Is fada an An Béal Bocht aitheanta ar cheann de mhórshaothair na hÉireann, i nGaeilge nó i mBéarla.
Saothar scigmhagúil, aorúil a thugann fogha fíochmhar ach fogha ceanúil faoi ghluaiseacht na Gaeilge. É lán le háiféis, áibhéil, íoróin, gearradh agus leibhéil. Is cinnte, ahem, nach mbeidh a leithéid arís ann.
Tá ráitis ón leabhar neadaithe i gcultúr coiteann na Gaeilge ó shin. A leithéid seo:
‘Níl aon ní ar an domhan chomh deas ná chomh Gaelach le fíor-Ghaeil fíor-Ghaelacha a bhíonn ag caint fíor-Ghaeilge Gaelaí i dtaobh na Gaeilge fíor-Ghaelaí.’
Is ábhar iontais nár éirigh leis an saothar guailleáil isteach ar an scáileán beag roimhe seo. Gan amhras is dúshlán é cruinneshamhail aduain an leabhair a láimhseáil go físiúil ach is cuimhin liom go raibh leagan stáitse den leabhar le Darach Mac Con Iomaire in 2004 ar cheann de bhuaicphointí a thréimhse siúd sa Taibhdhearc.
In 2012 foilsíodh leagan cóirithe den leabhar i bhfoirm ghreannáin. Colmán Ó Raghallaigh a dhein an scríbhinn agus John McCloskey a mhaisigh go healaíonta é. ’Sé an fear céanna an ceann feadhna beochana ar an táirge seo agus tá íomhánna an tsaothair úd ina inspioráid don chlár beochana seo.
’Sé Tom Collins a chóirigh an scríbhinn agus a stiúraigh an saothar (TG4, Lá Nollag). Soláthraíonn sé, agus a chomhghleacaithe, léamh ealaíonta, aduain ar leabhar Bhriain Uí Nualláin. Íomhánna taibhsiúla á dtionlacan ag ceol nuachumtha ó Phól Brennan. ’Siad Seán Mistéal, Donncha Crowley, Tommy Tiernan, Bob Quinn, Pól Ó Gríofa, Mairéad Ní Ghallchóir agus Peadar Cox atá i mbun an ghuthaithe.
’Sé an Mistéalach a thugann faoi ról Bónapárt agus cuireann sé i láthair go beoga, ceolmhar é .
Déantar Corca Dorcha ‘an Ghaeltacht is iargúlta riamh’ a chur os ár gcomhair ag an tús agus léiriú tíriúil á dhéanamh ar bhreith an fhrithlaoich. Seo chugainn ansan An Seanduine liath lena ráitis agus a ghníomhartha aite, seoigh.
‘Má tá pingneacha ag titim, féach chuige gur id do phóca féin a thitid; ní raghair i bpeaca na sainte má tá an t-airgead go léir ar do sheilbh féin agat,’ a deir sé go seiftiúil, deisbhéalach.
Is léir gur iomaí polaiteoir, baincéir srl. a léigh saothar Myles na gCopaleen.
I radharc eile címid Bónapárt á chaitheamh ar fud an teallaigh agus á chlúdach le smúit agus salachar le go mbeadh ‘údair na dea-leabhair’ sásta leis an gcuma Ghaelach a bheadh air. Meabhraítear dúinn an fogha magúil, measúil atá á thabhairt faoi dhírbheathaisnéisí móra na Gaeilge; An tOileánach agus Mo Bhealach Féin, ach go háirithe.
Cuirtear abhaile orainn i rith an ama an chumhacht a bhaineann i gcónaí le scríbhneoireacht shnoite, chraicneach, sheanbhlastúil an Nuallánaigh.
Go deimhin d’fhéadfaí cuid dá shlaiseanna a chaitheamh le gluaiseacht na Gaeilge sa lá atá inniu. N’fheadar cad déarfadh sé fé ‘Bhliain na Gaeilge 2018’ a seoladh díreach roimh an Nollaig?
Smaoiním, go háirithe, ar an ruthag úd faoin nGaeilge/na Gaeil ag an bhfeis. Ar an drochuair b’éigean ceal ama (clár tuairim is leathuair an chloig atá anseo) cuid de sin a chaitheamh thar claí. ’Sí an tsrathair ama sin, agus an fáisceadh ar an ábhar bunaidh a lean, an t-aon ábhar díomá a bhaineann leis an saothar samhlaíoch, cliste, mealltach seo.
Tomas
car fagadh na ‘titimini circe’?