á reáchtáil sa mbliain nua ag Gaelchultúr. Cúrsa 10 seachtaine ar-líne atá ann agus é á stiúradh ag Dubhán Ó Longáin. Díreofar ar nósanna, piseoga agus siamsaíocht a bhaineann leis an bhféilire Gaelach ar an gcúrsa seo.

Déanfar plé freisin ar na traidisiúin a bhaineann leis an gCríostaíocht, an réamhChríostaíocht agus réimse leathan ócáidí Gaelacha. Cúrsa é atá feiliúnach do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Cuirfear tús leis an gcúrsa ar an 19 Feabhra, €249 atá air agus is féidir clárú anseo.

Fág freagra ar 'CULTÚR: Mamaí Gé i nGaoth Dobhair, Ceolchoirm do Focus Ireland, Cóisir na Nollag don Óige i Ráth Chairn'