LÉAMHTHUISCINT: Tá sráid mo dhúchais san Úcráin in aice leis an líne thosaigh

Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Tá sráid mo dhúchais san Úcráin in aice leis an líne thosaigh

Yaroslav is ainm domsa agus rugadh mé i Donetsk i 1993. San áit sin a rugadh mo bheirt tuismitheoirí agus formhór mo sheantuismitheoirí.

Agus mise i mo pháiste cheap mé gurbh iontach an rud é go raibh mo theaghlach ar fad ina gcónaí ar an tsráid chéanna, ní raibh teach mo mhuintire ach trí nóiméad siúil ó theach mhuintir mo mháthar agus 10 nóiméad siúil an taobh eile ó mhuintir m’athar.

Bhí m’uncail ina chónaí béal dorais. Faraor níl an tsráid sin ach cúpla míle ó líne thosaigh an chogaidh anois, agus sin mar atá an scéal le hocht mbliana. Níor leag mise cos ar an tsráid sin ó 2014, tráth a ndearna mo thuismitheoirí agus a dtuismitheoirí sin an cinneadh fanacht san áit a raibh siad riamh.

Cathair ‘ait’ ab ea Donetsk taobh istigh den Úcráin. Ó bunaíodh an chathair in 1869, ní fada go raibh sí ar cheann de na cathracha ba mhó sa tír a bhuíochas don bhorradh iontach a bhí ar thionscal an ghuail (mianadóirí ab ea m’athair féin agus mo bheirt seanathar). Tháinig na sluaite as gach ceard d’Impireacht na Rúise agus ina dhiaidh sin as an Aontas Sóivéadach chun na cathrach ar thóir oibre.

Bhí de thoradh air sin gur Rúisis a labhraítí in  Donetsk i gcónaí mar gurbh í lingua franca na bpobal éagsúil a rinne cónaí sa chathair, cé gur canúint den Úcráinis a bhí á labhairt sna ceantair máguaird agus gur den chine Úcránach formhór na n-áitritheoirí.

(Is mó an difríocht atá idir an Rúisis agus an Úcráinis agus atá idir Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban ach is cosúla le chéile iad ná an Ísiltíris agus an Ghearmáinis. Go dtí gur tháinig an teanga chaighdeánach oifigiúil i réim, bhí canúintí an dá theanga fíorchosúil lena chéile agus is meascán 50/50 a fhaigheann tú thart ar theorainneacha an lae inniu.)

Nuair a chlis an tAontas Sóivéadach, daingean a bhí sa gcathair ag polaiteoirí a bhí i bhfabhar na Rúise. Tá an chathair gar don teorainn leis an Rúis agus is leis an tír sin a dhíoltar go leor den ghual agus táirgí tionsclaíochta eile na cathrach, díreach mar a rinneadh aimsir an APSS. Chomh maith leis sin, pobal an-mheasctha atá sa chathair seo, agus cé gur Úcránach mise den chuid is mó, as an Rúis a tháinig cuid mhaith de mo shinsir agus tá daoine muinteartha agam ansin chomh maith.

Ar fháil a neamhspleáchais don Úcráin, thosaigh sí ag lorg féiniúlacht náisiúnta di féin. Sampla de sin go ndearnadh an Úcráinis éigeantach d’oifigigh Rialtais agus in aon chomhfhreagras leis an Rialtas.

Buaileadh buillí troma ar an teanga faoi réimeas na Rúise, go háirithe le linn an ghorta mhóir idir 1932-1933 nuair a fuair go leor de lucht labhartha na hÚcráinise faoin tuath bás leis an ocras, agus toisc gur ardaigh stádas na Rúisise ina dhiaidh sin. B’fhearr go mór a dhéanfadh duine ina shlí bheatha leis an Rúisis, agus féachadh ar an Úcráinis mar theanga  sheanaimseartha na gcábóg.

D’fhág an drochmheas agus an t-ídiú sin go raibh Rúisiú déanta ar an gcuid is mó de na réigiúin i ndeisceart agus in oirthear na tíre (go háirithe na cathracha) faoin am ar bhain an Úcráin a neamhspleáchas amach i 1991. Gan dabht is maith a thuigeann na Gaeil an scéal seo…

Nuair a d’ionsaigh Putin an Úcráin ar dtús in 2014, deirtear go raibh sé ag súil le tacaíocht ollmhór ó phobal labhartha na Rúisise san oirthear agus sa deisceart. Ach ní hamhlaidh a tharla.

Déarfainn féin gur iomaí cúis a bhí leis sin ach is í an chúis is mó leis – d’ainneoin a chosúla atá an Rúis agus an Úcráin lena chéile tá difríocht mhór mhillteach idir cultúr polaitiúil an dá thír. Tráth a raibh an t-údarásaíochas ag dul i dtreise sa Rúis faoi cheannas Putin, bhí an Úcráin fós trína chéile ach saor. Is fíor go mbíonn cead ag náisiúnaithe radacacha léirsiú i gcathracha na hÚcráine, ach ba cheart cuimhneamh freisin go raibh cead níos mó agus níos mó paráidí bróid LGBT [Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach] a eagrú san Úcráin, roimh shrianta phaindéim an Covid-19 (paráidí atá faoi chosc sa Rúis).

Tá cosc ar Fhinnéithe Iehova sa Rúis agus an príosún i ndán dóibh, ceadaítear dá lán reiligiúin éagsúla dul ag scaipeadh a soiscéal san Úcráin. Tá cosc nó díbirt déanta anois sa Rúis ar na meáin neamhspleácha deiridh a bhí ann, ach san Úcráin riamh anall is mar fhreasúra a oibríonn formhór na gcainéal teilifíse beag beann ar cé atá ina Uachtarán.

Sa Rúis toghtar Putin le tromlach ollmhór ach is é Volodymyr Zelenskyy an séú huachtarán ar an Úcráin ó 1991.

Léiríonn sé sin ar fad nach cinneadh eitneach amháin a bhí san ionsaí seo, cinneadh polaitiúil a bhí ann freisin.

Léitheoir de chuid Tuairisc agus foghlaimeoir Gaeilge as an Úcráin é údar an ailt seo. Tá sé ina chónaí san Ísiltír ó 2014 ach tá a mhuintir ag cur fúthu san Úcráin go fóill

Gníomhaíocht 1: Triail Tuisceana:

  1. Scríobh dhá rud a d’fhoghlam tú ón alt seo faoi Yaroslav Kosak.
  2. Cad air a bhí eacnamaíocht cheantar Donetsk bunaithe?
  3. Conas gur tháinig an Rúisis chun cinn sa cheantar sin den Úcráin?
  4. Luaigh dhá rud a chuir dlús le cúlú na hÚcráinise sa cheantar?
  5. Cathain a d’ionsaigh an Rúis an Úcráin ar dtús?
  6. Deir an t-údar go bhfuil níos mó saoirse ag daoine ina thír féin ná sa Rúis. Luaigh sampla amháin den tsaoirse sin.
  7. ‘Is maith a thuigeann na Gaeil an scéal seo.’ Céard a cheapann tusa atá i gceist ag an údar leis sin?
  8. An bhfuil a fhios agat aon tír eile a dhéanann iarracht féiniúlacht a léiriú le teanga?
  9. Agus an cogadh seo i mbéal an phobail gach uile lá, scríobh dhá rud a d’fhoghlaim tusa faoin chúrsaí an tsaoil ó thosaigh sé.
  10. Tá go leor Úcránach in Éirinn. Ar mhaith leatsa an Úcráinis a fhoghlaim? Cén fáth?

Gníomhaíocht 2: Cum d’abairtí féin:

formhór mór, i bhfabhar, freasúra, drochmheas, údarásaíochas, tráth dá raibh, seanaimseartha.

Gníomhaíocht 3: An Tuiseal Ginideach:

  • Neamhspleáchas (an Úcráin)
  • Cainteoir (Úcráinis)
  • Muinitr (an chathair)
  • Iarmhairtí (an chogaíocht)
  • Drochbhail (na teifigh)
  • Ar thóir (tearmann is dídean)

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Tá sráid mo dhúchais san Úcráin in aice leis an líne thosaigh'

  • Leanne

    gníomhaíocht 3.