‘Na maidí á ligean le sruth ag TG4 i dtaca leis an mBéarla’ – Cathal Goan

Agus Léacht Uí Chadhain na bliana seo á tabhairt aréir aige, dúirt an chéad cheannasaí a bhí ar Theilifís na Gaeilge go mbíonn ‘barraíocht airde’ ag TG4 ‘ar fhigiúirí féachana mar shlat tomhais ar a éifeachtaí is atá an ‘Súil Eile’

‘Na maidí á ligean le sruth ag TG4 i dtaca leis an mBéarla’ – Cathal Goan

Deir ceannasaí bunaithe TG4 Cathal Goan go bhfuil “míshuaimhneas i dtólamh” ann faoin méid Béarla a bhíonn i gcláir an stáisiúin agus go bhfuil na maidí á ligean le sruth ag an gcraoltóir ó thaobh cúrsaí teanga de.

B’in cuid dá raibh le rá ag Goan, a bhí ina Ard-Stiúrthóir ar RTÉ chomh maith, agus Léacht Uí Chadhain na bliana seo á tabhairt aréir aige i Scoil na Gaeilge, an Léann Cheiltigh agus an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Dar leis go mbíonn “barraíocht airde” ag lucht coimisiúnaithe an stáisiúin “ar fhigiúirí féachana mar shlat tomhais ar a éifeachtaí is atá ag éirí leo ‘Súil Eile’ a thairiscint don phobal”.

Fágann sin, a dúirt sé, go gcuirtear “dlús leis na maidí a bheith á ligean le sruth i dtaca le tionchar an Bhéarla de”.

Mhaígh sé go raibh an baol ann go mbeadh TG4 agus meáin Ghaeilge eile thíos leis dá ngéillfí an iomarca do ‘thíorántacht’ na bhfigiúirí.

“Má leantar den chóras reatha agus gach measúnú poiblí bunaithe ar anailís mhantach agus easnamhach an mhargaidh, is i dtéarmaí fiúntais airgeadúil amháin a phléifear le TG4 agus leis na meáin Ghaeilge uilig.”  

Dúirt Goan go raibh meas aige ar an obair mhór atá á déanamh ag TG4 i réimsí an spóirt, na gclár faisnéise, na gclár do pháistí agus na bhfadscannán, ach go raibh údar gearáin ag daoine i leith cúrsaí teanga ar an stáisiún.

“…Ach tá míshuaimhneas i dtólamh ann faoi úsáid an Bhéarla i gcláracha atá coimisiúnaithe ag TG4 murab ionann agus na cláracha atá ceannaithe isteach acu ar chostas i bhfad níos lú. Bhí daoine corraithe faoi úsáid fotheidil Bhéarla ón chéad lá. Is cuimhin liom daoine a rá liom go raibh paistí dubha éadaigh greamaithe le velcro acu do bhun an scáileáin le nach mbeadh an t-aistriúchán – dá chiotaí in amanna é – ag cur isteach ar an chlár a bhí á choimhéad.

“Ach is mó i bhfad agus is glóraí i bhfad an cheasacht faoi chur chuige a chuimsíonn cláracha sa sceideal mar chraoltaí Gaeilge, cláracha arb é an Béarla a bpríomhtheanga bíodh is go mbíonn corr-abairt thall is abhus i nGaeilge,” arsa Cathal Goan i Léacht Uí Chadhain 2021

Dúirt sé go raibh “macalla” ar fáil i gcás an Bhéarla ar TG4 sa “racán” a bhíodh ann sna 1970idí faoi chlár Liam Uí Mhurchú Trom agus Éadrom ar RTÉ.

“Dhéantaí amach gur clár Gaeilge a bhí ann agus cinnte bhí rath air mar chlár agus ábhar mórtais ag RTÉ dá réir go raibh ag éirí leo a gcuid dualgais neamhchinnte i leith na Gaeilge a chomhlíonadh.

“Mar sin féin, níor shásaigh an clár seo éileamh mhuintir na Gaeilge idir Ghaeltacht agus Ghalltacht, agus is eol dúinn anois cad é a d’éirigh as sin.”

Ina léacht chuimsitheach faoi thodhchaí na meán agus na meán Gaeilge, chaith Goan amhras ar an idirdhealú a dhéanann TG4 idir an croílucht féachana (pobal na Gaeilge) agus an lucht féachana náisiúnta “a mbíonn spéis acu in ábhar mar seo ach nach mbeadh go hiomlán ar a gcompord i nGaeilge”.

“Más slán an anailís áirithe seo, d’fhéadfaí an iliomad difríochtaí  eile a aimsiú sa lucht féachana a chuirfeadh ar chumas TG4 i bhfad níos mó ábhar i dteangacha eile seachas Gaeilge agus Béarla a choimisiúnú,” a dúirt Cathal Goan.

Dúirt sé gur “cuid dhílis” d’aon tseirbhís Ghaeilge mar TG4 “go n-aithneofaí an Béarla a bheith inár dtimpeall” agus go raibh sé in amhras go mbeadh “réiteach ann don cheist seo a shásóidh gach duine”.

“Tá an teannas agus an t-imeartas idir an dá theanga ann leis na céadta bliain – oiread anois agus gur cuid d’ealaín bhéil na Gaeltachta amhráin mhacarónacha agus scéalta grinn a bhfuil bómántacht an Bhéarlóra gan Gaeilge mar ábhar gáire iontu.

“Tá sé le tuigbheáil sna traidisiúin éagsúla seo gur minic a bhíonn an duine le Gaeilge faoi dhímheas nó go gcuirtear an saol ina cheart.  Dá mbeadh cuid éigin den fhéith sin grinn  á cur in oiriúint do shaol an lae inniu, b’fhéidir gur chun sochair dúinne a bheadh sé  agus muid ag plé le lucht an aonteangachais – an dream úd  a bhfuil ‘urrannú’ déanta acu ar scéal na teanga mar a mhaíonn ó hIfearnáin [Tadhg Ó hIferanáin, sochtheangeolaí].”

Fág freagra ar '‘Na maidí á ligean le sruth ag TG4 i dtaca leis an mBéarla’ – Cathal Goan'

  • Cluain Sceach

    Treise le Cathal, an ceart ar fad aige. Ní ceiliúradh ach tórramh a oiriúnódh TG4 ar a 25ú bliain.

  • Rossa

    An ceart ar fad ag Cathal agus muna gcuirfear le líon uaireannta Gaeilge TG4 agus an €25milliún breise faighte acu s beidh an deis moillithe agus an bua ag an tSasannais ar an nGaeilge arís.

  • Colmcille Ó Monacháin

    Ní mórán tarraingte a rinne ardbhainistíocht TG4 riamh ar na maidí céanna. Is breá luath, faoi cheannas Chathail Goan féin, a chinn TnaG/TG4 nach mbeadh sé ina theilifís Ghaeilge.

    Mura mian leis bheith ar nós RTÉ, agus chomh dona le RTÉ, chaithfeadh TG4 cinneadh a dhéanamh anois/gan mhoill 1) gur cainéal teilifíse Gaeilge atá ann/a bheas ann, 2) gurb iad pobal na Gaeilge a phobal féachana – ná bac “croíphobal”. Sin an rud ar throid pobal na Gaeilge lena aghaidh, ach ní hé sin a fuair muid.

  • Mártan Ó Ciardha

    Nuair a deanadh “TG4” do “Teilifís na Gaeilge” scaoileadh an cat as an mála. Ina dhiaidh sin ba chuid Pháidín den mheacan a fuair siad siúd ba mhó a raibh cothù dlite dóibh.