LÉIRMHEAS: Is léir go bhfuil an ghaoth ag imeacht as seolta The Crown

Cén mhaith a bheith ag féachaint ar dhrámaíocht staire mura bhfuil aon téagar staire ag baint léi?

LÉIRMHEAS: Is léir go bhfuil an ghaoth ag imeacht as seolta The Crown

An mó uair go bhfuil saothar scáileáin feicthe againn a mhaíonn go neamhbhalbh ag a thús gur ‘scéal fíor’ é. Gach rud ó bheathaisnéisí cosúil le My Left Foot (1989) go saothair pholaitiúla cosúil le Thirteen Days (2000). Le deich mbliana anuas tá an-sásamh bainte agam as saothair chumasacha amhail The Social Network (2010), Spotlight (2015) agus The Big Short (2015).

Tuigimid go bhfuil níos mó den fhírinne i saothair áirithe seachas a chéile agus go bhfuil cantam breá de phribhléid an fhile i saothair eile. Tá saothair áirithe macánta faoin gcasadh a bhaintear as fíricí agus iad ag maíomh go bhfuil an saothar ‘inspired by a true story’.

Saothar den saghas sin a bhí in The Crown ó thús; craiceann na drámaíochta curtha ar chnámha na staire. Comhráite, gach re sea agus amaidí an teaghlaigh ríoga fite fuaite le heachtraí agus pearsana staire eile.

Cuireadh an-suim san ábhar agus deineadh an míchruinneas a mhaitheamh. Bhí an aisteoireacht iontach mar mháithreacha leis an tsraith ó thús. Bhí Claire Foy thar bearta ar fad sa chéad dá shéasúr agus níorbh aon dóithín Matt Smith ach an oiread. Ansan bhí Olivia Colman agus Tobias Menzies againn mar aon le Gillian Anderson, Josh O’Connor agus Emma Corrin.

Ní haon iontas gur deineadh slad ag na gradaim Emmy anuraidh mar a dtug an saothar leis na duaiseanna aisteoireachta ar fad. De bharr feabhas an stiúrtha is slacht an léirithe, tréithe eile a bhí ann ón tús, thug sé leis chomh maith duaiseanna an stiúrthóra, an scríbhneora agus an ceann mór é féin, an gradam don tsraith drámaíochta ab fhearr.

Anois, áfach, meastar go bhfuiltear imithe rófhada amach ón gcairt. Ní feoil atá á cur ar chnámha na scéalta ach scéalta féin á gcumadh anois. Cén mhaith a bheith ag féachaint ar dhrámaíocht staire mura bhfuil aon téagar staire ag baint léi? Óir go bhfuil an saothar anois sleamhnaithe isteach sna nóchaidí tá daoine atá fós ar marthain, John Major mar shampla, le bunús na scéalta a cheistiú. Cad é ráitis caite amach le tamall gur cumadóireacht amach is amach atá i gcuid mhaith díobh. Lena cheart a thabhairt don saothar, áfach, is léir go mbeidh toise Diana bunaithe ar leabhar Andrew Morton, saothar a bhí bunaithe ar fhocail na mná í féin. Nílimid anseo ná ansiúd.

Bhraitheas go raibh na chéad trí ghála fadálach go maith. Ní bhfuaireas aon bhlas ar an bhfócas a bhí ar Philip sa dara gála agus ar Mhohamed Al-Fayed sa tríú gála. Is dóigh liom go bhfuil an saothar ag coimeád srian air féin agus tríd is tríd is dea-theist atáthar a thabhairt ar na carachtair; is cinnte ná tabharfar oiread de fríde de dhrochtheist ar William agus Harry.

Tá aisteoireacht den scoth againn arís le taispeántais bhreátha ó Imelda Staunton, Dominic West agus Jonathan Pryce. Cé nach bhfuil taispeántas Elizabeth Debicki gan a mhaitheasaí, níl a fhios agam an í an té is oiriúnaí don ról agus shleamhnaigh sí isteach san aithriseoireacht ar uairibh.

Is léir go bhfuil an ghaoth ag imeacht as seolta The Crown.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Is léir go bhfuil an ghaoth ag imeacht as seolta The Crown'