Líomhaintí faoi ‘ghadaíocht’ i measc an ‘mhí-iompair’ i Sinn Féin ba chúis le cinneadh Trevor Uí Chlochartaigh éirí as

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go raibh iarrachtaí leanúnacha ar bun a dhea-cháil a mhilleadh ach nár tugadh deis dó a ‘ainm a ghlanadh’. Deir Sinn Féin go bhfuil sé ‘soiléir’ go raibh ‘imní’ ar an Seanadóir nach roghnódh baill an pháirtí go daonlathach é ag coinbhinsiún roghnúcháin

Líomhaintí faoi ‘ghadaíocht’ i measc an ‘mhí-iompair’ i Sinn Féin ba chúis le cinneadh Trevor Uí Chlochartaigh éirí as

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí líomhaintí faoi ghadaíocht a bheith ar bun aige i measc na gcúiseanna gur éirigh an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh as Sinn Féin tráthnóna.

Ag labhairt dó ar an gclár Cormac ag a 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Ó Clochartaigh go raibh “seachtar nó ochtar” ball den pháirtí i nGaillimh Thiar-Maigh Eo Theas ag iarraidh “dochar a dhéanamh” dá cháil agus do cháil daoine a bhí ag obair dó.

Ar an gclár céanna dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, gur “léir” gur bhain cinneadh Uí Chlochartaigh leis an gcoinbhinsiún roghnúchán i nGaillimh Thiar-Maigh Eo Theas don chéad olltoghchán eile.

Dúirt Ó Clochartaigh nárbh amhlaidh a bhí agus gur léirigh an léamh a bhí ag Doherty ar an scéal a “easpa tuisceana” agus a “aineolas”.

Dúirt sé gur chas sé le huachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, inné ach gur tuigeadh dó nach raibh na fíricí faoin scéal ar eolas go rómhaith aige.

Níor chuir sé in iúl do Adams an uair sin go raibh faoi éirí as agus dúirt sé go raibh iarrachtaí ar siúl aige go dtí trí a chlog tráthnóna inniu réiteach a fháil ar an scéal.

Thug Ó Clochartaigh le fios gur shínigh 23 ball de Shinn Féin i nGaillimh an litir a chuir sé faoi bhráid Ard-Chomhairle an pháirtí ag iarraidh go bhfiosrófaí an “iompar nimhneach” a bhí ar siúl ag baill eile.

Dúirt sé gur léir dó go raibh daoine áirithe “ag iarraidh fáil réidh” leis agus go mb’fhéidir nach raibh sé “sách poblachtánach” do chuid de na daoine sin.

Mhaígh sé gurbh amhlaidh gur in olcas a chuaigh an mí-iompar ina choinne tar éis dó féin agus dá chomhghleacaithe gearán a dhéanamh faoi.

Bhraith sé ina dhiaidh sin gurbh é an meon a bhí ag na daoine a bhí ag déanamh líomhaintí ina leith faoi chúrsaí airgeadais agus eile “go bhfuair siad avae leis”.

Dúirt sé nár tugadh aon deis riamh dó “a ainm a ghlanadh” os comhair ghnáthbhaill Shinn Féin i nGaillimh Thiar-Maigh Eo Theas agus gur iarr sé ar lucht ceannais an pháirtí go gcuirfí siar an coinbhinsiún roghnúchán go dtí go mbeadh an deis sin tugtha dó, iarratas ar diúltaíodh dó, dar leis.

Mhaígh sé nár tugadh aon fhreagra i scríbhinn riamh dó ar na gearáin a bhí déanta aige faoi mhí-iompar agus nach ndearnadh aon tuairisciú i scríbhinn chuig an Ard-Chomhairle faoin scéal. Dúirt sé go dtuigtear dó go bhfuil tuairisc scríofa ann ach gurbh é an chaoi nár taispeánadh do gach ball den Ard-Chomhairle í.

Ghlac ceannaireacht an pháirtí leis nach raibh fírinne ar bith sna scéalta a bhí á scaipeadh faoi ach níor tugadh aon deis dó an méid sin a fhógairt go poiblí i nGaillimh, a dúirt sé. Deir Ó Clochartaigh go raibh scéalta a bhí “míchruinn, mícheart agus míchóir” á scaipeadh faoi agus gurb é an chaoi go raibh “na hionsaithe béil ag dul in olcas” agus gan dóthain á déanamh ag an bpáirtí chun smacht a chur ar na daoine a bhí ag déanamh na líomhaintí. 

I ráiteas a chuir Sinn Féin amach tráthnóna, dúradh go raibh sé soiléir go raibh “imní” ar Ó Clochartaigh nach roghnódh baill an pháirtí go daonlathach é ag an gcoinbhinsiún.

Mhaígh siad go raibh an Seanadóir fós ag déanamh moltaí inné go gcuirfí beirt iarrthóirí chun tosaigh i nGaillimh Thiar-Maigh Eo Theas.

“It is clear that Trevor was looking for a clear run at convention and the party wasn’t prepared to bypass our democratic structures to allow for that.

“Given he was arguing just yesterday for a two candidate strategy which he would have been happy to be part of, we are extremely surprised at his decision to leave the party today.”

Dúirt an Seanadóir as Conamara go raibh sé “croíbhriste”, agus go raibh sé “ag dul siar abhaile” leis an scéal a phlé lena bhean, Mali, agus a gclann. Dúirt sé nach raibh aon chinneadh déanta aige fós an seasfadh sé mar iarrthóir neamhspleách do Dháil Éireann.

Fág freagra ar 'Líomhaintí faoi ‘ghadaíocht’ i measc an ‘mhí-iompair’ i Sinn Féin ba chúis le cinneadh Trevor Uí Chlochartaigh éirí as'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Beidh Míchaél Ó Máirtín ar an ngúthán Trevor anocht ach an mbeIdh Éamon ró-sásta ?