Cinnte, truaillím an timpeallacht. Dóitear breosla neamh-inbhuanaithe ar mo shon. Eitlím siar agus aniar (nó soir agus anoir i mo chás-sa) thar an Atlantach uair sa bhliain.
Ach níl carr agam le hocht mbliana anuas. Siúlaim nuair is féidir liom agus mura féidir, tógaim an bus. Ní sheasaim faoin gcith ar feadh leathuaire an chloig, múchaim an solas nuair a fhágaim an teach agus beirim liom mo mhála cadáis nuair a théim chuig an ollmhargadh, áit nach gceannaím nithe nach dteastaíonn uaim.
Cosúil le go leor daoine, déanaim ‘mo chuid féin’.
Ach is í fírinne shearbh an scéil nach n-athraíonn daoine a cheapann go bhfuil ‘a gcuid féin’ á dhéanamh acu sa troid i gcoinne athrú aeráide mórán. Sin a deir Naomi Klein, an gníomhaí sóisialta clúiteach as Ceanada, ina leabhar nua This Changes Everything (ar fhoilsigh The Guardian sliocht fada as le deireanas.
Daoine iad seo, dar le Klein, a bhfuil ‘leathshúil oscailte agus leathshúil dúnta acu’ maidir le hathrú aeráide. Tuigeann siad an fhadhb, déanann siad ‘a gcuid féin’, ach ní thugann siad dúshlán na gcóras eacnamaíochta agus eile is cúis le hathrú aeráide.
Tá mise ar dhuine de na daoine seo.
Ní thugaim dúshlán ‘na gcóras’ toisc go bhfeictear dom, agus dar liom go mbeadh go leor daoine ‘a bhfuil súil amháin oscailte agus súil amháin dúnta acu’ ar aon tuairim liom, nach mbíonn sé ar chumas an duine aonair ‘na córais’ a athrú.
Sin an fáth a dteastaíonn macasamhail Nelson Mandela sa troid i gcoinne athrú aeráide, a deir Naomi Klein.
Ach idir an dá linn, sula n-éireoidh leis na slánaitheoirí seo, cad is féidir le daoine a bhfuil leathshúil oscailte acu a dhéanamh? ‘Ár gcuid féin’, gan dabht, mar a dhéanaimid cheana. Ach is féidir linn iarracht a dhéanamh, freisin, tathaint ar dhaoine a bhfuil an dá shúil dúnta acu ceann acu a oscailt.
Sin atá á dhéanamh agam féin ó chuir Naomi Klein ar mo shúile dom go bhfuilim ar dhuine de na daoine seo nach bhfuil ach leathshúil oscailte acu; go bhfuilim ar dhuine de na daoine seo – ní Klein a deir é seo ach mise mé féin – a bheidh ciontach nuair a thiocfas an tuar faoin tairngreacht, toisc gur thuigeamar go rímhaith go raibh a leithéid ann agus athrú aeráide ach nach ndearnamar dóthain faoi.
Míním do dhaoine cén fáth a múchaim an solas, an teilifíseán, an sconna.
Míním dóibh cén fáth nach bhfuil carr agam.
Míním dóibh cén fáth nach nglacaim le málaí plaisteacha (faraor, tá cónaí orm i dtír nach bhfuil reachtaíocht i bhfeidhm inti a chuirfeadh srian lena n-úsáid.)
Déanaim mo sheacht ndícheall gan praeitseálaí a dhéanamh díom féin. Ach d’uireasa míle duine a bhfuil an dá shúil oscailte acu, nach fearr míle duine ar leathshúil ná míle duine dall?
Foilseofar an dara cuid sa tsraith seo amárach
Fág freagra ar 'Leathshúil dúnta: Mise agus an t-athrú aeráide (I)'