LÉAMHTHUISCINT: 20 bliain ar aghaidh, d’fhéadfá a rá gurb iad an Taliban a bhuaigh an ‘War on Terror’

Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: 20 bliain ar aghaidh, d’fhéadfá a rá gurb iad an Taliban a bhuaigh an ‘War on Terror’

Is ceart comóradh a dhéanamh ar na daoine a maraíodh in ionsaithe 9/11 sna Stáit Aontaithe, ach is ceart freisin breathnú ar an damáiste a rinneadh ar fud na cruinne i ndiaidh an uafáis sin.

An 11 Meán Fómhair 2001, chaill daoine clann, cairde agus comharsana san ionsaí scanrúil ar an dá thúr i Nua-Eabhrac agus an Pentagon i Virginia agus ní haon ionadh gur briseadh a gcroí.

Ach ní hin an t-aon toradh a bhí ar an lá sin, bhí tionchar aige ar shaol na polaitíochta sar fud an domhain. Tá muid anois ag breathnú ar thitim na hAfganastáine agus ar an Taliban ar ais i gcumhacht san Afganastáin.

Mar chuid den chomóradh ar 9/11, is gá breathnú siar ar an méid a tharla le fiche bliain anuas. Céard a bhí ar siúl ar feadh fiche bliain san Afganastáin? Céard a bhí ar siúl againn agus sinn i mbun na troda móire in aghaidh na sceimhlitheoireachta, cogadh ar cuireadh tús leis nuair a d’fhógair George W. Bush ‘The War on Terror’ sna laethanta tar éis 9/11.

Sa chéad áit, céard a baineadh amach sa chogadh sin nuair a fheicimid an Taliban i réim arís? D’fhéadfadh an Taliban féin a rá gurb iadsan a bhuaigh an cogadh sin mar go bhfuil siad ar ais i gcumhacht san Afganastáin.

Sa dara háit, feiceann muid an fhaillí a rinneadh i gcearta agus an mhí-úsáid a baineadh as an eachtra sna dlíthe éigeandála a cuireadh i bhfeidhm i dtíortha ar fud an domhain.

Agus muid ag breathnú ar an Taliban ar ais i gcumhacht, is fiú a rá go bhfuil a lorg le feiceáil cheana féin. I gcás na mban, tá siad gan cearta sa chóras polaitiúil agus sa chóras dlí nua atá á gcur i bhfeidhm. Níl mná le feiceáil ar na sráideanna a thuilleadh agus chonaic muid an tseachtain seo gur úsáideadh an lámh láidir i gcoinne lucht agóide a d’éiligh cearta do mhná na hAfganastáine.

Chonaic muid an tseachtain seo chomh maith liosta na ndaoine a bheas i mbun an rialtais nua agus gan aon bhean ina measc. Tá sé suntasach go bhfuil ainmneacha cuid mhaith de na daoine a bheas i gcumhacht san Afganastáin ar liosta sceimhlitheoirí na Náisiún Aontaithe.

Léiriú is ea é, faraor, nach bhfuil mórán athraithe i gcás an Taliban le 20 bliain anuas.

Tá mé féin agus mo chomhghleacaithe sna Náisiúin Aontaithe ar aon intinn faoin méid seo: ná héist leis an méid a deir an Taliban, breathnaigh ar an méid atá á dhéanamh acu.

Rialtas féaráilte, oscailte agus daonlathach atá uainn don Afganastáin, rialtas a bhfuil baint ag muintir na tíre uilig leis.

I measc na n-éagóracha a rinneadh in ainm 9/11, tá na céadta fear a gabhadh agus a seoladh chuig Guantanamo Bay i gCúba.

Tá 39 duine fós á gcoinneáil in Guantanamo, gan cearta acu agus gan fáil acu ar phróiseas dlí cothrom, cuid acu nár cuireadh aon choir ina leith riamh.

Tá aithne ag beagnach chuile dhuine ar dhuine éigin nó ar theaghlach nó cara éigin a chaill duine ar an lá sin, an 11 Meán Fómhair 2001. Cailleadh duine de na chéad mhic léinn a bhí agam féin, fear óg a bhí sa rang agam agus mé i mo léachtóir óg in Ollscoil Columbia.

Is ceart comóradh a dhéanamh ar na daoine a maraíodh san eachtra ach is ceart freisin breathnú ar an lorg a d’fhág an scéal orainn go léir agus ar an damáiste a rinneadh ar fud an domhain.

Ón uair a chuaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá chun cogaidh 20 bliain ó sin, tá muid uilig ag déileáil leis dochar a rinneadh.

San Éigipt, sa Fhrainc, sa Bhreatain, tá úsáid á baint as dlíthe éigeandála mar chuid den chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta. Thug 9/11 cead do thíortha timpeall an domhain dlíthe agus córais dlí a chur i bhfeidhm nár ceadaíodh riamh cheana. Tharla sin le cabhair agus tacaíocht ó na Stáit Aontaithe agus ó na Náisiúin Aontaithe chomh maith.

Sin an brú atá orainn mar dhlíodóirí agus mar dhaoine atá ag iarraidh cearta an duine a chosaint. Caithfear na dlíthe agus na córais éigeandála a cuireadh i bhfeidhm i ndiaidh 9/11 agus a thagann salach ar chearta daonna a aithint agus a chur ar ceal.

Gníomhaíocht 1: Triail Tuisceana

  1. Céard a bhíonn á chomóradh ar an 11 Meán Fómhair?
  2. Bhí aithne ag an údar ar dhuine a maraíodh ar 9/11. Conas?
  3. Conas go raibh tionchar ag 9/11 ar an Afganastáin?
  4. Céard a bhí i gceist leis an ‘cogadh ina aghaidh na sceimhlitheoireachta’?
  5. Deirtear san alt go ndearnadh ‘faillí’ i leith chearta an duine. Conas a tharla sin agus cén sampla a thugann sí san alt?
  6. Tá imní ar an údar faoi mhná na hAfganastáine. Cén fáth?
  7. Luann an t-údar tíortha a thug dlíthe éigeandála isteach tar éis na n-ionsaithe. Céard iad na tíortha sin?
  8. Cén dualgas atá ar dhlíodóirí, dar leis an údar, dlíodóir í féin.
  9. An dóigh leat go mbíonn cead ag Rialtas dlíthe a chur i bhfeidhm i gcás éigeandála nach nglacfaí leo de ghnáth? Mínigh.
  10. Cén sórt eagraíochta í ‘Na Náisiúin Aontaithe’? An bhfuil aon bhaint ag an tír seo léi?  

Gníomhaíocht 2: Cum d’abairtí féin:

i gcás éigeandála, ar fud na cruinne, cearta an duine, cuir i bhfeidhm, in aghaidh na sceimhlitheoireachta, cothrom na Féinne

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí

  • Aimsigh briathar saor san aimsir chaite sa chéad alt
  • Saol [an pholaitíocht]
  • I lár [an éigeandáil]
  • Faigh ainm briathartha sa sliocht
  • Is beag cearta a bhí ag mná ach tá níos [beag] anois acu
  • Tá an tír níos [bocht] anois

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: 20 bliain ar aghaidh, d’fhéadfá a rá gurb iad an Taliban a bhuaigh an ‘War on Terror’'