Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna tuisceana agus léirthuisceana
- Cén fáth ar deineadh an mhír seo?
- “Meileann muilte an Aontais Eorpaigh go mall.” Céard is brí leis an bhfrása sin?
- An féidir leat teacht ar sheanfhocal a bhfuil na focail sin ann. Féach ar teanglann.ie
- Cé mhéad ballstát atá san AE?
- Cén fáth a luaitear 2014?
- Céard é an rud cinniúnach a tharla ó shin?
- Cén fáth a bhfuil tábhacht le méadú an AE?
- Cé mhéad tír atá ag iarraidh ballraíocht san AE a bhaint amach.
- An féidir leat ainmneacha na dtíortha sin a scríobh síos.
- Luaigh ceann de na critéir atá le comhlíonadh.
- Dé ghnáth, cé chomh fada a thógann sé ar thír ballraíocht a bhaint amach?
Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh Léitheoireachta
- Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
- Úsáid an uirlis fuaime i teanglann.ie nó abair.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.
Gníomhaíocht 3 – Nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh
- Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs.
- Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
- Fadálach
- Cumhacht
- Idir an dá linn
- Ó shin
- Faoi láthair
- Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt scríofa.
- Próiseas
- Caimiléireacht
- A chinntiú
- Le comhlíonadh
- Is mian
- Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
Gníomhaíocht 4 – Bí ag scríobh agus ag caint
- Tá deich dtír ag iarraidh ballraíocht a bhaint amach.
- Déan taighde ar líne faoi thír amháin acu sin.
- Déan 5-7 bpointe a scríobh.
- Déan focail agus briathra nua a chuardach ar teanglann.ie agus www.focloir.ie.
- Ansin, léigh na pointí atá scríofa ag do pháirtí agus déanaigí iad a phlé. Aon aontaíonn tú leis/léi?
Gníomhaíocht 5 – Nasc ábhartha eile
- Seo nasc chuig suíomh idirlín Eorpach ina bhfuil mír fuaime agus alt faoi mhéadú an Aontais.
- Éist agus léigh an t-ábhar agus déan iad a phlé le do pháirtí.
Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Méadú? Meileann muilte an Aontais Eorpaigh go mall…'