LITIR Ó SHASANA: Cuairt ar mhúsaem Ruskin i mBaile na Cruach

Bhí cáil ar feadh i bhfad ar Sheffield mar Bhaile na Cruach ach tá an saol ag athrú…

LITIR Ó SHASANA: Cuairt ar mhúsaem Ruskin i mBaile na Cruach

‘Féach thall ansin,’ a dúirt an tiománaí tacsaí liom. ‘Sin é an ‘Chinatown’ nua i lár an bhaile seo. Beidh deich míle duine ag cur fúthu ansin nuair a bheas sé críochnaithe.’

Sin scéal Sheffield anois in aon abairt amháin. An baile ba mhó déantús cruach ar domhan uair amháin – agus cáil ar fud an domhain ar sceanra Sheffield – tá siad ag fáiltiú anois roimh mhic léinn agus daoine eile as an tSín le cabhrú leis an eacnamaíocht san áit.

Bhí mé féin agus cara scoile ag tabhairt cuairt ar chara scoile eile atá bogtha go Sheffield le blianta beaga anuas. Cathair dheas thart ar uair go leith nó mar sin ó Aerfort Mhanchain é Sheffield agus tugann an turas traenach isteach i gceantar álainn Ghleannta Yorkshire thú. Feirmeacha ar an tseanstíl, ballaí cloiche, crainnte – shílfeá go raibh tú imithe siar sna blianta.

Ach siar sna blianta sin, bhí na bailte thart anseo i lár ghluaiseacht mhór na tionsclaíochta. Bhí cáil ar Sheffield féin ó thaobh thionscal an mhiotail ón 15ú haois anall. Bhí iarann, gual agus neart uisce sa cheantar máguaird.

Agus ag tús na haoise seo caite, nuair a thángthas ar bhealach le cruach dhosmálta a dhéanamh, bhláthaigh an tionscal sin níos mó fós. Ag tráth amháin sna 1950idí bhí 15,000 duine ag obair in 700 comhlacht sceanra sa chathair. Faoi 1990, níos lú ná 1,000 duine a bhí ag obair i ndeich gcinn de chomhlachtaí. Agus sin gan trácht ar mheath na dtionscal eile a bhí bunaithe ar an miotal.

Tosaíodh ag tiontú na seanfhoirgneamh tionsclaíochta isteach ina n-árasáin agus ina n-oifigí sna 1990idí. Bhí roinnt mhaith cúiseanna leis an dul i léig – polasaithe eacnamaíochta Margaret Thatcher agus allmhairí saora ag teacht ón oirthear, an dá chúis ba mhó b’fhéidir. Níorbh fhéidir dul i ngleic le pá agus na costais ísle sa tSín agus i dtíortha eile.

Ceapadh uair amháin nach dtiocfadh deireadh leis an ré órga thionsclaíoch sin go deo. Nárbh í an Bhreatain ‘Ceardlann an Domhain’? Tá rian na ré sin fós le feiceáil i gcathracha ar nós Sheffield – simléir arda na mbrící, monarchana ar an seandéanamh, tithe agus sráideanna tógtha leis na brící céanna agus boladh ré Victoria le brath go láidir fós iontu.

Agus an ré sin faoi lán seoil sa 19ú haois, tháinig fear chun cinn a cheap gur chóir go mbeadh saol níos fearr ag na hoibrithe a bhí ag caitheamh a gcuid ama ag análú deatach agus aer brocach na cathrach agus na monarchan.

Chuala mé faoi John Ruskin i dtosach nuair a chuaigh mé chuig an scannán ‘Mr Turner’. Bhí Ruskin ar an dream beag daoine a thug tacaíocht do Turner agus é ag iarraidh é féin a chur chun cinn mar ealaíontóir a raibh stíl nua péintéireachta aige.

Ach ba dhuine ar leith é Ruskin. Ealaíontóir a bhí ann féin freisin; bhí tuiscint aige ar mhianraí, ar litríocht, ar ailtireacht agus ar go leor ábhar eile.  Cineál Cumannach a bhí ann – ach ag an am céanna ní fear réabhlóide a bhí ann.

Cheap sé gur chóir go mbeadh fáil ag ‘fear oibre’ ar áilleacht an tsaoil. Cheap sé gur chóir go mbeadh saothair ealaíne den scoth le feiceáil aige, go dtuigfeadh sé cúrsaí eile seachas an méid a bhain lena shaol crua oibre agus chomh maith leis sin, go mbeadh sé in ann áilleacht an nádúir a bhlaiseadh.

Chuige sin, bhunaigh sé músaem, tamall amach as Sheffield, agus thosaigh sé ag cur rudaí ar taispeáint ann – rudaí go mb’fhéidir nach mbeadh fáil ag an ngnáthdhuine orthu. Bhunaigh sé ceardchuallacht, ‘Guild of St George’ le breathnú ina dhiaidh ach thug sé féin roinnt mhaith cúnamh airgid don togra.

Le himeacht ama agus ar chúiseanna éagsúla thit an togra as a chéile agus fágadh an bailiúchán faoi stiúir na n-údarás áitiúil sa chathair. Sa lá atá inniu ann, tá dánlann mhór i lár an bhaile – an Millenium Gallery agus is istigh ansin anois atá bailiúchán John Ruskin le feiceáil. Toisc gur bailiúchán mór é, athraítear na taispeántais thart ó am go chéile.

Thug mé féin suntas do na samplaí de mhianraí – go háirithe an t-iontaise mhór, ‘Amóinít’. Caithfidh sé gur chuir an bailiúchán iontas ar ghnáthmhuintir Sheffield nuair a chonaic siad ar dtús é.

Ní hé amháin go raibh Ruskin ag iarraidh go mbeadh áilleacht éigin i saol an ghnáth-oibrí ach bhí sé den tuairim freisin gur chóir go mbeadh an áilleacht ag dul i gcion orthu ina gcuid oibre. Bhí an-mheas aige ar an lámhcheardaíocht agus bhí sé ag iarraidh ardchaighdeáin a bhaint amach sa déantúsaíocht  freisin.

Thug sé cuairt ar go leor tíortha eile agus bhain an-sásamh as an ailtireacht chlasaiceach a chonaic sé san Iodáil, ach go háirithe. Scríobh sé an iliomad leabhar faoi na cúrsaí sin agus bhí an-cháil air mar shaineolaí ealaíne agus ailtireachta.

I nDánlann na Mílaoise, taobh le seomra Ruskin, tá taispeántas den sceanra éagsúil a rinneadh i gcathair Sheffield thar na blianta. Agus cé gur don fhear oibre a thagair John Ruskin ina chuid scríbhinní ba léir go raibh mná ag obair sa tionscal freisin. Bhí cáil ar obair mhín ealaíonta na mban ach go háirithe.

Tá ceangal fós idir an lámhcheardaíocht mhiotail agus cúrsaí oideachais an lae inniu. Ollscoil Sheffield a tháinig i gcomharbacht ar an gColáiste Ealaíne a raibh an-cháil air. Bíonn cúrsaí ansin ar dhearadh miotail agus airgid agus tá roinnt mhaith eagras san áit ann a thugann cúnamh agus tacaíocht do na lámhcheardaithe atá ag obair sa chathair.

Tá i bhfad níos lú daoine ag obair san earnáil anois ach tá ardchaighdeáin agus scileanna ar leith ag na daoine a d’fhan dílis don chruach.

Agus níl dabht ar bith ach gurb é an t-oideachas agus teacht na mac léinn iasachta scéal nua na tionsclaíochta  sa chathair seo. Na mílte imithe –  ach na mílte eile ag teacht ina n-áit.

Ní fhaca Ruskin ná a chomhghleacaithe an lá gurb iad na Sínigh – arbh iad a gcuid táirgí saora miotail a scrios an tionscal cruach – a thiocfadh go Sasana agus a thógfadh áit na ‘bhfear oibre’.

Fág freagra ar 'LITIR Ó SHASANA: Cuairt ar mhúsaem Ruskin i mBaile na Cruach'

  • Muesli

    Alt an-suimiúil.