Leithscéal ‘ar bith’ le déanamh ag S4C faoi charachtar gan aon Bhreatnais a thabhairt isteach ina sobaldráma

Deir lucht feachtais gurb é an dualgas atá ar an stáisiún S4C an Bhreatain Bheag agus an saol mór a thaispeáint ‘trí fhuinneog na Breatnaise’

Leithscéal ‘ar bith’ le déanamh ag S4C faoi charachtar gan aon Bhreatnais a thabhairt isteach ina sobaldráma

Deir S4C, stáisiún teilifíse na Breatnaise, nach bhfuil sé i gceist aon leithscéal a dhéanamh faoin méid Béarla atá á thabhairt isteach ar an gcainéal.

Ach oiread le TG4, bíonn conspóidí ó am go chéile faoin úsáid a bhaineann S4C as an mBéarla ina gcuid clár agus baineann an chonspóid is déanaí le carachtar nua i sobaldráma nach labhraíonn aon Bhreatnais.

Deir S4C go bhfuil sé i gceist go bhfoghlaimeodh an carachtar nua sa sobaldráma Pobol y Cwm an Bhreatnais agus go mbeadh níos mó Breatnaise á labhairt ag an duine sin de réir a chéile.

Ag labhairt di ag féile Eisteddfod na bliana seo, dúirt ceann straitéis na Breatnaise ag S4C gur mhaith leis an stáisiún daoine a spreagadh chun an teanga a fhoghlaim. Dúirt Sara Peacock gur chóir go mbeadh cláir an stáisiúin ina scáthán ar an tslí a labhraítear an teanga ar fud na Breataine Bige.

Dúirt an grúpa feachtais Cylch yr Iaith, áfach, gur meon “contúirteach” a bhí i gceist.

“An Béarla a bheith ag cur isteach uirthi an bhagairt is mó don Bhreatnais,” a dúirt Ieuan Wyn le BBC Cymru.

“Caithfidh tú cosaint a thabhairt do shláine chultúrtha shaol agus chultúr na Breatnaise.”

Ag tagairt don Bhéarlóir atá tugtha isteach ar an sobaldráma Pobol y Cwm, dúirt Sara Peacock ó S4C, gur cheart don stáisiún a bheith ionadaíoch ar an uile dhuine sa tír.

Ghéill sí go raibh “ruaille buaille” tarraingthe ag an scéal ach mhaígh sí go raibh sé tábhachtach tacú le foghlaimeoirí agus gur “áit mhaith” an sobaldráma chun sin a dhéanamh.

“Tá sé tábhachtach dúinne go mbeadh an Bhreatain Bheag go léir le feiceáil agus le cloisteáil ar S4C,” arsa Sara Peacock.

“Déanaimid iarracht a chinntiú go léirítear ar bhealach amháin nó ar bhealach eile ar ár gcláir gach cineál Breatnaise a labhraítear sa tír.

“Déanaimid iarracht chomh maith cabhrú lenár bpobail agus daoine a spreagadh chun an Bhreatnais a fhoghlaim agus dul amach sa phobal agus an Bhreatnais a labhairt.”

Dúirt ceann straitéis Breatnaise S4C nach mbeadh “aon leithscéal” á ghabháil ag an stáisiún faoi mhéid áirithe Béarla a thabhairt isteach. Dúirt sí go raibh úsáid an Bhéarla á plé ag lucht bainistíochta an stáisiúin faoi láthair.

Dúirt Ieuan Wyn ó Cylch yr Iaith gur chóir gur ag “cosaint” na Breatnaise a bheadh S4C. Dúirt sé gurb é an dualgas a bhí ar an stáisiún ná an Bhreatnais a chur chun cinn mar theanga ina bhféadfadh daoine gach gné dá saol a chur in iúl go nádúrtha.

“Is é sin an Bhreatain Bheag agus an saol mór a thaispeáint trí fhuinneog na Breatnaise.”

Tá ráite ag TG4 cheana go mbíonn an méid Gaeilge agus Béarla a bhíonn le cloisteáil ar chláir an stáisiúin ag brath ar “chinntí eagarthóireachta” agus gur do phobal na Gaeilge gach clár a choimisiúnaíonn an stáisiún.

Bhí cur chuige TG4 i leith cúrsaí teanga i mbéal an phobail roinnt uaireanta le cúpla bliain anuas agus cáineadh déanta ar an méid Béarla a bhíonn le cloisteáil ar chláir áirithe amhail Laochra Gael.

In 2021, dúirt ceannasaí bunaithe an stáisiúin Cathal Goan go raibh “míshuaimhneas i dtólamh” ann faoin méid Béarla i gcláir áirithe agus go raibh na maidí á ligean le sruth acu ó thaobh cúrsaí teanga de.

Fág freagra ar 'Leithscéal ‘ar bith’ le déanamh ag S4C faoi charachtar gan aon Bhreatnais a thabhairt isteach ina sobaldráma'

  • Fearn

    Aon seans gur scáthánú téad seo an scéil ar shaol chomhaimseartha na Breataine Bige?