Mair a íospartaigh agus gheobhair…céard?

Arbh fhearr le Príomh-Aire na Breataine a cúlbhinseoirí, an DUP, an MOD agus roinnt iarshaighdiúirí a shuaimhniú ná freastal ar riachtanais na n-íospartach abhus?

Mair a íospartaigh agus gheobhair…céard?

Dúirt Príomh-Aire na Breataine, Theresa May, le feisirí i dTeach na Parlaiminte i Westminster Dé Céadaoin go raibh éagóir á déanamh ar fhórsaí an stáit i bhfiosrúcháin faoi oidhreacht na dTrioblóidí.

“Is iad ár bhfórsaí armtha agus daoine a chuir an dlí i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann amháin atá á bhfiosrú faoi eachtraí stairiúla. Éagóir ríshoiléir is ea é. Níl sceimhlitheoirí á bhfiosrú ach ba cheart go mbeidís agus sin é a theastaíonn ón rialtas,” arsa Theresa May.

Ní hamháin go raibh an Príomh-Aire ag cur a ladair i ngnóthaí na bpóilíní ach bhí an ráiteas míchruinn. Bhí sé ag teacht salach ar ráitis a rinne eagraíochtaí riar na córa nuair a bhí an sórt sin cainte ar siúl cheana, bliain ó shin. De réir na bhfigiúirí a sholáthair an PSNI don BBC baineann níos lú ná aon trian de na cásanna atá á bhfiosrú acu (30%) le saighdiúirí nó fórsaí cosanta. Coireanna paraimíleatacha is ea an dá thrian eile ar fad, nach mór.

Chuir an Príomh-Aire an Pharlaimint amú, mar sin. “Níl sé fíor” an breithiúnas a thug iar-aire cirt Stormont, David Ford ar leagan amach an Phríomh-Aire. Bhí Sinn Féin agus an SDLP ar buile, iad ag éileamh go dtarraingeofaí siar an míchruinneas. Díol suntais ab ea é gur admhaigh an DUP nárbh fhíor do May gur feidhmeannaigh stáit amháin a bhí á bhfiosrú ach mhaígh siad go raibh an ceart aici, i bprionsabal. Is fada an DUP ag rá go bhfuil iomarca airde dá dhíriú ar ról na bhfórsaí cosanta in eachtraí conspóideacha in áit a bheith ag ciontú na bparaimíleatach, poblachtánaithe go háirithe.

Ní ón ghaoth a tháinig ráiteas Theresa May. Níos túisce sa lá dúirt Státrúnaí Thuaisceart Éireann Karen Bradley “is iad na saighdiúirí an t-aon dream atá ag cloisteáil cnag ar an doras le rá leo freastal ar ionchoisní. Caithfear é sin a athrú,” ar sí is í ag geallúint go mbunódh sí comhairliúchán poiblí faoi oidhreacht na dTrioblóidí, rud a d’fhógair Rialtas na Breataine Dé hAoine.

Mar sin féin, nuair a fógraíodh an próiseas, tugadh le fios go raibh “lántacaíocht” an Státrúnaí aige.

Mairfidh an próiseas comhairliúcháin ceithre mhí, go dtí an 10 Meán Fómhair, ach cá bhfios cé na hathruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin, má dhéantar aon rud.

Cuireadh cor nua sa scéal roimh an seisiún parlaiminte sin ar an gCéadaoin. Tuairiscítear go raibh sé ina raic ag cruinniú na nAirí an lá roimhe sin nuair a chuir Bradley an téacs faoi bhráid a comhghleacaithe. Tá eite den pháirtí Caomhach, iarshaighdiúirí agus an MOD le fada ag éileamh go gcuirfí reacht na dtréimhsí i bhfeidhm maidir le fórsaí stáit abhus- pardún nó saoirse ó chúiseamh faoi ainm eile a bheadh ansin.

Teastaíonn ón DUP go mbeadh saighdiúirí a bhí san Iaráic, san Afganastáin agus áiteanna eile chomh maith le Tuaisceart Éireann, slán ó chúiseamh. Dá mbainfeadh an reacht leis an tuaisceart amháin chaithfí an pardún céanna a thabhairt do pharaimíleataigh, rud nach bhféadfaidís glacadh leis ar siad.

Níl moladh faoi reacht na dtréimhsí nó pardún sa chomhairliúchán a chuir Bradley ar fáil don chúig phríomhpháirtí i Stormont os cionn seachtain ó shin. Ní foláir nó go raibh an Príomh-Aire agus an Státrúnaí ag iarraidh lucht tacaíochta na saighdiúirí a chur ar a suaimhneas faoin easnamh sin. Ní féidir leis an bPríomh-Aire a dhul sa seans go dtarlódh scoilt nua sa pháirtí.

Íospartaigh in áit na leathphingine i ngeall ar chogadh cathartha na gCaomhach an bhreith a thug Michelle O’Neill, leascheannaire Shinn Féin air. Dúirt Colum Eastwood, ceannaire an SDLP gur scannal é go scaipfí bréaga sa Pharlaimint, gan cheist. I gcomhrá teasaí le Karen Bradley d’éiligh sé go gceartófaí an taifead i Westminster agus go n-éireofaí as mí-úsáid na n-íospartach ar mhaithe leis an DUP agus a gcuid easaontóirí féin a shásamh.

Bhíothas ag súil go bhfógrófaí an comhairliúchán Dé Céadaoin ach cuireadh moill go dtí an Aoine air de bharr an aighnis i measc Airí. Tá sé bunaithe ar na socruithe a rinneadh i Stormont House i mí na Nollag 2014. Bunófar Aonad Fiosrúcháin (a bheidh neamhspleách ar an PSNI) a mbeidh 1700 cás le láimhseáil acu as seo go ceann cúig bliana. Bunófar Coimisiún Eolais a bhaileoidh faisnéis do ghaolta –má iarrtar a leithéid – faoi ionsaithe nach mbeadh fiosrú coiriúil á dhéanamh fúthu. Chomh maith leis sin cuirfear tús le haircív staire a bhaileoidh cuimhní agus scéalta faoi na Trioblóidí agus bunófar grúpa athmhuintearais a mbeidh 11 ball ann, idir ionadaithe de chuid an dá rialtas agus ionadaithe ó pháirtithe an Tuaiscirt. Díol suntais é nach bhfuil aon trácht ann ar mhaoiniú d’ionchoisní.

Bhain iompar Theresa May agus an Státrúnaí Bradley geit as daoine an tseachtain seo. Nuair a bhí an port céanna ag an t-iarStátrúnaí James Brokenshire an port céanna bhí a chosa nite mar chathaoirleach neamhspleách ar chainteanna. Ní raibh muinín ag éinne ach aontachtaithe as ina dhiaidh sin.

Tá sé i bhfad níos tromchúisí go ndéanfadh Príomh-Aire a leithéid de ráiteas, gan bunús fírinne ná réasúin. An bhfuil rialtas na Breataine den bharúil nach gá muinín náisiúnaithe i dTuaisceart Éireann a chothú – mar nach mbeidh ann do Stormont go ceann i bhfad? Nó muinín aon duine a cheapann go bhfuil an dualgas céanna ar fhórsaí an stáit is atá ar ghnáthshaoránach an dlí a chomhlíonadh? Arbh fhearr le Príomh-Aire na Breataine a cúlbhinseoirí, an DUP, an MOD agus roinnt iarshaighdiúirí a shuaimhniú ná freastal ar riachtanais na n-íospartach abhus? Liosta le háireamh iad na geallúintí atá tugtha le blianta faoi scéimeanna cabhrach ach is geall le nós anois é cás na n-íospartach a chur ar an méar fhada. Gheobhaidh siad cúnamh – lá éigin, más fíor. Mair a chapaill.

Fág freagra ar 'Mair a íospartaigh agus gheobhair…céard?'