Léamh leamh ar fhíorscéal i scannán a théann ar bóiléagar sa chéad radharc

Coinneoidh ‘The Red Sea Diving Resort’ d’aird go pointe ach ag a dheireadh is ar na deiseanna go léir nár tapaíodh a bheidh tú ag cuimhneamh

Léamh leamh ar fhíorscéal i scannán a théann ar bóiléagar sa chéad radharc

The Red Sea Diving Resort

Stiúrthóir: Gideon Raff

Cliar: Chris Evans, Michael K Williams, Haley Bennett, Michiel Huisman, Greg Kinnear, Ben Kingsley

Tosnaíonn an scannán seo ag imeacht ar bóiléagar sa chéad radharc. An laoch bán ag teacht i gcabhair go gaisciúil ar an leanbh dubh díreach sara ndéanann an bithiúnach dubh é a lámhach. Cé go bhfuil an saothar seo bunaithe ar fhíorscéal, is léamh leamh, simplíoch agus aontoiseach a dhéantar ar an eachtraíocht agus an éigeandáil a spreag í agus ar chomhthéacs casta polaitiúil na linne. Go minic fágtar sinn i dtaobh le seanchiútaí nach mbeadh as áit i scannáin aicsin na n-ochtóidí.

Is é Ari Levinson (Evans) an laoch bán úd agus is duine de Ghiúdaigh na hAetóipe é an leanbh dubh a dhéanann sé a tharrtháil. Tá Levinson ina bhall de Mossad agus táid tagtha an dúthaigh i 1979 le teacht i gcabhair ar an bpobal Giúdach ansin atá faoi léigear i rith chogadh cathartha na tíre. Déanann siad aistear fada, achrannach thar chnoc agus abhainn go campa teifeach sa tSúdáin. Tugtar le fios dúinn níos déanaí gur aistear ón tine chun na gríosaí atá déanta acu óir go bhfuil an tSúdáin í féin naimhdeach do Ghiúdaigh agus ar tí pléascadh.

Ábhar mór díomá dom ó thús deireadh an scannáin a laghad cíoradh a dhéantar ar an gcomhthéacs polaitiúil sa dá thír. I radharc amháin, mar shampla, insítear dúinn go bhfuil cairéal airgid á dhéanamh ag rialtas na Súdáine as na teifigh mar go bhfuil liúntas in aghaidh an teifigh á fháil aici ó na Náisiún Aontaithe. Ag an am céanna, áfach, cuirtear abhaile orainn go bhfuil an tSúdáin chomh holc nó níos measa ná an tír a d’fhágadar.

Mar gheall air sin, tagann Levinson ar sheift leis na teifigh a thabhairt go hIosrael. Déanann Mossad óstán an teidil a thógaint ar léas ar bhruach na Mara Rua. Déantar na teifigh a iompar ar thrucail chuig an áit agus ansin déanann cabhlach Iosrael iad a iompar leo. Ba cheart go mbeadh eachtraíocht agus teannas ag baint leis na ruathair sin ach níl. Cuimhnigh ar an teannas a bhain le Argo (2012); saothar nach raibh an t-amhábhar céanna aige.

Is meitheal d’éin chorra atá bailithe le chéile ag Levinson agus tá cuid mhaith den scannán bunaithe ar an gcaidreamh eatarthu; ach níl aon téagar in aon charachtar acu.

Bíonn ar an meitheal glacadh le turasóirí san óstán le cuma na fírinne a chur ar chúrsaí. Fágann sin go bhfuil gníomhairí oilte dainséaracha Mossad ag cóiriú leapacha, ag réiteach béilí agus ag eagrú gníomhaíochtaí do na cuairteoirí. D’fhéadfadh ábhar grinn a bheith anseo agus arís eile ligtear deis iontach le sruth.

Lena chois sin ar fad ní dhéantar aon léiriú in aon chor ar na teifigh iad féin, fiú Kabede (Williams), carachtar atá lárnach sa scéal agus a mbeadh scéal le hinsint aige.

Coinneoidh an saothar seo d’aird ach ag a dheireadh is ar na deiseanna go léir nár tapaíodh a bheidh tú ag cuimhneamh.

Fág freagra ar 'Léamh leamh ar fhíorscéal i scannán a théann ar bóiléagar sa chéad radharc'