‘Is léir go bhfuil dearcadh diúltach acu i leith na teanga náisiúnta’ – cáineadh ar easpa Gaeilge ar bhusanna poiblí

Tá ‘Transport for Ireland’ le feiceáil i mBéarla amháin ar chomharthaí ar bhusanna poiblí agus príobháideacha atá in úsáid ag an Údarás Náisiúnta Iompair agus atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta

‘Is léir go bhfuil dearcadh diúltach acu i leith na teanga náisiúnta’ – cáineadh ar easpa Gaeilge ar bhusanna poiblí

Tá cáineadh déanta ar chinneadh an Údaráis Náisiúnta Iompair Béarla amháin a bheith ar lógónna ar bhusanna poiblí ar fud na tíre agus é ráite go léiríonn sé “dearcadh diúltach” i leith na Gaeilge.

‘Transport for Ireland’ (TFI) i mBéarla amháin atá ar na comharthaí ar na busanna poiblí agus príobháideacha atá in úsáid ag an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) agus iadsan atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta.

Tá diúltaithe ag an NTA leagan aistrithe den lógó a thaispeáint ar bhusanna in ainneoin an cheist a bheith ardaithe ag an gCoimisinéir Teanga leo.

D’fhiosraigh an t-iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív an scéal sa Dáil le gairid ach deir an NTA nach bhfuil aon sárú á dhéanamh acu ar reachtaíocht teanga agus nach dtagann an branda TFI faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

“Is branda (agus ní eagraíocht) é ‘Transport for Ireland’ (TFI) agus, dá bhrí sin, ní cheanglaítear é a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003,” a dúirt Príomhfheidhmeannach an NTA, Anne Graham, mar fhreagra ar fhiosrúchán Uí Chuív.

Cé go bhfuil dualgas ar chomhlachtaí poiblí comharthaí a bhíonn suite san aon suíomh amháin a bheith i nGaeilge nó dátheangach, tá díolúine ag lógó agus ainm branda.

“Ba é an prionsabal sin a threoraigh sinn nuair a bhíomar ag ceapadh branda TFI sa bhliain 2013,” a dúirt Graham.

D’fhiosraigh an Coimisinéir Teanga an scéal in 2018 tar éis dó roinnt gearán a fháil maidir le húsáid an bhranda ‘Transport for Ireland’ ar bhusanna. Fuarthas amach, áfach, go raibh de chúram ar an NTA ina reachtaíocht bhunaithe “branda aonair iompair phoiblí a fhorbairt agus a chur i ngníomh” ach nár éilíodh go mbeadh an branda sin i nGaeilge nó go dátheangach. Dá bharr níor sáraíodh aon fhoráil teanga.

Le linn an fhiosrúcháin sin, iarradh ar an NTA a dtuairim a thabhairt faoi mholadh go gcuirfí leagan aistrithe de ‘TFI’ ar taispeáint ar fheithiclí iompair phoiblí ach ní raibh an NTA sásta glacadh leis an moladh.

Deir an Teachta Dála Ó Cuív go léiríonn freagra an NTA go bhfuil siad sásta a laghad aitheantas agus is féidir a thabhairt don Ghaeilge. Cás eile é, a dúirt Ó Cuív, a thaispeánann an tábhacht a bhaineann le neartú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

“Is léir óna bhfreagra go bhfuil dearcadh diúltach acu i leith teanga náisiúnta na hÉireann agus go ndéanfaidh siad a laghad agus is féidir le haitheantas a thabhairt di,” a deir Ó Cuív. “Cruthaíonn sé an gá atá ann go n-achtófar forálacha an bhille teanga go luath agus go mbeidh sé láidrithe.”

Tá an bille teanga ag dul trí Thithe an Oireachtais faoi láthair agus súil ann go n-achtófar é roimh shos an tsamhraidh.

Fág freagra ar '‘Is léir go bhfuil dearcadh diúltach acu i leith na teanga náisiúnta’ – cáineadh ar easpa Gaeilge ar bhusanna poiblí'

  • Seanán Ó Coistín

    Fáilte go hÉirinn!! Ní mian linn aon rud a dhéanamh ach an méid airgid is ar féidir a thuilleamh agus is cuma linn faoi mhuintir na hÉireann.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá súil agam go bhfuil Catherine Martin agus Jack Chambers ar an eolas fá seo.

    Seans ar bith dá bhfuil ann agus tá na béarlóirí ag brú an bhéarla. An dímheas agus an caitheamh anuas ar an Ghaeilg leitheadach in eagraíochtaí stáit agus san earnáil phríobháideach. Samhnasach! Córas iompar ‘poiblí’ na tíre agus cha dtig leo lógó Gaeilg a úsáid. Ní bheinn ag moladh béarla ar an lógó ar chóir ar bith – Gaeilge amháin!!

    Cad chuige nach bhfuil rannóg Gaeilge ag an eagraíocht seo?? Ba cheart rannóg Gaeilge bheith ag achan rannóg agus achan eagraíocht stáit sa tír – chan amháin le seirbhís trí Ghaeilg a chuir ar fáil ach chun an Ghaeilg a chuir chun cinn sna ranna agus sna heagraíochtaí céanna.

  • A.Mac Unfraidh

    Rith sé liom go raibh Transport for Ireland bunaithe ar múnla Transport for London agus nár mhaith leo imeacht ón múnla sin. Is mian leo is dócha a thaispéaint go bhfuil siad chomh maith leis na Sasanaigh. Mar a deirtear in amhrán de chuid “na hUaisle” siar sna seachtódaí:
    ” déanann muid gach rud a dhéanann na Sasanaigh”