LÉIRMHEAS: Tá sé iontach Lisbeth Salander a fheiceáil ar scáileán arís, ach tá scannán níos fearr ná seo dlite di

Fágann fadhbanna leis an scéal agus forbairt an phríomhcharachtair coiscéim bhacaí sa scannán is déanaí atá bunaithe ar an tsraith leabhar Millenium

LÉIRMHEAS: Tá sé iontach Lisbeth Salander a fheiceáil ar scáileán arís, ach tá scannán níos fearr ná seo dlite di

The Girl in the Spider’s Web

Stiúrthóir: Fede Alvarez

Cliar: Claire Foy, Sverrir Gudnason, Lakeith Stanfield, Sylvia Hoeks

Bhí trí leabhar sa tsraith Millenium tagtha ó pheann Steig Larsson nuair a cailleadh obann é in 2004. Más fíor scéal bhí sé i gceist aige seacht leabhar eile a chur leis. Bheadh dúil ina leithéid óir gur éirigh le Lisbeth Salander agus a tatú dragain iad féin a leabú i scioból samhlaíochta an phobail. Ní nach ionad gineadh scannáin. Go deimhin ag an bpointe seo tá trí léiriú difriúil faighte againn agus triúr ban éagsúla sa  phríomhról.

Cé go bhfuil a mhaitheasaí féin ag baint le gach ceann acu caithfidh mé a rá go bhfaighim an-bhlas i gcónaí ar an triológ/sraith Shualainnise a deineadh in 2009.  Is iad na saothair úd a dhein a cóta bán do Noomi Rapace agus níorbh aon ionadh sin óir go ndeachaigh sí go smior is go smúsach sa charachtar ar leith sin. Cailín óg suaite, cróga, ait, cliste agus uasal ba ea an carachtar a cuireadh os ár gcomhair. Mhaífinn gur duine í de na carachtair scáileáin is suaithinsí le caoga bliain anuas. Táirge tuarúil, brúidiúil ba ea é. Ceann de na scéinséirí is fearr le mo chuimhne.

Níorbh fhada go bhfuair Hollywood boladh an airgid agus seoladh David Fincher, Daniel Craig agus Rooney Mara chugainn le léamh eile. Cuibheasach gan a bheith maíteach.

Cad a bhí le déanamh ansin?

Nuair a d’éag Steig bhí nótaí/creatlach fágtha aige do chuid de na leabhair eile a bhí beartaithe aige. Mar gheall ar abláil faoi chúrsaí uachta fágadh na nótaí seo i seilbh pháirtí Larsson agus na cearta liteartha ag a mhuintir. Ní fhéadfaidís teacht ar chomhréiteach agus dhein muintir Larsson a n-iomaire féin a rómhar is David Lagercrantz earcaithe acu le tabhairt faoin scríbhneoireacht. Tá dhá leabhar tagtha óna pheann siúd agus  The Girl in the Spider’s Web’ an chéad cheann acu sin.

Cá bhfágann sé sin muid? Le bheith fírinneach tá saghas mearbhall orm. Ní léamh nua é seo óir nach dtugtar faoin triológ bhunaidh agus gurb é an ceathrú leabhar atá idir chamáin. Ar an láimh eile is beag tagairt atá anseo don mhéid a tharla roimhe seo agus taibhsíodh dom go dtáinig easpa leanúnachais agus bearnaí chun cinn mar gur tugadh droim láimhe le tréimhse ama chomh fada sin.

Tá gairm aisteoireachta Clare Foy in airde láin faoi láthair. Fuair sí moladh ó mhórán mar gheall ar a taispeántas in The Crown agus cuireadh lena cáil nuair a thug sí taispeántas ábalta uaithi in First Man tamall ó shin. Éiríonn léi, mar is dual di, carachtar téagartha a chur os ár gcomhair cé gur dóigh liom gur fhág na fadhbanna leis an scéal agus forbairt an charachtair coiscéim bhacaí ina carachtar.

Bhí Mikael Blomkvist lárnach sa chéad leabhar/triológ agus d’fheil sé go maith do charachtar Lisbeth. Is cuma ann nó as é anseo agus bhraitheas gur brúdh isteach é ar mhaithe lena bheith ann.

Bhí uisce fé thalamh agus suan na muice bradaí sa chéad saothar úd agus coimeádadh ar tinneall sin ó thús go deireadh. Ní hamhlaidh atá anseo. Tá sé go hiontach Lisbeth a fheiscint ar scáileán arís ach tá scannán níos fearr ná seo dlite di.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Tá sé iontach Lisbeth Salander a fheiceáil ar scáileán arís, ach tá scannán níos fearr ná seo dlite di'