LÉAMHTHUISCINT: An t-athrú aeráide – ná bímis ag caitheamh i ndiaidh an tseansaoil

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: An t-athrú aeráide – ná bímis ag caitheamh i ndiaidh an tseansaoil

Agus imní ar go leor faoi théamh an domhain agus an lorg a bheidh aige sin ar an saol, údar dóchais atá ag an tráchtaire agus an scríbhneoir Anna Heussaff dúinn.

Seo liosta Anna de na buntáistí iomadúla a thiocfaidh leis an athrú saoil atá romhainn, má ghníomhaítear in am.

  • 1,300 duine gach bliain in Éirinn nach maróidh galair chroí is scamhóg de dheasca thruailliú an aeir ag peitreal, díosal, gual, móin agus leasú talún.
  • Billí fuinnimh tí is árasáin chomh híseal le cúpla céad euro sa bhliain. Is fíor go mbeidh aisíoc le déanamh ar dtús ar iasachtaí íseal-úis atá ar na bacáin don obair inslithe agus athfheistithe, ach beidh compord buan mar chuid den mhargadh.
  • Deis ag feirmeoirí agus ag scoileanna, clubanna spóirt agus hallaí pobail airgead a thuilleamh ón bhfuinneamh gréine a ghinfidh siad de bhreis ar a gcuid riachtanas féin, mar a tharlaíonn ina lán tíortha cheana féin.
  • Bia úr á cheannach againn gan stialla móra plaisteacha fillte air. Pé pacáistiú is gá déanta de tháirgí nua feamainne, glasraí, stáirse nó páipéir a lobhfaidh sa talamh, nó d’ábhair ar nós gloine agus alúmanaim a úsáidfear arís is arís eile.
  • An bruscar micreaplaisteach atá i ngach clais sna haigéin, i ngach log sléibhe agus sa chré ina bhfástar ár gcuid bia ag laghdú in áit a bheith ag méadú as cuimse. An chré ag teacht chuici féin ón síornimhiú ar fheithidí is ar phlandaí fiáine.
  • Crainn, fálta is sceacha dúchasacha á gcur go flúirseach i ngach cearn, ar eastáit tithíochta is tionsclaíochta, i bpóca-ghairdíní cathrach agus sna gairdíní tuaithe a fhágtar sciomartha lom inniu ar mhaithe le mórthithe gáifeacha a bheith ar taispeáint do na comharsana. Ceol na n-éan is áilleacht na ndathanna mar bhalsam intinne ar stró laethúil an tsaoil.
  • Seirbhís áitiúil bus ar chostas réasúnta idir gach sráidbhaile tuaithe agus baile mór mar atá i dtíortha ar nós na hEilvéise. Neamhspleáchas ag daltaí scoile is ag mic léinn seachas a dtuistí á síorthiomáint anonn is anall. Carr amháin ar a mhéid in ann freastal ar an ngnáth-theaghlach. Busanna samhraidh go dtí tránna is sléibhte, mar mhalairt ar thranglam tráchta an Domhnaigh. Cosc ar SUVanna toirtiúla mórthruaillithe atá ar an dara cúis is mó le méadú astaíochtaí ar fud an domhain le deich mbliana anuas.
  • Siúláin agus cosáin rothaíochta cois cladaigh, cois abhann, cois coille, cois portaigh, cois páirce ar fáil dúinn uile i bhfoisceacht deich nóiméad dár mbaile. Gan scuainí carranna lasmuigh de scoileanna na tíre maidin is iarnóin. Aclaíocht agus saoirse na hóige i réim i measc na bpáistí, iad amuigh ag imirt peile is scipeála gan imní a mbeatha ar a dtuismitheoirí.
  • Suaimhneas ag gabháil le cupán caife a ól ag cúinne sráide, gan callán dearg ó na feithiclí leictreacha ná hidrigine.
  • Athfhliuchadh ar réimsí móra portach agus riasc in Éirinn agus muid bródúil as an Amasóin bheag seo againn atá níos fearr fós ná foraoiseacha le carbóin a ionsú. Múiríní nua gan mhóin ar fáil do tháirgeoirí glasraí agus do gharraíodóirí.
  • An fiabhras turasóireachta a rinne plódú gránna ar cheantair sciamhacha an domhain maolaithe agus soláthar tithíochta a bhíodh ag freastal ar chuairteoirí ar fáil don phobal áitiúil. Deiseanna ann fós turas saoire a thabhairt i gcéin – ar bháid is ar thraenacha chomh maith le corrthuras eitleáin – ach deireadh leis an síorghiodam agus leis na fad-eitiltí is mó truailliú. Tobhach fíorard le híoc ag an 1% ‘sárthruaillitheoirí’ saibhre atá freagrach inniu as leath na n-astaíochtaí aerthaistil.
  • Nósanna nua táirgeachta agus siopadóireachta ann i leith éadaí, earraí leictreonacha agus bhréagáin na Nollag, a ghearrfaidh úsáid uisce is ceimiceán, sclábhaíocht ar phá íseal,astaíochtaí loingseoireachta agus an dramhaíl uafásach atá ag carnadh i  dtíortha bochta.

Gníomhaíocht 1: Triail Tuisceana

  • An dóigh leat féin go bhfuil an iomarca éadóchais ann faoi chúrsaí aeráide?
  • Cén tionchar a bhíonn ag astaíochtaí breoslaí iontaise ar shláinte an duine?
  • Conas a chuirfidh an córas nua teasa le compord an duine ina theach féin?
  • Conas a bheidh eagraíochtaí in ann airgead a shaothrú ar ghiniúint teasa?
  • Cén chaoi a bhfuil an chré á nimhiú?
  • Cén fáth go mbeidh saoirse níos mó ag daoine óga chun aclaíocht a dhéanamh?
  • Cén t-athrú mór ba mhaith leis an údar a fheiceáil ar phortaigh na tíre?
  • Arbh fhearr leatsa traenacha, busanna is báid a úsáid agus tú ag dul ar saoire?
  • An dóigh leat go mbeidh daoine sásta éirí as an rócheannach agus an róthomhaltas?
  • Tá Anna Heusaff ina ball de Chairde na Cruinne. Faigh amach faoin eagraíocht sin agus scríobh cuntas faoin obair a dhéanann siad.

Gníomhaíocht 2: Cum d’abairtí féin:

Aisíoc a dhéanamh, tranglam tráchta, múirín, truaillitheoir, callán dearg, balsam intinne, sciamhach.

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla den Tuiseal Ginideach sa chéad abairt
  • Faigh 2 ainm briathartha sa téacs
  • Ceantair (álainn)
  • Fadhbanna (truailliú)
  • Ag carnadh(dramhaíl)

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: An t-athrú aeráide – ná bímis ag caitheamh i ndiaidh an tseansaoil'