Bhí lucht agóide taobh amuigh de Theach Laighean inniu agus iad ag iarraidh aird a tharraingt ar an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht.
Tá an grúpa feachtais Tinteán ag éileamh ar Theachtaí Dála glacadh le leasuithe a thabharfadh cumhachtaí breise maidir le cúrsaí tithíochta d’Údarás na Gaeltachta, leasuithe a bheidh á bplé sa Dáil anocht.
Tá an bille atá á rith chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais á phlé i dTeach Laighean anocht, ach baineann formhór na leasuithe suntasacha atá á moladh ag an bhfreasúra le cúrsaí tithíochta.
Dúirt an grúpa feachtais Tinteán gur deis ab ea An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 le gníomh “práinneach” agus “stairiúil” a dhéanamh “a rachaidh chun sochair na Gaeltachta”.
Ag labhairt dó ag an agóid, dúirt Barry Ó Siochrú, Oifigeach Pleanála Teanga i gCorca Dhuibhne agus ball de Tinteán, gur “éileamh ón mbun aníos” a bhí san éileamh go dtabharfaí d’Údarás na Gaeltachta “na cumhachtaí atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim tithíochta”.
“Inniu táimid tagtha chomh fada le Teach Laighean leis an teachtaireacht sin a thabhairt go soiléir don rialtas agus iad ag plé píosa reachtaíochta a d’fhéadfadh na cumhachtaí sin a dhaingniú ach an toil pholaitiúil a bheith ann. Tá sé thar am ag an stát beart de réir briathair a dhéanamh dár dteanga agus do na pobail Ghaeltachta.”
Tá toscaireacht ó Tinteán i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil chomh maith inniu agus ceist na tithíochta á plé ansin acu.
Ar an toscaireacht sin tá, Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga i nGaoth Dobhair agus ball de Tinteán,
a dúirt go raibh sé “dochreidte” go rabhthas ag fanacht i gcónaí ar na treoirlínte pleanála teanga don Ghaeltacht a gealladh ar dtús in 2021.
“Tá an cur chuige pleanála reatha ag teacht salach ar reachtaíocht náisiúnta agus ar pholasaithe an Aontais Eorpaigh ó thaobh teangacha mionlaithe a chosaint, agus ní mór é sin a chur ina cheart láithreach bonn,” a dúirt Dónall Ó Cnáimhsí.
Dhírigh an agóid taobh amuigh de Theach Laighean freisin ar na deacrachtaí maoinithe atá ag Foras na Gaeilge. Tá an feachtas Raic á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge chun aird a tharraingt ar chás an Fhorais agus ar na ciorruithe €820,000 atá fógartha acu.
“Táimid ag éileamh ar Rialtas na hÉireann idirghabháil éigeandála a dhéanamh anois chun todhchaí earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta a shlánú,” a dúirt Julian de Spáinn Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.
“Tá eagraíochtaí pobail fud fad na tíre ag streachailt lena bhfoirgnimh a théamh agus a soilse a lasadh, gan trácht a dhéanamh ar bhunseirbhísí a sholáthar agus spriocanna oibre a chur i gcrích toisc na gciorruithe fógartha ag Foras na Gaeilge ar ghrúpaí Gaeilge áitiúla agus náisiúnta le déanaí agus an dí-infheistiú déanta le 20 bliain anuas.”
Chruinnigh lucht agóide lasmuigh de Stormont maidin inné mar chuid den fheachtas céanna Raic – ‘Réiteach Anois. Infheistíocht Chothrom’.
Tuairiscíodh inniu go raibh dúbailt tagtha le dhá bhliain anuas ar an méid airgid a chuireann an rialtas ó dheas ar fáil go díreach do na ceanneagraíochtaí Gaeilge.
Fág freagra ar 'Lucht feachtais tithíochta i mbun agóide ag Teach Laighean roimh phlé faoi Bhille Údarás na Gaeltachta'