Logainmneacha na nDéise ar shuíomh idirlín nua

An suíomh nua dírithe ar fhorbróirí atá ag iarraidh ainmneacha d’fhorbairtí nua tithíochta, ar scoileanna agus ar lucht taighde logainmneacha

Logainmneacha na nDéise ar shuíomh idirlín nua

Tá suíomh idirlín nua ar Logainmneacha Phort Láirge seolta an tseachtain seo mar chuid de chlár imeachtaí Sheachtain Oidhreachta 2021 ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.

Tá sé mar aidhm ag an suíomh léargas a thabhairt ar obair Choiste Logainmneacha Phort Láirge agus a bheith ina fhoinse eolais do ghrúpaí éagsúla. Tá sé dírithe ar fhorbróirí atá ag iarraidh ainmneacha oiriúnacha a fháil d’fhorbairtí nua tithíochta, ar dhaltaí sna scoileanna atá ag iarraidh foghlaim mar gheall ar logainmneacha áitiúla agus atá ag iarraidh páirt a ghlacadh i dTionscadal Logainmneacha na Scoileanna de chuid an Choiste Logainmneacha agus ar lucht taighde logainmneacha go ginearálta.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Logainmneacha Phort Láirge, Liam Suipéil go bhfuil breis is 61,000 logainm aitheanta in Éirinn – rud atá neamhchoitianta nó eisceachtúil thar thíortha eile ar domhan. “Gaol, ceangail agus caidreamh lenár sinsear le thart ar dhá mhíle bliain atá sna hainmneacha seo, a thugann íomhá, nó tréithe, nó seasamh do cheantar in aigne na ndaoine, mar shampla, Páirc an Chrócaigh, Sliabh na mBan nó Béal na Bláth.

Táid lán de Ghaoluinn, scéalta, stair, tíreolas, béaloideas, ginealas, comhshaol, scéalta sí, miotaseolaíocht agus eile agus tá sé le maíomh ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge go bhfuil gach dícheall á dhéanamh acu ar mhaithe leis an oidhreacht seo a chaomhnú,” a dúirt sé.

Forbraíodh an suíomh nua trí chomhoibriú idir baill foirne de chuid Chomhairle Phort Láirge – an tOifigeach Gaeilge, an tOifigeach Oidhreachta agus an Cartlannaí – agus daoine deonacha ó gach aird de chontae Phort Láirge a bhfuil suim acu sa Ghaoluinn, sa stair agus i gcúrsaí oidhreachta.

Cruinníonn an grúpa le chéile uair sa mhí le cabhair a thabhairt agus plé a dhéanamh ar cheisteanna faoi logainmneacha i gcoitinne agus é ar intinn acu na logainmneacha áitiúla a choimeád os comhair an phobail anois, ar mhaithe leis na glúine atá le teacht.

Thug clár Éire Ildánach Phort Láirge maoiniú chun an suíomh nua a fhorbairt. Tá físeán a thugann léargas ar an tionscnamh logainmneacha curtha ar fáil ag an údarás áitiúil freisin.

Fág freagra ar 'Logainmneacha na nDéise ar shuíomh idirlín nua'

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile agus Déiseach

    Comhghairdeachas le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, agus leis an gCoiste Logainmneacha as an suíomh breá nua seo. Sár-obair!