‘Má ba é John Hume ailtire na síochána ba é Seamus Mallon an t-innealtóir’

Rinne Seamus Mallon obair fathaigh sna cainteanna as ar eascair Comhaontú Aoine an Chéasta agus ina dhiaidh sin chun na hinstitiúidí in Stormont a chur ar bhonn comhionannais bailí

‘Má ba é John Hume ailtire na síochána ba é Seamus Mallon an t-innealtóir’

Seamus Mallon. Pictiúr: GRAHAM HUGHES/PHOTOCALL IRELAND

Duine de mhórpholaiteoirí Thuaisceart Éireann ab ea Seamus Mallon a fuair bás sa bhaile i gcontae Ard Mhacha in aois 83 bliain. “Tá tírghráthóir agus fear síochána cumasach caillte againn,” a dúirt John Hume agus a bhean Pat i ráiteas. “Fear neamheaglach a bhí ann a sheas an fód le John ar feadh na mblianta ar son an chirt, an athmhuintearais agus na síochána,” a dúradh.

Chaith Mark Durkan blianta fada ag obair le John Hume agus Seamus Mallon. Ba é breithiúnas Durkan “má ba é Hume ailtire na síochána ba é Seamus an t-innealtóir” .

Rinne Mallon obair fathaigh sna cainteanna as ar eascair Comhaontú Aoine an Chéasta agus ina dhiaidh sin chun na hinstitiúidí in Stormont a chur ar bhonn comhionannais bailí. Sna blianta beaga roimhe sin nuair a bhí Hume ag caint le Gerry Adams bhí Mallon míshásta mar nár coinníodh an páirtí ar an eolas ach sheas siad gualainn ar ghualainn le chéile chun an Comhaontú a bhaint amach. Ghoill fás Shinn Féin, fás a raibh ar an SDLP íoc as, go mór ar Mallon ach b’údar mórtais dó ag an deireadh gur bhain an páirtí dhá shuíochán Parlaiminte le gairid.

I measc na ndaoine a thug cuairt air is é ag saothrú an bháis bhí David Trimble, a bhí mar Chéad-Aire nuair a bhí sé féin ina LeasChéad-Aire in Stormont, an t-iarThaoiseach Bertie Ahern agus a iar-chomhghleacaithe san SDLP. Tá ómós léirithe acu sin go léir dó, mar atá ag Tony Blair agus ag ceannaire an SDLP, Colum Eastwood.

Rugadh Seamus Mallon i gCnoc an Mhargaidh i gcontae Ard Mhacha i 1936. Príomhoide scoile ab ea a athair agus altra ab ea a mháthair. Bhí Seamus freisin ina phríomhoide sular ghríos an tóir ar chearta sibhialta é chun na polaitíochta. Toghadh ina chomhairleoir SDLP é i 1973 agus bhí sé i dTionól Stormont i ndiaidh chomhaontú Sunningdale, a cuireadh dá chos i 1974.

Bhí sé ina leascheannaire ar an SDLP ó 1979 go dtí gur éirigh sé as Stormont in 2001 in aois 65. Cheap Charles Haughey ina Sheanadóir é i 1982 agus dícháilíodh ó Stormont é i ngeall ar an ról sin. In 1986 toghadh ina fheisire parlaiminte é i bhfothoghchán nuair a d’éirigh feisirí Aontachtacha as a gcuid suíochán mar agóid in aghaidh Chomhaontú Hillsborough 1985.

Ina chéad óráid Parlaiminte in Westminster chuir sé a thiomantas don tsíocháin in iúl go láidir. Chreid sé i sainmhíniú Spinoza, a dúirt sé, “Peace is not an absence of war. It is…a state of mind, a disposition for benevolence, confidence, justice”.

Crann taca na síochána ab ea é ar feadh a shaoil, namhaid fhíochmhar don fhoréigean agus lucht na láimhe láidre. Bhí sé neamheaglach ina cháineadh ar an IRA agus ar na paraimíleataigh dhílseacha. Sheas sé go láidir in aghaidh fhórsaí an stáit nuair a bhris siad an dlí freisin, baill den RUC agus den UDR san áireamh. Bhí baint mhór aige le tacaíocht an SDLP don PSNI ó am a bunaithe tráth a raibh poblachtánaithe agus Sinn Fein fós ina choinne.

Chaith sé a shaol ar fad i gCnoc an Mhargaidh, baile aontachtach inar mhinic é á imeaglú ag dílseoirí, go háirithe grúpa as Port an Dúnáin. Mar náisiúnach diongbháilte thacaigh sé le híobartaigh na dTrioblóidí ó dhá thaobh na deighilte. D’fhreastail sé ar shochraidí chomhaltaí den RUC chomh maith le sochraidí a  vótóirí féin agus rinne sé a chion chun sochaí a chothú ina mairfeadh daoine in éindí faoi shíocháin. Ba léargas ar a mheon teideal a bheathaisnéise, a foilsíodh anuraidh – A Shared Home Place.

Bhí an pholaitíocht go smior in Seamus Mallon ach b’fhear léinn, fear spóirt agus fear cearrbhachais é. Imreoir pócair den scoth é chomh maith mar atá a fhios go maith againn uilig ar bhain sé na pingineacha dínn.

Cailleadh a bhean Gertrude in 2016.

Déanaimid comhbhrón lena n-iníon Órla, a céile Mark agus a n-iníon Lara.

Fág freagra ar '‘Má ba é John Hume ailtire na síochána ba é Seamus Mallon an t-innealtóir’'

  • Eoin O Murchu

    Ceapaimse gurbh é Gerry Adams ailtire na síochána agus an t-innealltóir leis.

  • Treasa Uí Raghaill

    Fear uasal & polaiteoir den scoth ab ea é Sèamas Mallon. Suaimhneas síoraí go raibh aige.