LÉAMHTHUISCINT: Duine de mhórfhilí na hÉireann

Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Duine de mhórfhilí na hÉireann

Inné an 16 Deireadh Fómhair 2021 bhásaigh duine de mhórfhilí na tíre seo, Máire Mhac an tSaoi,

Bhí Máire, a rugadh i mBaile Átha Cliath ar an 4 Aibreán 1922, ar dhuine de cheannródaithe fhilíocht na Gaeilge sa 20ú haois agus tá a cnuasaigh filíochta Margadh na Saoire (1956) agus Codladh an Ghaiscigh (1973) áirithe mar mhórshaothair de chuid litríocht na Gaeilge agus litríocht na hÉireann.

Ceannródaí ab ea í i réimsí eile den saol chomh maith agus ba í an chéad bhean in Éirinn ar glacadh léi mar abhcóide agus rinne sí obair mhór mar thaidhleoir idir 1947-1962 i mBaile Átha Cliath, sa Spáinn, sa Fhrainc agus leis na Náisiúin Aontaithe. Iníon ab ea í le Séan MacEntee, iarThánaiste agus duine de bhunaitheoirí Fhianna Fáil.

Bhí sí pósta le Conor Cruise O’Brien, an polaiteoir agus an scríbhneoir aitheanta agus iar-aire rialtais a bhásaigh in 2008.

Ceithre chnuasach filíochta a d’fhoilsigh sí chomh maith le haistriúcháin ar dhánta de chuid Rilke, obair scolártha, an dírbheathaisnéis The Same Age as the State agus na saothair phróis Scéal Ghearóid Iarla agus Cérbh í Meg Russell?.

Foilsíodh rogha dánta léi, curtha in eagar ag Louis de Paor, The Miraculous Parish/An Paróiste Míorúilteach in 2011.

Rinneadh an scannán Deargdhúil: Anatomy of Passion faoina saothar chomh maith.

Bhí ceangal mór aici le Gaeltacht Chorca Dhuibhne, mar a mbíodh sí ar saoire ina hóige, sa teach ar a dtugtaí Tigh na Cille i nDún Chaoin. Ba lena huncail, an Moinsíneoir Pádraig de Brún, file agus scoláire aitheanta, an teach sin ón mbliain 1920.

“Fuair Máire bás suaimhneach ag tráthnóna Dé Sathairn ag baile, mar a raibh a hiníon Margaret ag tabhairt aire di. B’iontach an saol a chaith sí ag am iontach i measc daoine iontacha,” a dúirt a clann agus iad ag fógairt a báis.

Is mar fhile is mó a bheidh cuimhne ag muintir na hÉireann ar Mháire Mhac an tSaoi, agus tá dánta dá cuid aitheanta mar mhórdhánta i gcanóin na nuafhilíochta le fada an lá. Níl amhras orm ach go mbeidh athléamh agus athmhachnamh á ndéanamh go fóill ar a hionad i scéal na nualitríochta agus go gcuirfear clocha breise de réir a chéile le carn na critice liteartha ina taobh.

Mar fhile, bhris sí talamh nua nuair a d’fhoilsigh sí dán i lár na 1950idí ina bpléitear mianta collaí mná óige agus í sáinnithe i gcaidreamh míshásúil. Níl aon fhile Éireannach a phléigh aimpléisí an mháithreachais mar a rinne sise, agus tá a cuid dánta faoin ngaol agus faoin teannas idir na glúnta ar mhórdhánta na Gaeilge faoi chúrsaí teaghlaigh.

Gníomhaíocht 1: Triail Tuisceana

  1. Cén aois a bhí an file mór le rá nuair a bhásaigh sí?
  2. Cén fáth is mó a bhfuil cáil mhór ar Mháire Mhac an tSaoi?
  3. Cén t-éacht a rinne sí ó thaobh cúrsaí dlí?
  4. Céard a dhéanann taidhleoir?
  5. Bhí neart taithí ag Máire ar shaol na polaitíochta. Conas?
  6. Bhí an-eolas agus an-ghean ag Máire ar Dhún Chaoin. Conas a chuir sí eolas ar an nGaeltacht sin?
  7. Phléigh an file aitheanta seo ábhair ina cuid filíochta nár pléadh go minic. Céard iad sin?
  8. The Same Age as the State an teideal a thug sí ar a díbheathaisnéis. Cén dá eachtra is spéisiúla a chonaic sí ina saol, dar leatsa?
  9. Ar léigh tú féin aon dán le Máire Mhac an tSaoi? Cad a déarfá faoi? Murar léigh tú aon dán léi cuardaigh a saothar agus tabhair do thuairim faoi.
  10. Bean chliste neamhspleách ab ea an file. An dóigh leat go bhfuil sin fíor óna bhfuil san alt?

Gníomhaíocht 2: Cum d’abairtí féin:

Dírbheathaisnéis, duine aitheanta, talamh nua a bhriseadh, athmhachnamh, ceannródaí, cloch ar charn.

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí

  • Aimsigh comhfhocal sa chéad alt
  • Aimsigh aidiacht sa sliocht
  • An bhfuil aon bhriathar saor san alt?
  • Post (taidhleoireacht)
  • Cnuasach (dátheangach filíocht)

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Duine de mhórfhilí na hÉireann'