Tá moladh mór ag dul d’Aisteoirí Ghaoth Dobhair a d’fhill ar stáitse Amharclann Ghaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo caite den chéad uair le deich mbliana leis an dráma cumhachtach Sadhbh, le John B Keane a chur ar stáitse.
Is minic a bhíonn drogall orm breathnú ar dhráma atá feicthe agam cheana féin, go háirithe más aistriúchán Gaeilge ar dhráma Béarla atá i gceist, agus bhí an drogall céanna sin orm nuair a shuigh mé síos san amharclann nuachóirithe oíche Dé Sathairn. A luaithe is a bhí an chéad radharc feicthe agam, ba léir nach raibh aon údar imní agam.
Cé gur thug gach uile dhuine den chliar taispeántas maith láidir uathu, caithfear aitheantas ar leith a thabhairt don bheirt is óige acu, Eva Ní Dhoibhlinn, a bhí i ról Shaidhbh féin, agus Colm Mac Giolla Easbuic, a bhí i bpáirt a grá geal, Liam a’ Scuaba.
In ainneoin an ghrinn atá fite fuaite sa dráma seo, is scéal duairc gruama atá i gceist, agus d’éirigh go han-mhaith leis an mbeirt aisteoirí óga dul i ngleic leis an dá ghné sin den scéal— go mór mór ag deireadh cumhachtach an dráma. Ní haon áibhéil a rá gur iomaí deoir a sileadh le linn óráid thruamhéalach Mhic Giolla Easbuic.
Chruthaigh Ní Dhoibhlinn go maith freisin agus is maith an tuar é don chomplacht agus d’aisteoireacht na Gaeilge trí chéile go bhfuil leithéidí na beirte seo i mbun na ceirde.
Bhí an caidreamh ar stáitse idir aisteoirí éagsúla an-mhaith, go mór mór idir Suzanne Uí Ghallchóir, i ról aintín Shaidhbh, agus Beirní Ní Dhuibhir, i ról na seanmháthar, agus idir an bheirt deartháireacha Cathal agus Seán Ó Gallchóir a bhí i ról uncail Shaidhbh agus Thomáisín Sheáin Rua, fear an chleamhnais.
Bhain an caidreamh achrannach idir an Gallchórach agus Ní Dhuibhir, agus na maslaí teasaí Gaelacha a bhí á mbabhtáil eatarthu ó thús deireadh, gáire go leor as an lucht féachana.
Comhartha sár-aistriúcháin is ea é nuair nach léir do na léitheoirí nó don lucht féachana nach i nGaeilge a scríobhadh an bundráma. Murach an cháil mhór atá ar shaothar John B Keane sa tír seo cheana féin, is beag duine a shílfeadh gur i mBéarla a scríobhadh an dráma a léiríodh in Amharclann Ghaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo.
D’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil sé éasca Gaeilge a chur ar Bhéarla Gaelach an Chathánaigh, ach ba léiriú ar chumas an aistritheora, Annie Chonaill nach maireann, gur éirigh léi Gaeilge nádúrtha Thír Chonaill, a chur ar Bhéarla Chiarraí. Ba mhór an mhaith freisin gur cainteoirí paiteanta Gaeilge a bhí sna haisteoirí.
Má tá cáineadh ar bith le déanamh ar an léiriú, is ar rudaí beaga fánacha ar furasta iad a réiteach a dhéanfaí é. Bhí an smideadh a cuireadh ar éadan ‘Thomáisín Sheáin Rua’ míshlachtmhar agus d’fhág cuma an chnámharlaigh air den chuid is mó den chéad ghníomh. Bhí deacracht leis na soilsí ann i lár an dráma a d’fhág na haisteoirí bochta ar an stáitse rófhada faoin solas mór agus a d’fhág nach bhféadfaí an seit a ghlanadh gan na cúntóirí stáitse a fheiceáil. Ní ghabhfadh ruainne beag ola ar shlabhraí na gcuirtíní san amharclann nuachóirithe amú ach an oiread. Ach is fánach sin mar cháineadh agus níor bhain na lochtanna beaga seo an oiread sin den léiriú trí chéile.
Is dóigh go mbeidh Aisteoirí Ghaoth Dobhair ag iarraidh an oiread úsáide agus is féidir a bhaint as an amharclann i ndiaidh di a bheith dúnta ar feadh deich mbliana, ach ba mhór an feall é gan an léiriú seo de Sadhbh a thabhairt ar camchuairt timpeall na tíre.
Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Léiriú cumhachtach de ‘Sadhbh’ in Amharclann athchóirithe Ghaoth Dobhair'