Tá sé deimhnithe ag Údarás na Gaeltachta agus ag Roinn na Gaeltachta go gcuirfear maoiniú suas le €50,000 ar fáil don chúrsa seachtaine ‘Aistear na nGael’ i mbliana.
Reáchtáladh ‘Aistear na nGael’ den chéad uair in 2023 nuair a thaistil déagóirí ó cheantair Ghaeltachta fud fad na hÉireann go Corca Dhuibhne le seachtain a chaitheamh le chéile i mbun imeachtaí spóirt agus cultúir.
Déanfar cinneadh faoi cá reáchtálfar ‘Aistear na nGael’ i mbliana bunaithe ar an toradh a bhí ar chomórtas inar tugadh deis d’eagraíochtaí iarratas a dhéanamh ar reáchtáil an chúrsa.
Ba é Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne a bhunaigh Aistear na nGael in iarracht daoine óga as an nGaeltacht a mhealladh le roinnt ama a chaitheamh le chéile i “suíomh spraíúil Gaeltachta a thagann le heispéireas na gcoláistí samhraidh”. Ghlac os cionn 30 duine óg as gach cearn den Ghaeltacht páirt sa chúrsa a bhí ar siúl i mí Lúnasa 2023.
Fanfaidh rannpháirtithe le mná tí dála na scoláirí a thagann chun na Gaeltachta sa samhradh agus déanfaidh siad campáil, siúl sléibhe, turas báid, ióga, Zumba, peil agus tuilleadh nach iad. Tá an cúrsa dírithe ar chainteoirí líofa Gaeilge a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht oifigiúil agus atá idir 14-18 mbliana d’aois.
Is iad aidhmeanna an chúrsa ná “gréasán sóisialta” a chruthú do dhéagóirí Gaeltachta agus deis a thabhairt dóibh aithne agus eolas a chur ar a chéile, ar chanúintí a chéile, agus ar na cosúlachtaí agus éagsúlachtaí atá idir na ceantair Ghaeltachta ar mhaithe le “féiniúlacht Ghaeltachta” agus mórtas teanga, áite agus pobail a chothú.
Tá súil ag an Roinn agus ag an Údarás cumas agus saibhreas teanga na ndéagóirí a fhorbairt tríd an scéim agus “eispéireas agus siamsaíocht thaitneamhach a chur ar fáil faoi mar a dhéantar i gcoláistí samhraidh na Gaeltachta”. Murab ionann agus na coláistí samhradh, a bhfreastalaíonn daltaí meánscoile orthu sa samhradh, ní bhíonn ranganna foirmiúla teanga i gceist.
Cuirfear lóistín agus béilí ar fáil do na déagóirí agus is iad mná tí na Gaeltachta a bhfuil aitheantas oifigiúil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge Roinn na Gaeltachta a chuirfidh ar fáil iad.
Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna tuisceana agus léirthuisceana
- Cé a chuirfidh an maoiniú ar fáil leis an gcúrsa ‘Aistear na nGael’ a reáchtáil i mbliana?
- Cá raibh an cúrsa ar siúl nuair a reáchtáladh den chéad uair é?
- Meas tú céard atá i gceist le ‘eispéireas na gcoláistí samhraidh’?
- Cé na himeachtaí a dhéanfaidh na déagóirí agus iad i mbun an chúrsa?
- Céard iad aidhmeanna an chúrsa?
- Cén difríocht mhór atá ann idir ‘Aistear na nGael’ agus na coláistí samhraidh?
- Cá bhfanfaidh rannpháirtithe an chúrsa?
- Cá mbeidh an cúrsa á reáchtáil i mbliana?
- Céard is brí leis an bhfrása ‘gach cearn den Ghaeltacht’?
- Cé orthu a bhfuil ‘Aistear na nGael’ dírithe?
Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh Léitheoireachta
- Léigh an chéad alt os ard don duine atá in aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
- Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie nó abair.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.
Gníomhaíocht 3 – Nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh
- Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs.
Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt ó bhéal leis an duine atá in aice leat:
- Reáchtálfar
- A mhealladh
- Gréasán sóisialta
- Mórtas
- Dírithe
Déan iarracht na cinn seo chur in abairt scríofa:
- Rannpháirtithe
- Cosúlachtaí
- Murab ionann
- Deimhnithe
- Cumas
Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
Gníomhaíocht 4 – Bí ag scríobh agus ag caint
Cé na buntáistí a bhaineann lena leithéid de chúrsa, dar leat?
- Scríobh 5-7 bpointe
- Cuardaigh focail agus briathra nua ar teanglann.ie agus focloir.ie
- Ansin, léigh na pointí atá scríofa ag do pháirtí agus pléigh léi/leis iad. An aontaíonn tú léi/leis?
Gníomhaíocht 5 – Nasc ábhartha eile
Seo nasc chuig tuairisc a rinne Nuacht TG4 faoi ‘Aistear na nGael’
Breathnaigh ar an bhfíseán agus pléigh le do pháirtí é.
Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: ‘Aistear na nGael’ – cúrsa do dhéagóirí Gaeltachta le reáchtáil arís'