Is í Deirdre Ní Choistín, Ceannasaí Nuachta TG4, atá roghnaithe le bheith ar an gcéad cheannasaí eile ar an stáisiún Gaeilge.
Tuigtear do Tuairisc gurb í Ní Choistín a roghnaíodh sa phróiseas earcaíochta a reáchtáladh chun teacht ar chomharba Alan Esslemont mar cheannasaí ar an stáisiún.
An chéad chéim eile sa phróiseas ná go gcuirfí rogha an bhoird agallaimh os comhair Bhord TG4 agus ina dhiaidh sin go gcuirfí an t-ainmniúchán faoi bhráid an Rialtais. Ní tharlóidh sin go dtí an bhliain nua.
Bheadh Ní Choistín, arb as Cill Dara ó dhúchas di ach a bhfuil cónaí uirthi ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara, ar an gceathrú ceannasaí ar an stáisiún Gaeilge a bunaíodh i 1996 agus bheadh sí ar an gcéad bhean sa ról sin.
Tá sí ag obair le TG4 ó 1999. In 2022 ceapadh í ina cheannasaí nuachta. B’in an chéad uair go raibh ceannasaí nuachta dá leithéid ag TG4 a fhaigheann a soláthar nuachta agus cúrsaí reatha ó RTÉ.
Roimhe sin bhí sí ina bainisteoir cumarsáide. Ba í chomh maith a chuir tús leis an ardán ar líne Molscéal. Sular bunaíodh Molscéal in 2017, mar léiritheoir agus mar stiúrthóir a bhíodh sí ag obair den chuid is mó agus baint aici le cláir amhail 7Lá, Comhrá, Róisín agus Léirmheas Leabhar.
Tá sí pósta ar Bhreandán Ó Conláin, as an Spidéal, agus tá ceathrar mac acu, Finian, Fiachra, Darach agus Éanna.
Tá Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont ag éirí as an bpost in Aibreán na bliana seo chugainn, tráth a mbeidh seacht mbliana go leith caite aige ina cheannasaí ar an stáisiún.
Beidh an tArd-Stiúrthóir nua ag teacht i gceannas tráth a mbeidh TG4 ag iarraidh seirbhís nuachta a bhunú a bheidh neamhspleách ó RTÉ.
Is é mian TG4 go mbeadh neamhspleáchas bainte amach dá seirbhís nuachta agus cúrsaí reatha faoi Mheán Fómhair 2025 ach tá aighneas idir an craoltóir agus RTÉ le tamall faoin bplean a bhfuil glactha ag an Rialtas leis.
Léitheoir
Deamhan duine ní b’fhearr don ról! Go maire tú do nuacht Dheirdre. Hup an Baile Beag!
Seosaimhín ni Bheaglaoich
Mo sheasamh uirthi. Comhgháirdeachas lei.