Go leor béalchráifeachta agus cur i gcéill ag baint le bunú comhrialtais

Níor cheart go dtógfadh sé an tsíoraíocht margadh a dhéanamh leis na neamhspleáigh atá tagtha le chéile mar ghrúpa réigiúnach

Go leor béalchráifeachta agus cur i gcéill ag baint le bunú comhrialtais

Bíonn ábhar machnaimh againn ar fad i rith shaoire na Nollag agus níos minice ná a mhalairt déanann muid athbhreithniú ar a bhfuil bainte amach le bliain agus na mianta atá againn don bhliain seo romhainn. Is minic, freisin, go mbíonn na mianta sin caite i dtraipisí faoi lá chinn an dá lá dhéag ach uaireanta déantar iarracht cloí leo.

Tá polaiteoirí na tíre anois ag dul ó phosta go piléar le coicís ó bhí an t-olltoghchán againn agus iad ag rá go bhfuil siad ag plé roghanna rialtais lena chéile. Tá go leor béalchráifeachta agus cur i gcéill ag baint leis an útamáil atá ar siúl acu faoi bhunú comhrialtais. Meas tú an bhféadfaí a iarraidh orthu deireadh a chur leis sa mbliain nua, rialtas a bhunú agus tabhairt faoi riaradh na tíre?

Bhí sé soiléir luath go maith le linn an fheachtais go raibh Fianna Fáil agus Fine Gael ag faire ar a chéile le comhrialtas a bhunú ach nach bhféadfadh ceachtar dream sin a rá gan fearg a chur ar chuid dá lucht tacaíochta traidisiúnta féin agus ar fhaitíos nach mbeadh na huimhreacha ó thaobh suíochán cóiriúil nuair a bheadh na vótaí comhairthe.

Bhí a fhios againn freisin, ainneoin a ndeir Mary Lou McDonald, nach mbeadh dóthain suíochán go deo ag Sinn Féin le comhrialtas a bhunú gan Fianna Fáil nó Fine Gael. Aisteach go leor sin mar atá tarlaithe ach tá blúirí cainte agus blúirí físe á dtaifeadadh in aghaidh an lae in iarracht a chur ina luí orainn go bhfuil malairt rialtais ar fáil seachas Fianna Fáil, Fine Gael agus cos éigin eile faoin stól.

Baineann an chaint faoi láthair leis an tríú cos sin. Níor cheart go dtógfadh sé an tsíoraíocht margadh a dhéanamh leis na neamhspleáigh atá tagtha le chéile mar ghrúpa réigiúnach. Glacaim leis go mbeidh clár rialtais na mórpháirtithe bunaithe cuid mhór ar na geallúintí a thug siad sa gceann deiridh, nár comhlíonadh. Beidh liosta ag na Teachtaí neamhspleácha ach níl ann ach deichniúr acu agus is féidir a bheith cinnte go mbainfidh formhór a gcuid éileamh sin le feabhas a chur ar sheirbhísí agus bonneagar taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, rud ba cheart a bheith mar sprioc ag aon rialtas cóir, nár cheart?

Fágann sin an eite chlé agus go háirithe an Lucht Oibre. Is léir go bhfuil siad ag leanacht le traidisiún breá na hÉireann, tabhairt faoin deighilt sula dtabharfar faoin ngníomh. Tá na cosa ag rith ó Alan Kelly agus a leithéid le dul i rialtas ach tá baill eile glan ina aghaidh. Tá imní orthu go ndéanfar scrios arís eile orthu faoi bheith páirteach i gcomhrialtas.

Tá Sinn Féin fágtha ar leataobh arís eile – ní labhróidh Micheál Martin leo cé go samhlaím go bhfuil daoine ina pháirtí nach mbeadh locht ar bith acu orthu. Caithfidh siad glacadh leis nach bhfuair siad na suíocháin ná an tacaíocht le rialtas a bhunú agus cinnte nach bhfuil dóthain sa meascán mearaí eile ar an eite chlé le comhrialtas a bunú faoi láthair.

Tá na roghanna soiléir go maith agus tá na cainteanna tosaithe – nár dheas an bronntanas Nollag dúinn ar fad dá gcuirfidís dlús leis an obair agus a gcuid machnaimh a bheith déanta acu as seo go ceann deich lá. Bheadh saoire Nollag dheas shuaimhneach againn ar fad ar an gcaoi sin agus bheadh rialtas faoi réir le tabhairt faoin obair in 2025!

Fág freagra ar 'Go leor béalchráifeachta agus cur i gcéill ag baint le bunú comhrialtais'