Lógó dátheangach le bheith ar bhusanna Bhaile Átha Cliath as seo amach

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh le tamall ar an NTA le tamall go mbeadh lógó Gaeilge le feiceáil ar bhusanna na príomhchathrach

Lógó dátheangach le bheith ar bhusanna Bhaile Átha Cliath as seo amach

Beidh lógó dátheangach le feiceáil ar bhusanna i mBaile Átha Cliath amach anseo.

Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) i mbun teagmhála le Bus Átha Cliath faoi láthair faoin libhré ar na busanna a bheith i nGaeilge agus i mBéarla.

Tá deimhnithe ag an NTA go bhfuil sé i gceist acu lógó nua dátheangach a chur in ionad an ceann i mBéarla amháin atá in úsáid faoi láthair.

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh le tamall ar an NTA go mbeadh lógó Gaeilge le feiceáil ar bhusanna na príomhchathrach.

Tá an NTA agus Bus Átha Cliath anois chun a chinntiú go mbeidh an lógó nua le feiceáil ar gach feithicil nua.

Is amhlaidh go gcuirfear an leagan nua ar an seanlibhré gach uair a bheidh na feithiclí istigh le hathphéinteáil.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an scéala go mbeadh na lógónna ar na busanna feasta i nGaeilge agus i mBéarla agus dúirt go gcuideodh sin an Ghaeilge chun cinn sa chathair.

“Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh an gcinneadh atá déanta ag an Údarás Náisiúnta Iompair agus Bus Átha Cliath glacadh leis an éileamh a rinne an Conradh le lógó dátheangach a chur ar bhusanna de chuid Bhus Átha Cliath amach anseo. Cuirfidh seo le stádas agus le feiceálacht na Gaeilge sa chathair,” a dúirt Caoimhín Ó Cadhla, Feidhmeannach Anailíse agus Taighde an Chonartha.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go “léiríonn an cinneadh seo d’aon chomhlacht stáit nó gníomhaire eile stáit a bhfuil lógó Béarla amháin acu gur féidir agus gur chóir an lógó a athrú go lógó dátheangach nó lógó Gaeilge.

“Tá foráil geallta ag an Aire Stáit Jack Chambers do Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2019 a chinnteoidh go mbeidh lógónna dátheangacha nó Gaeilge ann faoi dháta faoi leith ach is maith an rud é idir an dá linn go bhfuil dea-shampla againn ar cé chomh simplí is atá sé an Ghaeilge a chur san áireamh.”

Cháin an Teachta Dála Éamon Ó Cuív an tÚdarás Náisiúnta Iompair níos luaithe an mhí seo as cinneadh Béarla amháin a bheith ar lógónna ar bhusanna poiblí ar fud na tíre.

Dhiúltaigh an NTA aistriúchán a dhéanamh ar an lógó ‘Transport for Ireland’. Dúradh gur branda, seachas eagraíocht, a bhí i gceist agus nach raibh dualgas reachtúil aistriúchán i nGaeilge a chur ar fáil ar bhrandaí.

Fág freagra ar 'Lógó dátheangach le bheith ar bhusanna Bhaile Átha Cliath as seo amach'

  • Éilís Ní Anluain

    dea scéal teanga – an rud is annamh …