Anois ar theacht shaoire na Nollag don scríbhneoir …

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: is maith a thuigeann ár gcolúnaí gurbh fhearr dó úsáid a bhaint as saoire na Nollag chun sos a thógáil ach …

Anois ar theacht shaoire na Nollag don scríbhneoir …

Nach ait an chaoi a spreagann an féilire cuimhní?

Agus saoire na Nollag ag druidim linn, cuimhním ar na sceitimíní a bhíodh orm an t-am seo den bhliain agus mé i mo ghasúr. Ní crann Nollag ná bronntanais ba chúis leis sin, ach an tsaoire ón scoil, coicís iomlán chun tabhairt faoi thogra cruthaitheach éigin.

Ní bhíodh rogha agat ach tabhairt faoina leithéid, mar níos minice ná a mhalairt ní sneachta ach fearthainn agus gaoth fheannta a bheadh romhat taobh amuigh agus rachfá glan as do mheabhair (nó chuirfeá do thuistí glan as a meabhair siúd) gan léaráid, gan dráma a léireofá san áiléar le deirfiúracha, deartháireacha agus cairde, nó leabhar a scríobhfá ar chlóscríobhán do dheaide nó do mham.

Ní bheadh an clóscríobhán sin (nó an ríomhaire, más rud é gur rugadh thú tar éis 1980) in úsáid ag do mhuintir féin thar thréimhse na Nollag mar bhí siad féin.

  1. Spíonta, dubh dóite agus tuirseach traochta
  2. Ar tí ollchliseadh néarógach a bheith acu de bharr chóisirí Nollag a bhí le pleanáil, colscarthaí a bhí le fáil, caidrimh rúnda nach raibh ag oibriú amach, de bharr easpa airgid agus fadhbanna éagsúla sláinte, a muintir féin a bhí ar thairseach an bháis agus míle rud eile nár thuig tú, gan trácht ar chúrsaí polaitíochta.

Anois agus mé ar comhaois le mo dheaide nuair a bhí mé féin in aois scoile agus níos sine ná mar a bhí mo mham an tráth sin, is maith a thuigim gurbh fhearr dom sos a ghlacadh thar thréimhse na Nollag seachas tabhairt faoi thogra liteartha éigin, ach níl neart agam orm féin agus amhail is nach leor ceann amháin, tá trí thogra romham as seo go ceann coicíse:

  1. Sracfhéachaint dheireanach amháin a thabhairt ar m’úrscéal agus an diabhal rud a chur amach chuig slám foilsitheoirí arís
  2. An carn leabhar a cheannaigh mé i Meiriceá ar na mallaibh a léamh
  3. Tús a chur faoi dheireadh le togra scríbhneoireachta nua a bhfuilim ag ullmhú dó le tamall de mhíonna anuas

Níl baol ar bith, gan amhras, go gcríochnóidh mé oiread agus ceann de na tograí sin sula mbeidh saoire na Nollag thart. Sofhriotal atá i ‘sracfhéachaint dheireanach amháin’ ar bhabhta eagarthóireachta eile, ar éigean a éireoidh liom 14 leabhair a léamh i 14 lá, agus an togra nua úd? Beidh mé sásta má éiríonn liom an chéad abairt a chur ar phár.

Ach feicfidh mé liom, ligfidh mé do shruth na scríbhneoireachta agus na léitheoireachta mé a thabhairt ar seachrán. Sin é an rud is tábhachtaí: a bheith ag spraoi mar a bheinn i mo pháiste arís, fiú más iad na huirlisí oibre a mbainim úsáid astu ó cheann ceann na bliana mo chuid bréagán.

Guím saoire chruthaitheach oraibh ar fad agus feicfimid a chéile ar na leathanaigh seo san athbhliain.

Fág freagra ar 'Anois ar theacht shaoire na Nollag don scríbhneoir …'