LÉIRMHEAS: Mac Grianna tugtha chun beochta ag Ó Gallchóir

Cuirtear Seosamh Mac Grianna inár láthair ina steillbheatha i ndráma aon fhir Noel Uí Ghallchóir, Idir Dhá Ceann na hImní

Grianna15-0059
Noel Ó Gallchóir mar Sheosamh Mac Grianna: Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Fuair mé mé féin in amharclann Chlub na Múinteoirí i measc scata mór Conallach aréir (má bhí mórsheisear gan canúint Uladh sa seomra, ba ar éigean é!).

Bhí muid plódaithe isteach agus sinn ag súil go mór  Idir Dhá Ceann na hImní, an dráma aon fhir le Noel Ó Gallchóir ar shaol agus ar shaothar Sheosamh Mhic Grianna, a fheiceáil.

Níor cuireadh díomá dá laghad orainn; chuir Noel beatha Joe Fheidhlimí inár láthair go paiteanta le sleachta as a chuid scríbhinní agus litreacha. Thug sé blaiseadh dúinn freisin dá shaothar agus beocht curtha an athuair aige i radharcanna ó scéalta An Grá agus Ghruaim agus an t-úrscéal An Druma Mór.

Bhí muid faoi gheasa ag guth Uí Ghallachóir, agus bhain sé úsáid éifeachtach chomh maith as líon beag frapa. Athrú ceannbhirt agus seaicéad agus b’sheo chugainn pearsa iomlán eile.

Ach ní ag brath ar aon fhrapa a bhí sé agus d’éirigh leis gasúir scoile nó carachtair as scéal a chur inár láthair lena gheáitsí beaga tomhaiste éifeachtacha.

Tugadh léargas dúinn ar gach cuid de shaol neamhghnách, tragóideach Sheosaimh Mhic Ghrianna agus chonaic muid é ina pháiste sa bhaile, sa scoil, ina ábhar oide agus, ina dhiadh sin, ina oide.

Tugadh suntas ar leith don seal léanmhar a thug sé i gColáiste Phádraig agus an ghráin a gineadh ann lena linn.

Chaith Mac Grianna tamall eile ag tiontú leabhar don nGúm, dream nach raibh sé ceanúil orthu ar dhóigh ar bith, agus m’anam go bhfuair muid blaiseadh maith den easpa ceana sin!

Chaith sé tréimhse thruamhéalach i mBaile Átha Cliath tar éis do thobar na scríbhneoireachta aige trá, agus mhothaigh muid fulaingt Mr Butts, mar a thug gramaisc na sráide air de bharr a nós bun toitíní a bhailiú is a chaitheamh.

Lean muid é ar fhilleadh dó go Rann na Feirste, agus as sin isteach sa ‘Mhental’ mar ar chuir a mhuintir é de bharr a n-imní faoina fhánaíocht.

Fuair muid blaiseadh den solas úr a thit air le foilsiú ‘An Druma Mór’ i 1969 – ach níor tháinig tuille sa tobar mar sin féin. Chuala muid scéal brónach a phósta agus an dóigh ar chuir idir bhean agus mhac lámh ina mbás féin.

San uair a’ chloig draíochta seo, cuireadh inár láthair ina steillbheatha duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge. Mhothaigh mé aréir go raibh mé i measc a mhuintire féin agus ba dhraoichtúla fós mar dhráma é dá bharr.

Cuireadh clabhsúr ar an oíche le ceolta agus amhráin Chonallacha; Maria McCool agus Brian Danny Minnie Ó Domhnaill ag canadh agus Cathal “banjo” Uí Churráin ag seinm. B’éigean domsa teitheadh chun bus a fháil – ach shamhlóinn go raibh oíche Chonallach go maidin sa Chlub!

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Mac Grianna tugtha chun beochta ag Ó Gallchóir'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Léirmheas den scoth, maith thú a Aonguis.