LÉAMHTHUISCINT: Daoine óga á mí-úsáid ag coirpigh is paraimíleataigh

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Daoine óga á mí-úsáid ag coirpigh is paraimíleataigh

Tá teachtaireacht lom tugtha do Stormont ag Coimisinéir na nÓg: “Níl dóthain á dhéanamh chun páistí agus daoine óga a chosaint ó mhí-úsáid na bparaimíleatach agus na gcoirpeach”.

Faillí agus sárú ar chearta an pháiste is ea córas cosanta atá easnamhach. Músclaíonn sé ceisteanna faoi phóilíneacht, feidhmiú an dlí, sláinte is leas sóisialach agus deiseanna oideachais is eacnamaíochta.

Tá a fhios ag an saol go mbaineann coirpigh ar nós mangairí drugaí mí-úsáid as páistí i gceantair bhochta chun a gcuid earraí lofa a dháileadh nó teachtaireachtaí imeaglaithe a iompar. Paraimíleataigh iad cuid de na dronga sin. Tá a fhios freisin go ngríosaíonn paraimíleataigh daoine óga chun círéibe; rinne easaontóirí poblachtacha é i nDoire cúpla samhradh ó shin agus rinne dílseoirí é i mBéal Feirste i mbliana. Is é a thoradh sin go minic go mbíonn taifead coiriúil ag daoine óga gur beag seans a bheidh acu a theacht slán uaidh.

Deir Koulla Yiasouma, Coimisinéir Thuaisceart Éireann um Leanaí agus Daoine Óga, gurb é sin an chuid is lú den scéal. Sa tuarascáil is déanaí, dúirt sí go raibh tionchar tromchúiseach ag an dúshaothrú a dhéanann daoine a ghlaonn paraimíleataigh orthu féin agus dronga coirpeach ar an óige. Deir sí gur annamh a chloistear faoin réimse fairsing dochair a dhéantar do pháistí agus daoine óga sa ghnáthshaol laethúil.

Ina liosta den drochíde a thugtar don óige bhí bagairt go marófaí iad mura bhfágfadh siad ceantar, nó mura ngéillfeadh siad ‘d’iarratais’ áirithe. Bíonn a sábháilteacht i mbaol freisin de bharr fiacha drugaí nó brú chun drugaí a dháileadh agus a sheachadadh. Cuirtear iallach orthu imeaglú a dhéanamh ar dhaoine eile nó dochar a dhéanamh dóibh. Chomh maith le léirsiú agus círéibeacha, déanann paraimíleataigh nó dronga coirpeach earcaíocht orthu – faoi éigean.

Tá dualgas ar na húdaráis faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Pháiste féachaint chuige go bhfuil an córas ábalta an óige a chosaint ó mhí-úsáid agus díobháil. Mhol an Coimisinéir cuid den obair chosanta a dhéantar, ról na n-eagraíochtaí pobail agus deonacha, an tÚdarás Oideachais agus an PSNI.

Cheistigh sí, áfach, cé chomh héifeachtach is atá an chreatlach chosanta dóibh sin a thiteann faoi ansmacht na gcoirpeach. Ba cheart don Roinn Sláinte agus don Roinn Cirt gníomhú chun tuiscint níos fearr a chothú ar an bhfadhb, tacaíocht a sholáthar do theaghlaigh, cosaint a chur ar fáil go gasta agus a chinntiú go bhfiosrófar lucht na mí-úsáide, go gcúiseofar agus más ceart, go gciontófar iad.

Níl figiúr ar bith ar fáil don líon páistí a bhfuil coirpigh, paraimíleataigh san áireamh, ag déanamh imeaglú agus dúshaothrú orthu. Ní nach ionadh tá sé deacair eolas a fháil de bharr an imeaglaithe. Is minic go mbíonn sé rómhall agus an duine óg leonta, á dhíbirt nó a mheabhairshláinte loite ag drugaí, scéin nó an dá rud.

Ní ribín réidh é do Stormont ach caithfear gníomhú ar mhaithe leis an tsochaí go léir.

Gníomhaíocht 1: Triail Tuisceana

  1. Cén fhainic a chuir Coimisinéir na Leanaí as fheidhmeannas Stormont?
  2. Cén dualgas atá ar an stát ó thaobh leanaí?
  3. Conas atá cearta leanaí á sárú sa Tuaisceart, dar leis an gCoimisinéir?
  4. An mbeifeá ábalta smaoineamh ar chúig cheart atá ag gach páiste?
  5. Aimsigh trí rud mídhleathach a chuireann coirpigh is paraimíleataigh iallach ar dhaoine óg a dhéanamh?
  6. Cén fáth go mbeadh eagla ar na daoine óga diúltú do na ‘hiarratais’ sin?
  7. Céard ba chóir do na Ranna Sláinte agus Cirt a dhéanamh faoin bhfulaingt seo?
  8. Cén tionchar a bhíonn ag an mí-úsáid agus an bhulaíocht seo ar an duine óg?
  9. An dóigh leatsa go dtarlaíonn a leithéid do dhaoine óga i do chontae féin? An dóigh leat go n-iarrtar cabhair ar na húdaráis?
  10. Cum mana a chuirfeadh fainic ar dhaoine óga dronga a sheachaint.

Gníomhaíocht 2: Cum d’abairtí féin:

sárú ar chearta, tá a fhios ag an saol, dúshaothrú, is annamh, ní nach ionadh,

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí

  • Ceannairí [an drong]
  • Buíonta [sceimhlitheoireacht]
  • Faigh sampla de bhriathar san aimsir láithreach san alt
  • Aimsigh ainmfhocal a bhfuil urú air san alt
  • Faigh sampla den bhriathar saor aimsir fháistineach san alt

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Daoine óga á mí-úsáid ag coirpigh is paraimíleataigh'