Mac léinn sagartóireachta amháin atá ag staidéar in Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath 

San iomlán, níl ach 35 mac léinn i gColáiste Phádraig i Maigh Nuad atá leagtha ar sheirbhís sagartóireachta a thabhairt i nDeoisí na hÉireann

Mac léinn sagartóireachta amháin atá ag staidéar in Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath 

Mac léinn sagartóireachta amháin as Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath atá i mbun staidéir anois.  Is é Baile Átha Cliath an Deoise is mó in Éirinn ó thaobh daonra – 1.5 milliún Caitliceach agus 191 paróiste uilig atá ann.   “Ní dóigh liom go mbeidh mac léinn sagartóireachta ar bith san Ard-Deoise ach a n-oirneofar mé i mbliana,” a deir Joe Keegan as Cill na Gráinsí agus é ag scríobh i nuachtlitir Chumann Tacaíochta na Sagart Óg.  “Sin é an saol atá ann anois,” a deir Keegan.

Sin é an saol a ndeachaigh an tArd-Easpag nua, Dermot Farrell, i gceannas air le gairid i réigiún na príomhchathrach in Éirinn. 

San iarthar níl ach beirt mhac léinn sagartóireachta in Ard-Deoise Thuama, ceantar ina bhfuil cuid mhór de chontaetha na Gaillimhe agus Mhaigh Eo.  Is ann, ar  ndóigh, atá péire de na hionaid is mó sa tír atá luaite leis an Eaglais Chaitliceach – Scrín Chnoc Mhuire agus Cruach Phádraig. 

Dá laige é Tuaim, níl duine ar bith as Deoise Chluain Fearta i ndeisceart na Gaillimhe i mbun staidéar sagartóireachta anois.  Téann an Deoise seo soir chomh fada le teorainn Uíbh Fhailí agus Ros Comáin agus tá bailte móra Bhéal Átha na Sluaighe agus Bhaile Locha Riach inti.  Ní hé amháin go bhfuil an taobh tíre sin uilig gan ábhar sagairt faoi láthair ach is amhlaidh cás le roinnt blianta.

Ní haon eisceacht é Cluain Fearta. 

San iomlán, níl ach 35 mac léinn i gColáiste Phádraig i Maigh Nuad atá leagtha ar sheirbhís sagartóireachta a thabhairt i nDeoisí na hÉireann.  Bhíodh os cionn a dheich n-oiread sin ann san aimsir a caitheadh. 

“Le linn domsa bheith i Maigh Nuad idir 500 agus 550 a bhíodh ann,” a deir an Canónach Pádraic Standún, sagart pobail Charna i gConamara agus scríbhneoir aitheanta.   Deireadh na 1960idí agus tús na 1970idí atá i gceist aige. 

Cén fáth gur amhlaidh an scéal ar fud na tíre, ó thaobh gairm na sagartóireachta de?

 Creideann an Canónach Standún go bhfuil dochar mór déanta ag na scannail a nochtadh ó na 1980idí.  “Na scannail sin a bhain le mí-úsáid gasúir go háirithe,” a deir seisean.  “Sa mullach air sin, tarlaíonn athruithe meoin de réir mar a théann na glúnta ar aghaidh; is léir nach bhfeiceann cuimse daoine anois gur fiú do shaol a chaitheamh le gairm Eaglasta.  Sin é an saol atá ann anois.” 

Tá Eric Cooney, Déagánach de chuid na hEaglaise Caitlicí, ina riarthóir ar oifig náisiúnta an chliarlathais Chaitlicigh in Éirinn agus é ag iarraidh borradh a chur faoin líon mac léinn sagartóireachta sa tír.   Ceapann seisean go bhfuil an neamhshuim atá á déanamh ag go leor daoine de na searmanais agus cleachtais an chreidimh Chaitlicigh in Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath ar an bpríomhchúis atá leis an gcúlú ón tsagartóireacht.   “B’fhéidir nach bhfuil an cás chomh feiceálach thart faoin tuath, ach tá sé an-fhollasach anseo i mBaile Átha Cliath nach bhfuil cuimse daoine ag bacadh le teach an phobail ná le himeachtaí na heaglaise.  Ní féidir a bheith ag súil go spreagfar daoine óga i dtreo na sagartachta agus an saol mar sin,” a deir Eric Cooney.

Ceapann an Déagánach Ó Cuanaigh go bhfuil fadhb chreidimh sa tír agus nach bhfuil ugach ná spreagadh ann do dhaoine óga a bheadh ag cuimhneamh ar dhul sna sagairt.  “Tá an easpa creidimh ina dhúshlán ollmhór a gcaithfear aghaidh a thabhairt air,” a deir seisean.  

Ach, idir an dá linn, teastaíonn sagairt le soiscéal na hEaglaise Caitlicí a chraobhscaoileadh agus seirbhísí agus searmanais a chur ar fáil ar na bealaí traidisiúnta.  Cén chaoi a ndéanfar sin?

Feictear d’Eric Ó Cuanaigh go mbeidh níos lú tithe pobail ann agus níos lú seirbhísí.  Ach luann sé sampla praiticiúil leis an líon sagart a mhéadú sa tír- más ar bhun sealadach féin é – sa gColáiste Oiliúna Sagartóireachta a bunaíodh roinnt blianta ó shin i nDún Dealgan.  

Tá an Coláiste seo dírithe ar oiliúint a chur ar fhir óga as tíortha eachtracha atá ag iarraidh tabhairt faoi chúraimí misinéireachta.  Ach, tá orthu tréimhse théis a n-oirnithe a chaitheamh i ndeoise anseo in Éirinn.  Dháréag atá ag freastal ar an gcoláiste sin faoi láthair. 

Tá an Canónach Pádraig Standún agus an Déagánach Eric Ó Cuanaigh ar aon fhocal gur cheart go bhféadfadh fir phósta a dhul sna sagairt.  Go deimhin creideann an Canónach Pádraig Standún gur cheart go mbeadh deis ag mná agus fir a dhul sna sagairt. 

“Tá sé ráite agam le fada,” a deir an Canónach Standún.  “Ba cheart go n-osclófaí amach an Eaglais ar an gcaoi sin.” 

I mBaile Átha Cliath, feiceann an Déagánach Eric  Cooney, tá ag iarraidh daoine a thabhairt i dtreo na sagartóireachta, an saol ag dúnadh isteach ar an Eaglais.   Tá cosán casta roimh an Ard-Easpag nua, Dermot Farrell. Is amhlaidh an cás ag Joe Keegan, an t-aon mhac léinn sagartóireachta i réigiún ina bhfuil 1.5 milliún Caitliceach. 

Fág freagra ar 'Mac léinn sagartóireachta amháin atá ag staidéar in Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath '

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Máirtín Ó Catháin ‘Mac léinn sagartóireachta amháin atá ag staidéar in Ard–Deoise Bhaile Átha Cliath’, tuairisc.ie, Dé hAoine, Feabhra 12, 2021.

    Chuir mise an–spéis sna hailt le Máirtín Ó Catháin le míonna anuas ar Thoghchán na hUachtaránachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá, Samhain 3, 2020. Bhí an Cathánach ar an ngasra beag iriseoirí a rinne iarracht ar Chothrom na Féinne a thabhairt don dá thaobh, agus nach mbíodh ag tarraingt isteach a gcuid féin tuairimí as a riocht san insint.

    ‘Déagánach’ a thugann an Cathánach ar Eric Cooney atá ina Riarthóir ar Oifig Náisiúnta na nGairmeacha ag an Eaglais Chaitliceach. Is é ‘deagánach’ an litriú caigheánach ar an bhfocal sin. Deacon an Béarla a thugann na foclóirí Nua–Ghaeilge ar ‘deagánach’, ach ní hé deacon is ciall le ‘deagánach’ ó cheart ach dean. Riarthóir ar dheoise is ea an Deagánach, agus go bhfios domsa, caithfidh an Deagánach a bheith ina shagart. Ní sagart é an tOirmh. Cooney. Is é ‘deochain’ an focal ceart Gaeilge ar deacon. Buan–deochain is ea an tOirmh. Cooney, agus is i bParóiste Bhaile na Manach, ar an taobh theas de Bhaile Átha Cliath atá seisean lonnaithe. Tá an sloinne ‘Mac an Deagánaigh’, nó ‘Mac an Deagáin’ ann, agus is é Deane an Béarla a bhíonn air sin. Is leagan truaillithe den sloinne sin is ea ‘Ó Cuideagáin’.

    Tá an Deochain Cooney agus an Canónach Pádraig Standún ag aontú le chéile ‘gur cheart go bhféadfadh fir phósta a dhul sna sagairt’. Ceadaítear go heisceachtúil d’fhir phósta dul sna sagairt, ach is gnách gur seandaoine iad na fir sin, a bhfuil a gclann tógtha. Caithfidh mná na bhfear sin a bheith sásta lena gcuid fear a dhul sna sagairt. Eisceachtaí eile is ea na fir ar mhinistrí neamh–Chaitliceacha ba ea tráth iad, ach a d’iompaigh ina gCaitlicigh. Is iad mná na n–iarmhinistrí seo na daoine is mó ar son dlí na haontumha ag an Eaglais Chaitliceach a choinneáil! Ní iarrtar ar na hiarmhinistrí seo gealltanas aontumha a thabhairt, agus iad á n–oirniú ina sagairt Chaitliceacha. Seacht sacraimint atá ag an Eaglais Chaitliceach. Níl ach dhá cheann ag Eaglais na hÉireann, abair. Is gnóthaí i bhfad a bhíonn sagart Caitliceach ná ministir Anglacánach, dá réir sin. Tugann an Eaglais Chaitliceach Rómhánach aitheantas d’Eaglaisí Caitliceacha an Oirthir. Oirnítear fir phósta sna hEaglaisí seo, ach ní bhíonn cead pósta ag sagairt ar baitsiléirí iad. Ní choisrictear ina nEaspaig in Eaglaisí Caitliceacha an Oirthir ach baitsiléirí. Ní mar a chéile agus Eaglaisí Caitliceacha an Oirthir, tá Eaglaisí Ceartchreidmheacha an Oirthir scartha leis an Róimh leis na céadta bliain. Mar sin féin, níl ach aon Eaglais Cheartchreidmheach amháin de chuid an Oirthir a thugann cead pósta do shagairt ar baitsiléirí iad. Ní choisrictear ina nEaspaig ach bailtsiléirí in Eaglaisí Cearthchreidmheacha an Oirthir.

    Go dtí le déanaí, is 4 cinn de Mhion–Ghrádha Beannaithe [de Mhion–Oird] a bhíodh ann –– [Aistire (Doirseoir), Liachtóir, Eacsaircistí agus Acalaí; agus 3 cinn de Mhór–Ghrádha Beannaithe [de Mhór–Oird] –– Fo Dheochain, Deochain, Sagart/Easpag. Ach nuair a bhítí ag bronnadh an Chúigiú Grádh, is é sin, Grádh an Fho–Dheochain [an chéad Ghrádh de na Mór–Ghrádha], chaitheadh an t–ábhar Fo Dheochain gealltanas aontumha, nó móid aontumha, a thabhairt. Sa seansaol, b’iomaí duine uasal, in aois a 45 bliana, a ghabh leis an tsagartacht, nó leis an mbeatha rialta. Dá mb’fhir phósta iad, chaithfidís cead a gcuid ban a fháil, dá mba ag gabháil leis an tsagartacht a bheadh na fir. Ach a dtabharfaí an gealltanas, nó an mhóid aontumha, scaoilfí an pósadh. Ach ábhair na sagart a d’oirneofaí, chaithfidís féachaint chuige go dtabharfaí aire cheart dá gcuid ban, agus dá gclann.

    Níorbh fhéidir fear a oirniú, mura mbeadh teacht isteach curtha in áirithe dó. As saothrú na talún a bhaintí an teacht isteach an uair úd, ar an gcuid ba mhó de. Ba mhar a chéile post biocáire [sagairt], nó post reachtaire [sagairt paróiste] a bheith ag duine –– nó post aba ar mhainistir –– agus ‘post buan inphinsin’ a bheith aige. Uaireanta leanadh an chuid saoltachta na poist úd.

    Chuir an Pápa Pól VI deireadh leis na Mion–Ghrádha Beannaithe, Lúnasa 15, 1972. Tá deireadh curtha le Grádh Beannaithe an Fho–Dheochain chomh maith, agus is 3 cinn de Ghrádha Beannaithe a aithnítear san Eaglais Chaitliceach sa lá atá inniu ann: Deochain, Sagart, agus Easpag.

    Cead pósta a bheith ag na sagairt, mar a mholann an Deochain Cooney, agus an Canónach Standún, conas mar a chuirfeadh sé sin le líon na sagart? Tá cead pósta ag ministrí Protastúnacha ar fud an domhain le fada riamh. Ní ag dul chun cinn atá an tAontas Anglacánach dá dhroim sin, abair. 1% de na Sasanaigh a mhaíonn gur Anglacánaigh iad a bhíonn ag freastal ar an tseirbhís Anglacánach gach uile Shabóid. Ní laghdódh sé ar líon na gcásanna drochíde collaí ach a oiread. 25% de mhinistrí Protastúnacha na Stát Aontaithe atá ciontaithe i ndrochíde chollaí. Timpeall le 5% de shagairt Chaitliceacha an domhain atá ciontaithe sa drochíde chollaí.

    Is é an chúis nach bhfuil ach fíorbheagán sagart a n–oirniú in Éirinn i láthair na huaire, go mbítear ag cur fear ó dhoras a bhíonn ag iarraidh gabháil leis an tsagartacht. An tArd Easpag ar Bhaile Átha Cliath, an Dr Diarmuid Martin, atá díreach éirithe as an bpost, d’aithin sé go bhfuil fadhb mhór homaighnéasachta ar Choláiste Phádraig Mhaigh Nuad le fada. Cé na tuismitheoirí a thacódh le mac dóibh gabháil leis an tsagartacht deoise sa chomhthéacs sin? Na scannail go léir i dtaobh drochíde chollaí ar leanaí agus ar dhaoine óga, agus ceilt na scannal sin le blianta, is cinnte gur laghdaigh siad sin go mór ar an meas a bhí ag na tuataí ar na sagairt agus ar na hEaspaig.

    Le teacht Réabhlóid na Collaíochta i mblianta 1960, agus le foilsiú Humanae Vitae in 1968, is mionlach sagart agus Easpag a ghlacann le teagasc na hEaglaise Caitlicí ar chúrsaí collaíochta agus an phósta. Ainneoin gur cuid de theagasc na hEaglaise is ea a bheith ag tacú leis na slite aiceanta beartaithe muirir, is an–annamh a fheicfidh tú fógra ar bith i dtaobh cúrsaí ar na slite sin ar chlár fógraí séipéil Chaitlicigh ar bith sa tír. Mura nglacann na sagairt agus na hEaspaig féin le teagasc na hEaglaise, an aon iontas é nach bhfuil na tuataí ag glacadh leis, ach a oiread? Níor thug na hEaspaig treoir shoiléir do na tuataí roimh na Reifrinn mhóra a bhí le déanaí ann ar chúrsaí an phósta comhghnéis, ná ar an nginmhilleadh féin. Scoláire Caiticéise é an Dr Éanna Johnson. Déanann an Dr Johnson amach, maidir leis an Teagasc Críostaí de atáthar a mhúineadh le beagnach 50 bliain ar scoileanna ‘Caitliceacha’ na tíre, nach bhfuil sé le haithint air gur Teagasc Críostaí Caitliceach é. Ní thuigeann an gnáth–thuata a thuilleadh cad chuige an Eaglais Chaitliceach. Ní thuigeann sé/sí cad is peaca ann; cad é an difríocht idir peaca marfach agus peaca solathach. Ní chreideann formhór na gCaitliceach i bhFíor–Láithreacht Chríost san Abhlainn Bheannaithe. Creideann formhór na gCaitliceach gur sna Flaithis a chaithfidh siad an tsíoraíocht, ainneoin peacaí marfacha a bheith ar a n–anam, agus iad ag fáil bháis. Ní théann ach mionlach beag chun Faoistine sa lá atá inniu ann. Ní fhéadfadh mórán leanaí a rá leat cad iad na nDeich nAithne. Níl aon phaidir i gceart ag an–chuid leanaí. Má tá sé cinnte gur sna Flaithis a chaithfimid go léir an tsíoraíocht, cén gá atá leis an Eaglais in aon chor? An ea nach bhfuil inti ach club caidrimh ag daoine nach bhfuil níos fearr le déanamh acu?
    Maidir leis an gCanónach Standún a bheith ar son mná a oirniú ina sagairt de, fágann sin nach bhfuil seisean ag glacadh le teagasc do–earráide de chuid na hEaglaise. Tá dlúthbhaint ag an teagasc sin le haontumha na cléire. Tá saol an tsagairt in ainm is a bheith ina scáthán ar nádúr Dé. Ní dia torthúlachta é Dia na Críostaíochta, mar ba ea na déithe Págánacha fadó. Caithfidh an sagart na gnéithe fireanna de Phearsana na Tríonóide a chur in iúl ina shaol féin; agus na gnéithe baineanna díobh chomh maith. Mura mbeadh Dia a bheith ina Athair spioradálta againn go léir, ní bheadh aon duine againn ina dhuine daonna, mar gurb amhlaidh a chuireann Dia anam spioradálta i ngach uile dhuine againn nuair a choimprítear sinn. Is í an atharthacht spioradálta an cineál atharthachta is mó le rá ag Dia –– mar atá ráite ag Scott Hahn sa leabhar breá sin leis–sean, Few Are Chosen. Íosa Críost féin, agus é ar an saol seo, bhíodh cuid de cheannairí na nGiúdach á Dhiamhaslú, mar gheall ar Chríost a bheith gan phósadh. Ar feadh an chuid is mó den Sean–Tiomna, is beag a chreid na Giúdaigh sa saol eile. Ní raibh de shaol eile ann ach an sliocht a bheadh ar dhuine. Ag fanacht le teacht an Mheisias a bhí na Giúdaigh, agus súil ag gach uile athair Giúdach leis gurbh é féin athair an Mheisias. Agus sin é an chúis a mbíodh muirear líonmhar orthu. Níorbh ann d’ainmhian na colainne, ná don bhás, sula ndearnadh Peaca an tSinsir. Chuir Peaca an tSinsir athrú ollmhór ar an duine. Ní hamháin go bhfuil saol an tsagairt in ainm is a bheith ina scáthán ar nádúr Dé, ach cuimhneamh siar ar an duine, mar a bhí roimh Pheaca an tSinsir, is ea an aontumha ag an sagart. Ní do gach uile dhuine saol na haontumha –– mar a dúirt Críost féin. Is seó grinn atá déanta den Eaglais ag an chuid sagart sa lá atá inniu ann –– mar a bheadh Father Ted ann.

  • Antóin

    Oileán na Naomh agus na Saoithe! An aon iontas é nach bhfuil daoine óga ag dul le sagartóireacht. Is fada an lá ó throid ceannairí na hEaglaise ar son an chreidimh i dtír seo na gcarraigeacha Aifrinn. Ina mbéal gan smid atá siad.

    An tír seo ina gceadaíonn an rialtas marú linbh sa bhroinn agus na tréadaithe ina mbéal gan smid. Tír ina maslaíonn daoine na méain creideamh fhormhór an phobail agus na tréadaithe ina mbéal gan smid. An tír seo ina bhfaigheann seandaoine bás gan teaghlach, gan ghaolta agus na tréadaithe ina mbéal gan smid. Gaolta agus cairde seandaoine ag sileadh deor taobh amuigh de sheipéil dhúnta agus na tréadaithe ina mbéal gan smid.

    Siúil Éire na gCuig mBeann inniu agus feicfidh tú fothraigh na mainistreacha a choinnigh lóchrann an chreidimh lasta anallód.

    Meas tú céard a fheicfidh an duine a shiúlfaidh an tír seo i gceann caoga bliain eile?