ÓMÓS: Maidhcó Ó Conaire, laoch de chuid Ros Muc agus Chonamara, ar shlí na fírinne

Tá Micheál Ó Conaire imithe uainn ach spreagfaidh a chuimhne agus a mhisneach glúin eile le seasamh go láidir daingean ar son Ros Muc, ar son Chonamara agus ar son na hÉireann

ÓMÓS: Maidhcó Ó Conaire, laoch de chuid Ros Muc agus Chonamara, ar shlí na fírinne

Pictiúr: Seán Ó Mainnín

‘Fir na scéal mo léan is an bás á leagan,’ a dúirt an file Máirtín Ó Direáin i gceann dá chuid dánta. D’fhéadfaí caint den chineál céanna a dhéanamh faoi Mhicheál Ó Conaire a chuirfear i reilig Chill Bhriocáin i Ros Muc inniu, Dé Máirt.

Maidhcó Mhaidhcil Sheáin Pheaidí a thugtaí ina cheantar dúchais air.

Seans gur scéalta Fiannaíochta is mó a bhí ag na fir a raibh aithne ag Máirtín Ó Direáin orthu. Níorbh é sin an cineál scéalaíochta a chleachtadh Maidhcó. Cúrsaí an lae ab fhearr leisean,  blúirí as stair agus as béaloideas Ros Muc agus cur síos ar eachtraí a tharla dó féin nuair a bhí sé ag obair i Sasana agus i Meiriceá.

Fear a bhí ann a bhí thar a bheith dílis do Ros Muc. Bhí sé bródúil as traidisiún Poblachtach Ros Muc. Ba bhreá leis i gcónaí a bheith ag cur síos air sin, go mór mór do strainséirí.

Is cuimhin liom lá a raibh trí scór cuairteoir againn ar bhus agus muid ag dul ó áit go háit ag tabhairt léargais ar ionaid stairiúla pharóiste Ros Muc. Mise a bhí ag tráchtaireacht ach bhí Maidhcó ar an mbus é féin agus é do mo cheartú nuair a théinn ar strae leis an eolas.

Thug mé iad go dtí an áit ar rugadh agus ar tógadh mo mháthair in Inbhear. D’inis mé dóibh gur minic a bhíodh sí ag cur síos ar an lá ar dhóigh fórsaí na Breataine  cúig theach sa bparóiste tar éis luíocháin Scríb i 1921. Bhí teach a seanathar, nach raibh ach garraí uaithi, ar cheann acu.

Ba mhaith a thuig na Gaill, agus Gaeil á dtreorú, gurbh é uncail mo mháthar, Colm Ó Gaora, a thug an focal d’Óglaigh na hÉireann leis an luíochán a dhéanamh.

Tháinig na Dúchrónaigh agus na póilíní isteach i dteach mo mháthar. ‘Where’s your father, where’s your father?’a bhí siad  a screadach.

‘Gone to Aran with turf,’ a d’fhreagair mo mháthair.  Ní raibh sí ach aon bhliain déag  d’aois ag an am.

‘Nach maith go raibh an oiread sin Béarla agat?’ a deirinnse léi.

‘Muise is dóigh go raibh sé múinte dom sula dtáinig siad, a leainín,’ a deireadh sise.

‘B’fhéidir go raibh,’ arsa Maidhcó as a shuíochán ar an mbus, ‘ach mhúintí cuid mhaith Béarla sa scoil freisin’.

Cheartaigh sé arís mé an oíche ar seoladh an leabhar a scríobh Rónan Mac Con Iomaire faoi laoch dornálaíochta Ros Muc, Seán Ó Mainnín.  I dteach tábhairne Mhaidcó Pheatsa Breathnaigh i Ros Muc a rinneadh an seoladh.

Bhí an teach lán go doras. Mé féin agus Seán Bán Breathnach a rinne an chaint.

Bhí Maidhcó Ó Conaire thuas ag an gcuntar agus é ag baint súmóga blasta as gloine fuisce. Ba bhreá uaidh a chuid fuisce a ól chuile lá ariamh.

‘Is maith na cainteoirí an bheirt agaibh,’ a dúirt sé, ‘ach rinne sibh dearmad mór  amháin mar sin féin; níor labhair sibh ar Mhaidhc Flaherty chor ar bith.’

Ba é Maidhc Flaherty a thraenáil Seán Ó Mainnín i dtosach agus bhí ómós an domhain ag Seán dó. I mBoston a bhí an Mainníneach an oíche sin. Dá mbeadh seisean ag seoladh  an leabhair in éineacht linn bheadh Maidhc Flaherty ar an gcéad duine a labharfadh sé air.

Chaith Maidhcó tréimhse ina shaoiste ar scéimeanna fostaíochta pobail. Má chonaic sé geaingir ag baint an chraicinn dá gcuid fear oibre i Sasana níor thug seisean tada den bhealach sin abhaile leis. Ba ghroíúil, tuisceanach, foighdeach an saoiste é.

Ach nuair atá deireadh ráite,  is dóichí go gcuimhneofar go háithrid ar Mhaidhcó faoin gcaoi ar sheas sé go misniúil, dílis nuair a bhí feachtas na mbóithre ar bun ag an eagraíocht Cumhacht. Cuireadh i bpríosún é nuair nach n-íocfadh sé cáin bhóthair mar agóid i gcoinne dhrochbhail na mbóithre i gConamara. Ba mhór an chúis mhaíte agus onóra é sin aige go lá a bháis.

Cúpla lá sular cailleadh é, dúirt sé le mac a dhearthára go raibh súil aige go mbeadh biseach air i gcomhair shlógadh na gcarranna Dé Domhnaigh le haird a tharraingt aríst eile ar an drochbhail atá fágtha ar na bóithre. Faraor ní raibh sé i ndán dó gur mar sin a tharlódh.

Ar maidin Dé Domhnaigh a shéalaigh sé.

Nach é a bheadh bródúil ag breathnú ar mhac eile lena dheartháir, Mánas, ag stiúradh na gcarranna ag crosbhóthar Scríb tráthnóna Dé Domhnaigh?

Tá Maidhcó bocht imithe uainn ach spreagfaidh a chuimhne, a mhisneach agus a shampla glúin eile le seasamh go láidir daingean ar son Ros Muc, ar son Chonamara agus ar son na hÉireann.

Fág freagra ar 'ÓMÓS: Maidhcó Ó Conaire, laoch de chuid Ros Muc agus Chonamara, ar shlí na fírinne'

  • Máirín Mhic Lochlainn

    Go ndéana Dia trócaire air, ba laoch a bhí ann go cinnte. Fear uasal Gaelach!
    Píosa breá curtha le chéile agat a Sheosamh, mar is dual duit, bheadh sé bróduil as!