Má thapaíonn Luimneach níos mó dá ndeiseanna scórála beidh sé an-deacair iad a bhualadh i mbliana

Tá roinnt cluichí suimiúla tábhachtacha againn an deireadh seachtaine seo agus an tríú babhta sa tsraith iománaíochta linn

Má thapaíonn Luimneach níos mó dá ndeiseanna scórála beidh sé an-deacair iad a bhualadh i mbliana

Foireann Luimnigh. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Bhuel tá Corn Mhic Giobúin neadaithe cois Laoi don dara bliain as a chéile agus is iad UCC seaimpíní 2020. Bhí an-chosúlachtaí idir an cluiche leathcheannais agus an cluiche ceannais. Sa dá chluiche bhí an freasúra chun tosaigh go dtí na nóiméid dheireanacha agus bhuaigh UCC an dá chluiche leis an scór céanna (0-18) agus gan ach pointe le spáráil acu. 

Tá an tSraith Allianz againn arís an deireadh seachtaine seo agus cúpla cluiche thar a bheith tábhachtach agus suimiúil romhainn.

Tá seaimpíní na hÉireann Tiobraid Árann fós agus gan aon phointe acu, ach déarfá go mbeidís sásta go leor le cuid maith den imirt atá déanta acu. Bhíodar thar barr sa chéad leath i gcoinne Luimnigh agus bhíodar gob ar ghob le Corcaigh go dtí an fheadóg dheireanach nach mór sa chluiche iontach sin a chaill siad le haon chúilín amháin coicís ó shin.

Beidh siad ar an mbóthar arís amárach agus an Ghaillimh ag feitheamh orthu.

Ní dóigh liom go bhfuil bainisteoir na Gaillimhe Shane O’Neill róshásta leis na taispeántais go dtí seo. Agus nuair a d’imigh Joe Canning den bpáirc sa chluiche deireanach agus é gortaithe bhíodar i bhfad Éireann níos laige mar fhoireann. Tabharfaidh cluiche an lae amárach léiriú eile dúinn ar cá seasann an fhoireann sin i láthair na huaire.

Beidh Corcaigh san Iarmhí amárach agus iad lán de mhisneach i ndiaidh an chluiche sin i gcoinne Thiobraid Árann ag baile, cluiche inar thug siad taispeántas den scoth uathu chun an bua a fháil.

Bhí seachtar nó ochtar den phainéal ag imirt le UCC ar an gCéadaoin agus caithfidh go mbeidh tuirse orthusan roimh a gceathrú cluiche taobh istigh de choicís, gan trácht ar an taisteal go léir agus, b’fhéidir, ábhairín staidéir nó léacht nó dhó chomh maith.

Ach is iad Luimneach is mó atá dulta i bhfeidhm ar fhormhór leantóirí chluiche na fuinseoige go dtí seo. Bhíodar an-mhaith i gcoinne na Gaillimhe agus dornán imreoirí nua ar an bpáirc acu. Bhí údarás ag baint lena gcuid imeartha sa trian láir den ghort agus chruthaigh na tosaithe níos mó ná tríocha deis scórála.

Más féidir leo níos mó de na deiseanna scórála sin a thapú beidh sé an-deacair iad a bhualadh i mbliana. Port Láirge atá ar cuairt chucu anocht agus ceithre phointe sa mhála acu cheana féin. Beidh an taispeántas anseo thar a bheith tábhachtach do na Déise. Ní dóigh liom go bhfuil an toradh chomh tábhachtach céanna. Bhíodar an-mhaith sa chéad chluiche i gcoinne Chorcaí ach ní dóigh liom go raibh an bhainistíocht róshásta le gnéithe áirithe dá gcuid imeartha i gcoinne na hIarmhí. Ach seo teist eile dóibh.

Rachaidh Baile Átha Cliath go Ceatharlach anocht agus a súile acu ar an dá phointe agus tá cluiche mór eile ar siúl amárach idir na comharsana san oirdheisceart, Loch Garman, sa bhaile, agus Cill Chainnigh. Ní dóigh liom go raibh Davy Fitzgerald róshásta gur chaill a fhoireann i gcoinne an Chláir ach tá deis mhaith aige rudaí a chur ina gceart anseo. Loch Garman a bhuaigh na cluichí deireanacha idir an dá chontae.

Ach tá comharthaí dearfacha le sonrú ar imirt Chill Chainnigh go dtí seo, fiú agus iad fós d’uireasa imreoirí Bhaile Héil. Ní bheidh aon easpa díograise anseo.

Tá tús dearfach curtha ag contae an Chláir leis an mbliain agus an dá chluiche atá imeartha buaite acu. Beidh siad sa bhaile amárach agus Laois, atá fós gan faic, mar fhreasúra. Tá Tony Kelly i mbarr a mhaitheasa arís agus é ar an stiúir i lár an ghoirt in éineacht le David McInerney. Tá taispeántas maith ag teastáil ó  Laois ach ní dóigh liom go mbuafaidh siad.

Mar sin téigí amach ag leanúint bhur gcontaetha nó suígí siar agus leanaigí an t-aicsean ón gcathaoir mhór. Beidh trí chluiche ar TG4  Dé Domhnaigh agus beidh tuairiscí ó chluichí go leor ar Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Má thapaíonn Luimneach níos mó dá ndeiseanna scórála beidh sé an-deacair iad a bhualadh i mbliana'