LÉAMHTHUISCINT: Imreoir sacair iompaithe ar an nGaeilge chun buíochas a ghabháil le lucht leanta na hÉireann

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Imreoir sacair iompaithe ar an nGaeilge chun buíochas a ghabháil le lucht leanta na hÉireann

Ar an nGaeilge a d’iompaigh duine d’imreoirí sacair na hÉireann chun a bhród a léiriú tar éis dó a chéad chluiche os comhair slua a imirt d’fhoireann shinsir na tíre i mBaile Átha Cliath.

An 7 Meán Fómhair 2021, bhí Andrew Omobamidele ar fhoireann na hÉireann a chríochnaigh ar comhscór, 1-1, leis an tSeirbia i gcluiche cáilithe do Chorn an Domhain 2022 i gCatar.

Ba é sin an dara cluiche ag Omobamidele, atá 19, ag imirt le foireann na hÉireann agus ba léir gur bhain sé taitneamh as an ócáid agus 25,415 duine i láthair i Staid Aviva den chéad uair ó scaoileadh cuid de na srianta dianghlasála.

“What a feeling playing in front of the fans for the first time, is breá liom an tír seo,” a dúirt Omobamidele ina theachtaireacht ar na meáin shóisialta.

Imríonn Omobamidele, arb as Léim an Bhradáin i gCill Dara dó, do Norwich City. Fuair sé moladh mór as na taispeántais a thug sé ag deireadh an tséasúir seo caite nuair a bhain an fhoireann ardú céime amach go dtí Príomhroinn Shasana agus meastar nach fada go n-imreoidh sé a chéad chluiche sa Phríomhroinn.

Bhí an t-ógánach ar dhuine de na himreoirí is fearr ag Éirinn sa chluiche in aghaidh na Seirbia agus an fhoireann i mbun cosanta d’fhormhór na himeartha. Roghnaíodh an cúl báire Gavin Bazunu, atá ar comhaois le Omobamidele, mar laoch na himeartha agus na Seirbiaigh curtha ó dhoras aige arís agus arís eile. D’éirigh le hÉirinn an comhscór a fháil a bhuí le cúl tuathail ó Nikola Milenkovic tar éis 85 nóiméad.

D’fhág comhscór an chluiche sin Éire sa cheathrú háit i nGrúpa A. Níor éirigh le foireann na hÉireann aon cheann dá gcúig chluiche go dtí sin sa chomórtas a bhuachan. Chinntigh an comhscór sin in aghaidh na Seirbia nach mbainfeadh Éire áit amach ag Corn an Domhain an bhliain seo chugainn, ach beidh a bhfuil i ndán don bhainisteoir Stephen Kenny ag brath go mór ar chaighdeán na himeartha uathu sna cluichí atá fágtha acu, cluichí a imreofar i mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna.

Gníomhaíocht 1: Triail Tuisceana

  1. Scríobh dhá mhír eolas beathaisnéise a insítear dúinn faoi Andrew Omobamidele.
  2. Cé a fuair gradam laoch na himeartha?
  3. Ócáid stairiúil a bhí sa gcluiche sin i Staid Aviva in 2021. Cén fáth?
  4. Céard a dúirt Omobamidele faoina thír dhúchais?
  5. Scríobh síos dhá phíosa eolais faoi chumann sacair Norwich City.
  6. Conas gur éirigh le hÉirinn comhscór a fháil sa chluiche?
  7. Cá mbeidh Corn an Domhain sa sacar á imirt?
  8. Meas tú cén fáth go bhfuil an colúnaí ag caint faoi thodhchaí Stephen Kenny?
  9. An dóigh leatsa go bhfuil muintir na hÉireann bródúil as ár bhfoireann sacair? Mínigh so fhreagra.
  10. “Is breá liom an tír seo,” a d’fhógair fear óg Chill Dara. An ndéarfá-sa an rud céanna? Scríobh alt gearr ar an gcúis gur breá leat nó nach breá leat an tír seo.

Gníomhaíocht 2: Cum d’abairtí féin:

a bhfuil i ndán dom, ar comhscór, ardú céime, cúl tuathail, is cúis bhróid dom, os comhair an tsaoil

Gníomhaíocht 3: An Tuiseal Ginideach

  • Bainisteoir [an fhoireann náisiúnta]
  • Foireann náisiúnta [an tSeirbia]
  • Scoth [an imirt]
  • Bhí siad go maith ach bhí an tSeirbia níos [maith]
  • Le linn [an dianghlasáil]

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Imreoir sacair iompaithe ar an nGaeilge chun buíochas a ghabháil le lucht leanta na hÉireann'